Gaillimh fós san iomaíocht agus seans i gcónaí go mbeidh Oireachtas 2020 i gCathair na dTreabh

Tá sé fógartha tráthnóna go bhfuil iarratas Gaillimh 2020 gaibhte tríd chuig an gcéad bhabhta eile den chomórtas le bheith ina Cathair Cultúir na hEorpa don bhliain 2020 agus seans mór anois ann go mbeidh Oireachtas na bliana sin ar siúl i gCathair na dTreabh

Galway has just six months before it must submit its first bid document to the European Capital of Culture (ECOC) jury in October competing against Dublin, Limerick and the South East. An Taoiseach, Enda Kenny, visited the new office briefly on Thursday, 30 April, where he met with the extended Galway2020 team who will be located at the open office .Photo:Andrew Downes

Tá sé fógartha tráthnóna go bhfuil iarratas Gaillimh 2020 gaibhte tríd chuig an gcéad bhabhta eile den chomórtas le bheith ina Cathair Cultúir na hEorpa don bhliain 2020, rud a fhágann go bhfuil seans i gcónaí ann go mbeidh Oireachtas na Gaeilge ar siúl i gCathair na dTreabh an bhliain chéanna.

Tá foireann Gaillimh 2020 anois san iomaíocht leis ‘Na Triúr Deirfiúracha’, comhiarratas Phort Láirge, Chill Chainnigh agus Loch Garman, agus Cathair Luimnigh le bheith mar Chathair Cultúir na hEorpa 2020. Díbríodh Baile Átha Cliath ón gcomórtas inniu.

Thug Stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maolaodha le fios an bhliain seo caite go raibh Oireachtas na Samhna 2020 mar chuid den iarratas a rinne foireann Gaillimh 2020. Bhí 80 leathanach san iarratas a chuir Gaillimh 2020 faoi bhráid na moltóirí ar 16 Deireadh Fómhair na bliana seo.

Rinne painéal de mholtóirí ón Eoraip an cinneadh a fhógairt i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna inniu i ndiaidh dóibh moltóireacht á déanamh ar cheithre iarratas Éireannacha. 

Rinne foireann Gaillimh 2020, ionadaí na Comhairle Cathrach agus daoine mór-le-rá i saol na healaíona agus an chultúir sa chathair ina measc, cur i láthair sa Chaisleán inniu. Bhí naonúr ar an bpainéal Eorpach a rinne moltóireacht ar an gcur i láthair.

Fógrófar Cathair Cultúir na hEorpa 2020 ag deireadh mhí Iúil na bliana seo chugainn. Tharla sé faoi dhó cheana go raibh Cathair Cultúir na hEorpa in Éirinn. Ba é Baile Átha Cliath Cathair Cultúir na bliana 1991 agus bhí an stádas sin ag Cathair Chorcaí sa bhliain 2005.

Fág freagra ar 'Gaillimh fós san iomaíocht agus seans i gcónaí go mbeidh Oireachtas 2020 i gCathair na dTreabh'