GAILEARAÍ: ‘Aonach Tailteann’, comórtas nua idirGhaeltachta, seolta i Ros Muc 

Sheol Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2016, comórtas nua spóirt agus ealaíon do mhuintir na Gaeltachta in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc. Beidh imeachtaí an chomórtais ar siúl i gConamara agus i nGaoth Dobhair mí Lúnasa

GAILEARAÍ: ‘Aonach Tailteann’, comórtas nua idirGhaeltachta, seolta i Ros Muc 

Áine Ní Bhreisleáin, Eagraí Thír Chonaill Aonach Tailteann, Caitlín Ní Chualáin, a sheol an comórtas, agus Maitiú Ó Coimín, Eagraí Chonamara Aonach Tailteann. Pictiúr: Lydia Hébras

Seoladh Aonach Tailteann, comórtas úrnua idirGhaeltachta don spórt agus do na healaíona, in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc tráthnóna inné. Ba í Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2016 agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a sheol an comórtas go hoifigiúil. 

Beidh Aonach Tailteann á reáchtáil mí Lúnasa na bliana seo agus beidh dhá bhabhta cáilithe ann i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Thír Chonaill, sula mbeidh na babhtaí ceannais ann níos deireanaí an mhí sin i gConamara. Beidh os cionn 30 comórtas ar fad ina gcuid den Aonach agus na comórtais sin in dhá mhór-réimse — an spórt agus na healaíona. 

Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2016, a sheol Aonach Tailteann. Pictiúr: Lydia Hébras

Ar chuid de na himeachtaí sin beidh an snámh farraige, an choraíocht Ghaelach, an lúthchleasaíocht, amhránaíocht ar an sean-nós agus lúibíní. Is comórtas do mhuintir na Gaeltachta, óg agus fásta, é Aonach Tailteann. 

Dúirt duine de bhunaitheoirí Aonach Tailteann, Maitiú Ó Coimín, gur socraíodh ar an gcomórtas a eagrú le “hardú meanman a thabhairt do phobal na Gaeltachta, le nascanna a chruthú idir na ceantair éagsúla, agus ardán a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a mbuanna a chur os comhair a bpobal”. 

Dúirt sé go bhfuil sé i gceist an comórtas a leathnú amach sna blianta atá romhainn agus babhtaí cáilithe a reáchtáil i ngach ceantar Gaeltachta ach go bhfuiltear ag díriú i mbliana, bliain bhunaithe an Aonaigh, ar an dá cheantar a luadh ag an seoladh. 

Maitiú Ó Coimín, Eagraí Chonamara Aonach Tailteann. Pictiúr: Lydia Hébras

Luaigh Áine Ní Bhreisleáin, Stiúrthóir Ealaíon Aonach Tailteann, go raibh práinn agus tábhacht ag baint le beart a dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta le tacú leis an teanga, leis an gcultúr agus leis an oidhreacht shaibhir a théann i bhfad siar. 

“Cuideoidh na nascanna idirGhaeltachta seo le grúpaí aithne níos fearr a chur ar a chéile agus smaointe agus tuairimí a mhalartú ar bhonn spraíúil. Ní thig ligean do na traidisiúin a mhair ar feadh na mblianta sna ceantair Ghaeltachta, traidisiúin ar nós an cheoil, na scéalaíochta agus agallamh beirte dul i léig. Cuirfidh an tAonach ar chumas daoine páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt agus ardáin i gcomórtas a chuireann an dá rud ar comhchéim, rud atá neamhghnách,” a dúirt Ní Bhreisleáin. 

Reáchtálfar babhta cáilithe Chonamara an Aonaigh ar an 5 Lúnasa in Indreabhán, agus is i nGaoth Dobhair a reáchtálfar babhta cáilithe Thír Chonaill ar an 7 Lúnasa. Tiocfaidh buaiteoirí bhabhta Ghaoth Dobhair aduaidh go hIndreabhán trí seachtaine ina dhiaidh sin, le haghaidh a thabhairt ar bhuaiteoirí Chonamara sa chomórtas ceannais. 

Áine Ní Bhreisleáin, Eagraí Thír Chonaill Aonach Tailteann. Pictiúr: Lydia Hébras

Dúirt na heagraithe go bhfuil “go leor oibre déanta cheana” maidir le heagrú Aonach Tailteann agus go bhfuiltear i mbun tuilleadh moltóirí a aimsiú agus go mbeidh “feachtas eolais” á reáchtáil sa dá cheantar le muintir na Gaeltachta a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí an tsamhraidh. 

Chomh maith leis an ngné iomaíoch d’Aonach Tailteann, dúirt na heagraithe go mbeidh taispeántais cheardaíochta, ealaíne agus bádóireachta mar chuid den Aonach. Beidh eolas, agus foirmeacha iarratais, ar fáil ar shuíomh oifigiúil an Aonaigh an tseachtain seo. 

Amhrán á rá ag iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada, Sara Ghriallais. Pictiúr: Lydia Hébras

 

Aonach Tailteann 2017 á sheoladh ag Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2016. Pictiúr: Lydia Hébras

 

Peann ‘Aonach Tailteann’ á bhronnadh ag Eagraí Chonamara an Aonaigh, Maitiú Ó Coimín, ar Chaitlín Ní Chualáin. Pictiúr: Lydia Hébras

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Aonach Tailteann’, comórtas nua idirGhaeltachta, seolta i Ros Muc '

  • Majella Ní Chríocháin

    An-smaoineamh go deo!

  • Jamie Ó Tuama

    Go n-éirí go geal libh.

  • Seanán Mac Aoidh

    Moladh go hard na spéire ag gabháil don lucht eagraithe! Dea-scéala!