Gaeilge ar an 59ú teanga ‘is mó tionchar’ ar domhan

Léiríonn an Gréasán Domhanda Teangacha a nochtadh le deireanas go bhfuil an Ghaeilge sách ard i measc na 247 atá le feiceáil air.

Molteangacha

Tá an Ghaeilge ar an naoú teanga is caoga “is mó tionchar” ar domhan dar le taighde atá déanta ag Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT) i gcomhpháirt le grúpaí eile.

Tá an Gréasán Domhanda Teangacha forbartha ag an bhfoireann le léargas agus tuiscint a fháil ar struchtúr agus impleachtaí na gcaidreamh idir teangacha an domhain.

Foilsíodh le déanaí torthaí na taighde, a léiríonn cé na teangacha “is mó tionchar” ar domhan, faoin teideal “Links that speak: the Global Language Network and its association with global fame”.

Rinneadh scagadh ar thrí mhórchnuasach ilteangach focal; Index Translationum an EOECNA, an Vicipéid agus Twitter. Ghrinnigh na taighdeoirí na trí mhórfhoinse seo chun nascanna idir na teangacha a aithint agus a rangú.

Is leabharliosta d’aistriúcháin é an Index Translationum. Tá eolas leabhareolaíochta ann ar leabhair a aistríodh i mballstáit EOECNA ó 1932 i leith. Tá iontrálacha sa bhunachar ar an iliomad ábhar; litríocht, na heolaíochta sóisialta agus daonna, na heolaíochtaí nádúrtha, an stair, na dána agus araile.

Bailíodh an eolas ar 2.2 milliún aistriúchán ón innéacs agus úsáideadh an t-eolas sin le nascanna idir teangacha a shoiléiriú.

Cuir i gcás go mbeadh Cré na Cille á aistriú go Spáinnis, go n-aistreofaí an leabhar go Béarla i dtosach agus ansin go ndéanfaí leagan Spáinnise bunaithe ar an leagan Béarla. D’aithineofaí sa chás sin nasc idir an Ghaeilge agus an Béarla agus idir an Béarla agus an Spáinnis. Ní aithneofaí, áfach, nasc idir an Spáinnis agus an Ghaeilge mar ba é an Béarla an t-idirghabhálaí idir an dá theanga. Úsáideadh an Vicipéid le hábhar a bhailiú freisin. Breathnaíodh ar eagarthóirí ilteangacha na Vicipéide, cuir i gcás duine a rinne eagarthóireacht ar an ábhar céanna ar an gciclipéid i nGaeilge agus i bhFraincis. Nocht an taighde seo nascanna eile idir na teangacha sin.

Ar deireadh scagadh aon bhilliún amháin giolcacha ar Twitter. Bailíodh eolas ó ghiolcairí ilteangacha, daoine a bheadh ag giolcaireacht i nGaeilge agus sa Rúisis cuir i gcás, agus cinntíodh nascanna breise idir na teangacha sin.

Cuireadh an t-eolas seo ar fad le chéile agus ba as an t-eolas sin a cruthaíodh an Gréasán Domhanda Teangacha.

Dúirt Cesar Hidalgo, ceannaire an staidéir, go scaipeann an t-ilteangachas seo eolas ó chultúr agus teanga amháin go cultúr agus teanga eile.

Mhaígh sé gur cruinne i bhfad an modh seo le cumhacht teanga a mheas thar na critéir a bhí in úsáid go dtí seo; líon na gcainteoirí, saibhreas na tíre a labhraítear an teanga inti nó cumhacht mílealta na n-arm a úsáideann í.

Dúirt sé gur fhág an cur chuige seo an gné is tábhachtaí de theanga ar lár – an chumarsáid le teangacha agus cultúir eile.

Ar na teangacha is mó tionchar tá an Béarla, an Rúisis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis. Tugtar ‘molteangacha’ ar na teangacha seo. Is é sin le rá, is ‘mol’ í an teanga trí a dtagann eolas ó theanga amháin go dteanga eile. Is tríd na teangacha sin a scaiptear eolas den chuid is mó agus gan na cúig nó sé cinn de mholteangacha thitfeadh an Gréasán Domhanda Teangacha as a chéile.

Léirigh an taighde cé gur mó cainteoirí a labhraíonn an tSínis ná an Béarla, níl an teanga sin ar cheann de na molteangacha mar is lú a cuid tionchair ar an gcuid eile den domhan. Is amhlaidh an scéal do ‘mhórtheangacha’ eile an domhain freisin ar nós na Hiondúise agus na hArabaise.

Cé gur scríobhadh an t-uafás leabhar sa tSínis agus go bhfuil an t-uafás cainteoirí sa tSín, ní molteanga í. Níor aistríodh an oiread céanna leabhar ó theangacha eile go Sínis agus níor aistríodh an oireadh céanna leabhar Sínise go teangacha eile. Anuas air sin, in aineoinn líon ard na gcainteoirí, is cainteoirí aonteangacha iad seo agus níl nascanna á chruthú acu le teangacha eile.

“Despite it being a language that is highly popular Chinese lacks the ability to connect other people…The contributions to a metalanguage will depend on how the contributing languages are connected right now and not necessarily on the number of speakers,” a mhínigh Cesar Hidalgo.

Fágann sé sin gur tábhachtaí i bhfad áit na teanga sa Ghréasán Domhanda ná líon na gcainteoirí nuair atáthar ag rangú na teangacha “is cumhachtaí” nó “is tábhachtaí” ar domhan.

Féadfar léaráidí a léiríonn na nascanna idir molteangacha agus teangacha imeallacha a fheiceáil anseo. Tugtar an cód GLE ar an nGaeilge.

Fág freagra ar 'Gaeilge ar an 59ú teanga ‘is mó tionchar’ ar domhan'