Gach ceann de na 13 suíochán sna toghcháin Eorpacha líonta faoi dheireadh

Grace O’Sullivan a fuair an ceathrú suíochán i dtoghlach an Deiscirt agus beidh fuireach calaidh ar Dheirdre Clune a fuair an cúigiú suíochán, ‘suíochán an Bhreatimeachta’

Gach ceann de na 13 suíochán sna toghcháin Eorpacha líonta faoi dheireadh

Tá gach ceann de na 13 suíochán sna toghcháin Eorpacha ó dheas líonta anois agus Grace O’Sullivan (CG) agus Deirdre Clune (FG) tofa i dtoghlach an Deiscirt.

Grace O’Sullivan a fuair an ceathrú suíochán sa Deisceart nuair a dáileadh vótaí an neamhspleáigh Mick Wallace. Bhí moill ar an toradh ón ionad comhairimh i gCorcaigh toisc gur éiligh Sinn Féin athchomhaireamh iomlán ar na vótaí, éileamh ar tharraing siad siar inné é.

Ó tharla gurb é an suíochán deireanach a fuair Deirdre Clune is uirthi a bheidh an fuireach calaidh i dtoghlach an Deiscirt. Ní bheidh sí ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin.

Is é an dála céanna é ag Barry Andrews, Fianna Fáil, a fuair an suíochán deireanach i mBaile Átha Cliath.

Fine Gael ab fhearr a chruthaigh sna toghcháin Eorpacha agus cúig shuíochán buaite acu – Seán Kelly agus Deirdre Clune sa Deisceart, Mairéad McGuinness agus Maria Walsh i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt agus Frances Fitzgerald i mBaile Átha Cliath.

Beirt d’iarrthóirí Chomhaontas Glas a toghadh, Grace O’Sullivan agus Ciarán Cuffe, ar toghadh i mBaile Átha Cliath é.

Rinne Comhaontas Glas dul chun cinn mór sna toghcháin agus d’éirigh an-mhaith freisin lena n-iarrthóir i dtoghlach an Láir Tíre- an Iarthuaiscirt, Saoirse McHugh, cé nár éirigh léi suíochán a fháil.

Dhá shuíochán chomh maith a fuair Fianna Fáil, Andrews san ardchathair agus an Teachta Dála Billy Kelleher i dtoghlach an Deiscirt.

Triúr neamhspleách a toghadh, Wallace i dtoghlach an Deiscirt, Clare Daly i mBaile Átha Cliath agus Luke ‘Ming’ Flanagan i dtoghlach an Láir Tíre- an Iarthuaiscirt.

Níl fágtha i ndiaidh na dtoghchán ag Sinn Féin ach Feisire Eorpach amháin ó dheas, Matt Carthy.

Bhuaigh Martina Anderson suíochán arís don pháirtí ó thuaidh.

D’éirigh le Matt Carthy an beart a dhéanamh i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt ach chaill Liadh Ní Riada a suíochán sa Deisceart agus bhí fuar chomh maith ag Lynn Boylan i mBaile Átha Cliath.

Fágann teip Liadh Uí Riada gurb é Seán Kelly anois an t-aon Ghaeilgeoir i measc an 13 duine a toghadh sna toghcháin Eorpacha abhus.

Ceathrar Teachtaí Dála a toghadh, Frances Fitzgerald, Baile Átha Cliath Thiar Meán,  Clare Daly, Baile Átha Cliath-Fine Gall, Billy Kelleher, Corcaigh Thuaidh-Lár, agus Mick Wallace, Loch Garman.

Fágann sin gur gá ceithre fhothoghchán a reáchtáil taobh istigh de shé mhí, sin mura mbíonn olltoghchán ann roimhe sin.

Fág freagra ar 'Gach ceann de na 13 suíochán sna toghcháin Eorpacha líonta faoi dheireadh'