Gabriel Byrne os cionn a bhuille i scéal seanchaite faoi chliúsaí drabhlásach ban

Saothar ait greannmhar ábhairín seanchaite é Death of a Ladies Man

Gabriel Byrne os cionn a bhuille i scéal seanchaite faoi chliúsaí drabhlásach ban

Death of a Ladies Man
Stiúrthóir: Matt Bissonnette
Cliar: Gabriel Byrne, Jessica Paré, Brian Gleeson, Antoine Olivier Pilon, Karelle Tremblay, Suzanne Clément

Scoláire, scríbhneoir is cliúsaí ban Éireannach atá éirimiúil, mealltach, seanbhlastúil agus gafa leis an ól. Seanscéal is meirg air má bhí a leithéid riamh ann. Sin é an ról atá ag Gabriel Byrne sa saothar ait, greannmhar, ábhairín seanchaite seo, atá taitneamhach in áiteanna. Is é saothar Leonard Cohen a bhí mar ábhar spreagtha ag an stiúrthóir/scríbhneoir Matt Bissonnette agus tá saothar an fhile/cheoltóra céanna sa bhfuaimrian. Go deimhin tógadh teideal an scannáin ó albam de chuid Cohen.

Ag tús an scannáin címid an léachtóir ollscoile Samuel O’Shea (Byrne), atá buailte fé in Hamilton, Ceanada, ag filleadh ar a thigh le deabhadh mar go bhfuil a sparán fágtha ina dhiaidh aige is é ag tabhairt faoin aerfort. Tagann sé ar a bhean ag bualadh craicinn le fear eile. Seanchiúta eile a bhfuil meirg air. Deir a bhean leis nach bhfuil aon aithreachas uirthi mar gur mion minic a d’imigh Samuel thar chlaí. Fógraíonn sí go bhfuil colscaradh uaithi. Téann Samuel ag ragairne le faoiseamh a fháil ó chliseadh a dhara pósadh, é ag caitheamh amach i mbosca bruscair i lár léachta an lá dár gcionn. Tuilleadh den chliché.

De réir a chéile bíonn rudaí á bhfeiscint dó; imreoirí haca oighir ag rince, Frankenstein ag ól lena ais agus bíonn dreasanna cainte aige  lena athair (Gleeson) atá imithe ar shlí na fírinne. Téann sé chun an dochtúra agus tar éis roinnt tástálacha cuireann sí in iúl dó go bhfuil meall ar a inchinn agus nach bhfuil ach tuairim is bliain fágtha ar an saol seo aige.

Agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an drochscéal seo agus leis na speabhraídí atá air, tugann sé turas ar Éirinn. Cé gur léir ó thuin Samuel agus a athar gur ó Bhaile Átha Cliath iad tugann sé aghaidh ar thigh muinteartha leis i gConamara. Bíonn cúpla focal fánach as Gaeilge againn ansin le cur leis na míreanna as Fraincis i gCeanada.

Déanann Samuel a mharana ar a shaol. Aithreachas air faoina chaidreamh lena mhac Layton (Olivier Pilon) agus a iníon Josee (Tremblay). Aiféala air chomh maith faoin tslí gur lot sé a phósadh lena máthair. Na comhráite deisbhéalacha, gruama, greannmhara ag cur in luí orainn go bhfuil eachtraí óna óige ag luí ar a chroí. Caidreamh rómánsúil le bean as Ceanada Francach (Paré) atá buailte fúithi sa cheantar mar ábhar dóchais aige.

Is é Byrne a dhéanann an scannán seo ar fad a iompar nach mór. É lárnach i ngach radharc seachas cúpla ceann fánach. Is léir go bhfuil sé ag baint súp as an ról; is é atá deas ar an ngruaim a chniotáil leis an ngreann dorcha.

Saothar é seo atá seanchaite go maith ach le taispeántas cumasach Byrne á iompar is saothar taitneamhach go leor é.

Tá Death of a Ladies Man á thaispeáint mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Gabriel Byrne os cionn a bhuille i scéal seanchaite faoi chliúsaí drabhlásach ban'