Fuirseadh, fadhbáil, fonn agus fiach le James Taylor

Tá an dá shaol -‘Fire & Rain’- feicthe ag an gceoltóir James Taylor, a deir ár gcolúnaí

Fuirseadh, fadhbáil, fonn agus fiach le James Taylor

‘Fonn a níos fiach’ – Seanfhocal Muimhneach

Seo le beirt isteach i stiúideo i Londain sa bhliain 1968. Fear óg suite rompu agus é ag cur allais. Casann an fear óg amhrán. ‘Céard a cheap tú den bhoc sin as Boston?’ arsa an chéad duine, Paul, i ndiaidh na trialach éisteachta. ‘Bhí doimhneacht álainn ag baint lena ghlór, agus ’sé a bhí deaslámhach ar an ngiotár,’ arsa an dara duine, George. ‘Aon rud eile?’ arsa Paul. ‘‘Sea, bhíos faoi dhraíocht ag na focail sa chéad líne aige: There’s something in the way she moves… Ba cheart dúinn é a shíniú ar chaoi ar bith.’ ‘Tagaim leat – bíodh sé ina mhargadh, mar sin,’ arsa Paul.

Ba é an comhrá seo, agus an t-amhrán lenar bhain, Something in the Way She Moves, ba chúis le James Taylor conradh taifeadta a fháil le Apple Records i 1968. Mar is eol do roinnt anois, d’úsáidfeadh George Harrison cuid bheag de liricí Taylor ina mhóramhrán seisean, Something, tamall ina dhiaidh sin. Nuair a fhiafraítear de Paul McCartney inniu bunús a chinnidh a mhíniú, is nós leis a fhreagra a choimeád simplí: ‘Mheasas go raibh sé ar fheabhas’.

Cé nár tugadh mórán airde air ar dtús, chinntigh an chéad albam a rinne Taylor i Londain – James Taylor – go mbeadh a ainm i mbéal an phobail sara i bhfad. Ba le linn dó an t-albam seo a dhéanamh a rinne cara mór dó socrú dá cuid féin. Níor theastaigh ó chriú an albaim cur isteach ar obair Taylor agus é i mbun taifeadta agus bheartaigh siad gan an drochscéala a insint dó nuair a cailleadh a chomrádaí, Suzanne Snerr. Bhí sé mhí caite sula raibh a fhios aige mar gheall air agus, faoin am sin, bhí sé i ngreim ag an hearóin.

Shocraigh Taylor é féin a chur in ospidéal meabhairghalair d’fhonn iarracht a dhéanamh an ceann is fearr a fháil ar a chuid andúile agus deis a thabhairt dá chorp teacht chuige féin, lá i ndiaidh lae.

Ba as an tréimhse sin a d’eascair ceann dá mhóramhráin, Fire & Rain, áit ar achainigh sé ar dhia nár chreid sé ann teacht i gcabhair air:

Won’t you look down upon me, Jesus
You gotta help me make a stand
You’ve just got to see me through another day
My body’s aching and my time is at hand
And I won’t make it any other way

Tagraíonn sa véarsa deireanach don tslí inar thit an tóin as a bhanna ceoil, The Flying Machine, agus an briseadh croí a d’fhulaing sé ina dhiaidh.

Fonn a níos fiach, a deir an seanfhocal, agus d’éirigh le Taylor teacht as an tinneas ainsealach a raibh greim daingean aige air, agus an ceann is fearr a fháil ar a chuid andúile, diaidh ar ndiaidh. D’fhill ar an stiúideo agus níorbh fhada ina dhiaidh go raibh sé ar an mbóthar an athuair.

Bhí sé thuas seal thíos seal ar feadh cuid mhaith blianta nó go bhfuair sé cuireadh i 1985 cúpla port a sheinm ag ceolchoirm i Rio na Brasaíle. Ba é seo buaic a athbheochana le fírinne.

Bhí 300,000 duine i láthair ann agus, faoi mar is dual do mhuintir na Brasaíle a dhéanamh, chan siad go binn agus go hard chuile líne agus chuile nóta de na hamhráin in éineacht le Taylor agus é ar stáitse.

Déarfainn gurb é Only a Dream in Rio an t-amhrán is lú dá chuid a dtugaimse taitneamh dó ó thaobh an fhoinn de, ach crochann na liricí mo chroí, dála mar a chroch an tionlacan úd croí an chumadóra:

I was there on the very day and my heart came back alive

Ba sa bhliain chéanna (1985) a thosaigh sé ag cumadh Another Day, teideal a bhfuil macalla na hachainí úd in Fire & Rain le fáil ann. San amhrán gleoite, caithréimeach seo, tugann an cumadóir a sheanchara ‘Suzy’ ar ais ó na mairbh. Cuireann i gcion uirthi éirí ina theannta go moch maidin earraigh agus siúl in éineacht leis i dtreo sholas na gréine, ó tharla cath agus scáth an dorchadais curtha díobh acu araon, sa deireadh thiar thall.

Ag siúl an chosáin sin atá James Taylor ó shin i leith agus é ag maireachtáil ó lá go lá. Seacht gcinn déag d’albaim stiúideo atá tugtha ar an saol aige, gan taifeadtaí ceolchoirme a áireamh, agus a ainm luaite le cuid de na hamhráin is diamhaire dár cumadh riamh.

Má bhí iarracht den sciobadh i gceist le clasaic George Harrison, Something, shocraigh Taylor ómós a thabhairt don ‘Beatle ciúin’ lena leagan féin de Here Comes the Sun, a thaifead sé in éineacht le Yo Yo Ma. Is fiú éisteacht leis thíos.

Fág freagra ar 'Fuirseadh, fadhbáil, fonn agus fiach le James Taylor'