FUAIM: Pat Kenny buartha faoi ‘militant Gaeilgeoirí’ agus comharthaí ‘Go mall’ a chuirfeadh fonn siopadóireachta ar thurasóirí…

Agus ceist an achta Ghaeilge ó thuaidh á plé aige ar a chlár raidió ar Newstalk inné, thagair Pat Kenny do ‘militant Irish language activists’ agus do chomhartha aonteangach ‘Go mall’ a chonaic sé agus é ag tiomáint i gCorcaigh tamall ó shin…

FUAIM: Pat Kenny buartha faoi ‘militant Gaeilgeoirí’ agus comharthaí ‘Go mall’ a chuirfeadh fonn siopadóireachta ar thurasóirí…

 

Tá an craoltóir Pat Kenny buartha go gcuirfeadh comharthaí bóthair a deir ‘Go mall’ dul amú ar thurasóirí Meiriceánacha a cheapfadh gur achainí a bheadh sa mhéid sin dul go dtí ionad siopadóireachta seachas tiomáint níos moille.

Agus ceist an achta Ghaeilge ó thuaidh á plé aige ar a chlár raidió ar Newstalk inné, thagair an craoltóir do “militant Irish language activists” agus do chomhartha aonteangach ‘Go mall’ a chonaic sé agus é ag tiomáint i gCorcaigh tamall ó shin agus mhaígh sé gur sampla ab ea é do mheon “stupid” agus “exclusive”.

“One shouldn’t forget of course that in Ireland, The Republic of…, you have some quite militant Irish language activists. For example, you’ll find English-language signs in Gaeltacht areas painted over,” a dúirt Kenny.

Mhaígh Kenny chomh maith go bhféadfadh comharthaí Gaeilge dochar a dhéanamh do thionscal na turasóireachta.

“The number of tourists who have the ‘cúpla focal’ who come to Ireland is very limited so if you’re trying to woo them to West Cork and other places, try and make the place intelligible to them,” a dúirt an craoltóir agus é ag trácht ar an gcomhartha ‘Go mall’ a chonaic sé i gCorcaigh.

Le tacú lena phointe, chuir Kenny tuin chainte Mheiriceá air féin agus dhein sé aithris ar ‘thurasóir’ a mbeadh mearbhall air faoi chomhartha nach mbeadh scríofa air ach ‘Go mall’ toisc gur ‘mall’ a thugtar i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar ionad siopadóireachta.

“For someone who doesn’t speak any Irish: ‘Go mall! The mall is just around the corner. We’re going to drop in!’ I mean it’s stupid to be exclusive because it’s about information…” a dúirt an craoltóir ar The Pat Kenny Show ar maidin.

Dúirt Ard-Rúnaí ó Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie nárbh aon chabhair d’aon duine “caint mhaslach faoi militant Gaeilgeoirí”. Dúirt sé go raibh cuid mhór tráchtairí ó dheas dall ar na fíricí faoi cheist na Gaeilge sa tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

“Ní bhaineann na hargóintí maslacha ginearálta seo faoin nGaeilge le hábhar. Is í fírinne an scéil go bhfuil an DUP ag cur moille le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar go mb’fhearr leo cearta a gealladh do phobal na Gaeilge os cionn deich mbliana ó shin a shéanadh orthu,” arsa Julian de Spáinn.

In ainneoin na míthuisceana a bhíonn ar dhaoine go minic faoi chomharthaí bóthair, tá sé i gcoinne an dlí comhartha sábháilteachta a chrochadh atá i nGaeilge amháin. Baineann an dlí maidir le comharthaí bóthair aonteangacha Gaeilge le logainmneacha Gaeltachta amháin.

Fág freagra ar 'FUAIM: Pat Kenny buartha faoi ‘militant Gaeilgeoirí’ agus comharthaí ‘Go mall’ a chuirfeadh fonn siopadóireachta ar thurasóirí…'

  • Jamie Ó Tuama

    Maslach agus aineolach!! Ní athraíonn tíortha eile a gcuid teangacha le freastal ar thurasóirí a labhraíonn Béarla. Go leor rudaí san alt atá aineolach.

  • Fiosrach

    Cé hé an Pat Kenny seo?

  • Eoghan ONeill

    Seo ceol ar fhonn L’Internationale’ ( féach youtube mura bhf. sé agat!) a thaithneódh le roinnt de lucht éisteoirí Phat.

    D’Aonghuth go léir, ‘NO PASARÁN! (fonn -Pierre De Geyter 1884)

    Ó shléibhte maorga an Iardheiscirt go coillte móra Chill Mhantáin,
    Ó Roscomáin go Gort a’ Choirce agus soir chuig Cois Abhn’Dall,
    Tá ár bpobal scaipthe fud an Oileáin, níl muid líonmhar mar bhí tráth,
    ach in ár gcroíthe tá an dóchas, tá casadh taoide, seo ár lá!

    Éirígí-suas a chomráidí tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimid le chéile tá Ré an Tosta thart;
    Éirígí-suas a chomráidí go taobh na gréine ar Shliabh na mBan,
    Is seasfaimíd le chéile, d’aonghuth go léir ‘ NO PASARÁN!’

    Táid ann a deireann nacha fiú muid, gurb fhearr í chaitheamh i leataobh,
    go sotallach ar chaiplí árda ba chosúil gur leo an chraobh;
    Ach fán, táid ann nár ghéill ariamh, an dúchas beoga ina gcroí’,
    Seanscéalta ár sinsir ag na páistí, sport is scléip amuigh ag spraoí.

    Éirígí-suas a chomráidí tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimid le chéile tá Ré an Tosta thart;
    Éirígí-suas a chomráidí go taobh na gréine ar Shliabh na mBan,
    Is seasfaimíd le chéile, d’aonghuth go léir ‘ NO PASARÁN!’

  • Des O Murchu

    Cad faoi an comhthra bothair sin i Swahili?An mbeidh Pat Kenny ag gearan! Des O Murchu

  • Breandán

    An bhfuil turasoirí i gceist aige nó é féin?

  • Síle Ní Chathasaigh

    Is ar bharúil atá gach rud a ‘phléann’ Kenny agus an painéal anseo bunaithe! Bhí an rud céanna i gceist i rith an díospóireacht is déanaí faoin nGaeilinn ar Newstalk a chuir tús le #nílsécgl, seachas an méid a dúirt an ionadaí o CnaG. / Everything Kenny and his panel discuss about Irish here is predicated on conjecture! As was everything brought up in the previous Newstalk discussion on Irish that sparked #nílsécgl, bar what the CnaG rep. brought up.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Ní baol don teanga – le Pat agus a chairde ar an radio!!!! Beidir nach bhfuil sé ar an eolas go bhfuil scata Meiriceánach ag teacht go dti Gaeltacht na Rinne gach bliain chun an Ghaeilg a fhoghlaim agus a chleachtadh. Cé’n nimh atá ag Kenny in aghaidh ár dteanga? Ar aon nós a Phat – is feidir gluaiseacht ‘go mall’ go dtí ‘An Mall’ –