Tá amhrán Nollag Gaeilge seolta chun dóchas a thabhairt do pháistí a bhfuil imní orthu faoi theacht Shaintí aimsir an Covid-19.
Is í Áine Durkin a chum agus Gráinne Ní Fhátharta a chasann Saintí S’Againne, a seinneadh den chéad uair ar chlár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné.
Tá daltaí Ghaelscoil Riada i mBaile Átha an Rí i nGaillimh, an bhunscoil ina bhfuil Gráinne ag múineadh, le cloisteáil ag canadh chomh maith.
Saintí S’Againne
Bhfuil do liosta-sa réidh, tá Saintí faoi réir
Is beidh sé ag bailiú na liostaí sin go léir
Bíodh siad curtha sa bpost, nó suas an simléar
Ní choinneoidh tada Saintí s’againne óna thuras tríd an spéir.
Tá scéilín agam daoibh, faoin Mol Thuaidh is a dhraíocht
Níl aon ghalar ann, i sneachta ná i ngaoth
Le gach cosaint acu ann, tá chuile dhuine slán
Ag réiteach bréagán mar a rinne siad riamh.
Bhfuil do liosta-sa réidh, tá Saintí faoi réir,
Is beidh sé ag bailiú na liostaí sin go léir,
Bíodh siad curtha sa bpost, nó suas an simléar,
Ní choinneoidh tada Saintí s’againne óna thuras tríd an spéir.
Tá Saintí ar an Mol, a chairrín réidh le dhul
Níl le déanamh ach é a líonadh lán go béal
Seol do litir ar an toirt, ná bíodh aon imní ort
Tiocfaidh Saintí bíodh ann gála, plá nó néal.
Bhfuil do liosta-sa réidh, tá Saintí faoi réir,
Is beidh sé ag bailiú na liostaí sin go léir,
Bíodh siad curtha sa bpost, nó suas an simléar,
Ní choinneoidh tada Saintí s’againne óna thuras tríd an spéir.
Tá Oíche Nollag romhainn ’s beidh Saintí socair ciúin
Lena mhála lán le bronntanais do chách
Ní bhíonn tinneas ina shaol, bíonn sé cosanta ón mbaol
Tá dusta draíochtúil caite aige chuile áit.
Bhfuil do liosta-sa réidh, tá Saintí faoi réir,
Is beidh sé ag bailiú na liostaí sin go léir,
Bíodh siad curtha sa bpost, nó suas an simléar,
Ní choinneoidh tada Saintí s’againne óna thuras tríd an spéir
Ní choinneoidh tada Saintí s’againne óna thuras tríd an spéir.
Cabríní de Barra
Amhrán álainn nua don Nollaig!! Maith sibh Áine, Gráinne agus páistí Gaelscoil Riada. Beimid uile á chasadh anois!
Áine Nic Niallais
Galánta – maith sibh!
Máire Dermody
Go hálainn. Comhghairdeachas le Gráinne, Áine agus gasúir Ghaelscoil Riada.
Uinseann
Comhghairdeas libh uilig! Mo cheol sibh.