Freagraí fós á lorg faoi ghnéithe den chás gnó d’fhorbairt ché Inis Oírr

Bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe ag súil gur i bhfómhar na bliana seo a chuirfí tús leis an obair forbartha ar an gcé ar Inis Oírr agus go mbeadh sí réidh faoi lár 2027

Freagraí fós á lorg faoi ghnéithe den chás gnó d’fhorbairt ché Inis Oírr

Ní fios cén uair a chríochnófar dianscrúdú atá á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta ar an gcás gnó deiridh d’fhorbairt Ché Inis Oírr.

Ag deireadh mhí an Mhárta a chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe an cás gnó deiridh d’fhorbairt na cé faoi bhráid na Roinne, ach thug Aire na Gaeltachta le fios nach bhfuiltear sásta go fóill le gach gné den phlean.

Dúirt an Chomhairle Contae an uair sin go raibh siad ag súil gur i bhfómhar na bliana seo a chuirfí tús leis an obair forbartha ar an gcé agus ann go mbeadh sí réidh faoi lár 2027.

Ach thug Aire na Gaeltachta Dara Calleary le fios sa Dáil go raibh ceisteanna le freagairt i gcónaí faoi ghnéithe de chás gnó na Comhairle.

Dúirt an tAire gur “togra suntasach” a bhí ann “ní hamháin d’Inis Oírr ach do mo Roinn freisin mar údarás ceadaithe”.

“Dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith sásta go gcomhlíonann an Cás Gnó Deiridh an caighdeán riachtanach agus go léiríonn an tionscadal atá beartaithe luach ar airgead agus go gcomhlíonann sé ár gcuspóirí,” arsa Dara Calleary sa Dáil.

Tá athbhreithniú á dhéanamh i gcónaí ag Roinn na Gaeltachta ar an gcás gnó deiridh agus é “á sheiceáil i dtéarmaí na n-eilimintí riachtanacha”.

Tá an cás gnó á scagadh ó thaobh costas agus inacmhainneacht na forbartha, agus ó thaobh na mbuntáistí agus na rioscaí a bhaineann léi.

“Ar an ábhar sin, tá mo Roinn ag tabhairt faoi mheasúnú iomlán dícheall cuí ar an tionscadal,” arsa Dara Calleary.

Dúirt an tAire gur bhuail oifigigh a Roinne le Comhairle Chontae na Gaillimhe níos túisce an mhí seo chun “soiléiriú a lorg ar chuid de na sonraí laistigh den chás gnó, go háirithe maidir leis na costais a cuireadh ar fáil agus chun a chinntiú go bhfuil na heilimintí riachtanacha go léir faoi réir acu”.

Dá gceadófaí don Chomhairle dul ar aghaidh leis an bhforbairt, meastar go dtógfadh forbairt na cé nua thart ar dhá bhliain, a dúirt an tAire.

“Ar ndóigh, tá sé sin faoi réir cheadú an cháis ghnó agus conarthaí a chur i gcrích go rathúil leis an tairgeoir is fearr. Tá mo Roinn ag obair chun an t-athbhreithniú ar an gcás gnó a chríochnú le gach cúram agus aire chuí agus cuirfidh m’oifigigh moladh faoi mo bhráid chomh luath agus is féidir,” ar sé.

Ceadaíodh €17 milliún in 2023 chun cé Inis Oírr a fhorbairt. Tá dreideáil le déanamh, síneadh 90 méadar le cur leis an gcé agus dhá thonnchosc le tógáil mar chuid den obair.

Tá an athfhorbairt ar ché Inis Oírr beartaithe le fada agus é ráite go bhféadfadh daoine a bheith i mbaol mura dtabharfar faoin obair. Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív in 2019 go marófaí duine éigin ar an gcé mura ndéanfaí í a athfhorbairt.

Tugadh cead pleanála d’fhorbairt ché Inis Oírr in 2008 agus cé go raibh sé beartaithe tús a chur leis an obair in 2020, bhí moill fhada eile i gceist.

Maidir leis an bhforbairt atá beartaithe ar an dá ché ar Inis Meáin, an Córa agus Caladh Mór, dúirt Calleary gur bhuail oifigigh a Roinne le déanaí le hionadaithe ó na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun uasdátú a fháil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i leith na forbartha.

Dúirt an tAire go bhfuil na hinnealtóirí comhairleacha “ag forbairt múnlaí agus roghanna éagsúla anois chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo”.

“Beidh gá le gach ceann de na múnlaí agus na roghanna seo a thástáil agus a mheasúnú chun teacht ar an réiteach is fearr chun an t-infreastruchtúr mara ar Inis Meáin a fheabhsú, lena n-áirítear céanna a úsáideann seirbhísí farantóireachta paisinéirí agus lastais,” arsa Aire na Caeltachta.

Bhíothas ag suíl go mbeadh an obair sin críochnaithe ag na hinealltóirí roimh dheireadh na bliana seo.

Tá sé beartaithe le breis is 20 bliain anuas forbairt a dhéanamh ar ché An Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin ach cuireadh an togra ar an méar fhada le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

Tá dhá chéibh in úsáid ar Inis Meáin i láthair na huaire. Baineann seirbhísí farantóireachta úsáid as cé an Chalaidh Mhóir ar an taobh ó thuaidh den oileán ach baineann an tseirbhís lasta úsáid as Céibh an Chóra ar an taobh thoir theas den oileán.

Tá sé ráite nach bhfuil ceachtar den dá chéibh feiliúnach le freastal ar na seirbhísí céanna agus gur gá uasdátú a dhéanamh orthu.

Faoi chomhairliúchán a rinneadh in 2009, moladh tuilleadh dreideála a dhéanamh ar ché an Chalaidh Mhóir agus síneadh a chur leis an tonnchosc atá ann cheana féin. D’fhág easpa maoinithe nach ndeachthas ar aghaidh leis an bhforbairt sin.

Fág freagra ar 'Freagraí fós á lorg faoi ghnéithe den chás gnó d’fhorbairt ché Inis Oírr'