Freagra tugtha ag Micheál D Ó hUigínn ar scéal na mBileog ‘Béarla’ sa Ghaeltacht

Deir urlabhraí de chuid Mhichíl D Uí Uigínn go bhfuil dhá leagan ar fáil d’fhormhór a ábhar toghchánaíochta agus gur An Post is cúis le bileoga nach raibh ach leathabairt Ghaeilge orthu a bheith scaipthe ar mhuintir na Gaeltachta

Freagra tugtha ag Micheál D Ó hUigínn ar scéal na mBileog ‘Béarla’ sa Ghaeltacht

Tá ráiteas déanta ag urlabhraí de chuid Mhichíl D Uí Uigínn faoin scéala go bhfuil an tUachtarán ar dhuine de na hiarrthóirí toghcáin a scaip i gceantair Ghaeltachta bileoga a bhí i mBéarla den chuid is mó.

Sa ráiteas a tugadh do Tuairisc.ie dúradh go raibh leaganacha Gaeilge agus Béarla ar fáil de shuíomh idirlín Uí Uigínn agus d’fhormhór a mbileog toghchánaíochta ach nár cheadaigh An Post d’iarrthóirí “leaganacha éagsúla” den bhileog atá i gceist a scaipeadh.

Scaiptear saor in aisce ar gach teaghlach sa stát bileog eolais amháin do gach iarrthóir toghcháin.

“Bhí Gaeilge agus Béarla ar bhileog phoist Michael D mar go ndáileann An Post bileog amháin do gach iarrthóir agus mar nach gceadaíonn siad leaganacha éagsúla den ábhar seo a sheoladh go dtí ceantair éagsúla,” a dúirt urlabhaí Mhichíl D Uí Uigínn.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar maidin, leathabairt Ghaeilge atá sa teachtaireacht ar an bhileog de chuid Uí Uigínn a scaipeadh ar an phobal i gcroílár Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo.

“Dear voter, I pledged to dedicate heart and mind to the Irish people – mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann,” a deirtear i dteachtaireacht Uí Uigínn, a bhfuil an chuid eile di i mBéarla seachas na focail ‘Míle buíochas’ ag a deireadh.

Líne amháin i nGaeilge atá le feiceáil ar bhileog an iarrthóra Liadh Ní Riada, an chéad iarrthóir ar an uachtaránacht as an Ghaeltacht, agus líne amháin Ghaeilge freisin atá ar bhileoga an an fhir ghnó Sean Gallagher.

Dúirt urlabhraí thar ceann Gallagher le Tuairisc.ie tráthnóna inné nár fhoilsigh an fear gnó ach “leagan amháin den Litir Um Thoghchán don toghchán seo” agus gur “thug An Post an beart seo Litir Um Thoghchán do gach teaghlach in Éirinn”.

Ní raibh oiread agus focal Gaeilge ar bhileoga an tSeanadóra Joan Freeman a scaipeadh sa Ghaeltacht agus is í an t-aon iarrthóir go dtí seo a ghabh leithscéal faoi cheist na mbileog.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar aon samplaí de bhileoga a scaipeadh sa Ghaeltacht ó fheachtas Gavin Duffy ná Peter Casey, más ann dá leithéid de bhileoga.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn an tseachtain seo gur chúis díomá gur seoladh ábhar i mBéarla amháin chuig daoine sa Ghaeltacht.

Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gConamara litir ghearáin a sheoladh go dtí na hiarrthóirí faoi cheist na mbileog.

Fág freagra ar 'Freagra tugtha ag Micheál D Ó hUigínn ar scéal na mBileog ‘Béarla’ sa Ghaeltacht'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mura raibh cead ag na iarrthóirí ach billeog amháin a réiteach le scaipeadh ar an dtír ar fad – an leithscéal atá ag Sinn Féin, ag feachtas toghchánaíochta Michael D. agus ag Seán Gallagher – cén fáth nár scaip siad billeog dhátheangach ar an dtír ar fad? Níor chuir An POST aon iachall neamh aird a dhéanamh don Ghaeilge. B’shin cinneadh a rinne na feachtais éagsúla iad féin.

  • Tútachas!

    Rud eile de, ní sa Ghaeltacht amháin a gheobhaidh tú Éireannaigh arb í an teanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúil is rogha leo. Ní oiriúnach an múnla ‘Gaeilge don Ghaeltacht, Béarla don chuid eile den stát”. Taispeánann “leithscéal” seo Michael D. Higgins a laghad tuisceana aige ar chearta teanga gach Éireannaigh i.e. ceart atá aitheanta in Airteagal 1 de Bhunreacht na hÉireann. Ba cheart d’Uachtarán na hÉireann bheith eolach ar an Bhunreacht nó tá de dhualgas air a chinntiú go n-urramaítear é. Airteagal 1: “[…] a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach […] a saol polaitíochta is geilleagair agus saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais agus gnás a sinsear. “

  • Seán Ó Riain

    Aontaím le Donncha.

  • BH

    Nach bhfuil sé sách anróiteach a gcuid geallúintí bradacha a léamh i mBéarla gan an slabar sleamhain céanna a bheith ina práib phislíneach ar an dara leathanach! Ní dhátheangachas is cás le muintir Chonamara, gan trácht ar an tír, ach Béarla binn briosc na gConaíos a bheith in uachtar agus a bheith fós a’ suirí le smúdar de thaibhse nach séidfeadh an doirb féin de caochphoill Chois Fharraige.

  • Pól Réamonn

    Aontaím leis chomh maith.

  • Múscraíoch Macánta

    Aontaím le Donncha Ó hÉallaithe thuas dála an scéil.