Formhór na múinteoirí Gaeilge míshásta le scrúdú na Sraithe Sóisearaí – suirbhé

I suirbhé a rinne an eagraíocht múinteoirí An Gréasán, thug os cionn 90% de na rannpháirtithe le fios gur bhraith siad ‘faoi bhrú’ mar gheall ar na hathruithe ar chúrsaí Gaeilge

Formhór na múinteoirí Gaeilge míshásta le scrúdú na Sraithe Sóisearaí – suirbhé

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá lear mór múinteoirí Gaeilge míshásta leis na socruithe maidir le scrúduithe cainte sa chóras iarbhunscoile.

Bhí 97% de na múinteoirí a ceistíodh i suirbhé nua a rinne An Gréasán, an eagraíocht do mhúinteoirí Gaeilge iarbhunscoile, den tuairim gur chóir go mbeadh scrúdú cainte mar chuid den tSraith Shóisearach agus go mbeadh sé mar chuid “den mharc deiridh” sa scrúdú sin. 

Bhí os cionn 80% den 425 múinteoir Gaeilge a ghlac páirt sa suirbhé den tuairim go raibh an caighdeán a bhí á éileamh ó thaobh na litríochta sa scrúdú Gaeilge nua don Teastas Sóisearach “ró-ard” agus go raibh an iomarca le déanamh sa chuid sin den chúrsa.

Bhí idir iontas, dhíomá agus fhearg ar mhúinteoirí ar fud na tíre faoi na páipéir shamplacha nua a foilsíodh do scrúdú Gaeilge na Sraithe Sóisearaí anuraidh.

An scrúdú Gaeilge T2 don tsraith shóisearach an scrúdú is mó a chothaigh conspóid, is é sin an scrúdú Gaeilge a bheidh á dhéanamh ag formhór daltaí na tíre.

Ba é an t-údar gearáin ba mhó a bhí ag lucht cáinte na bpáipéar samplach go bhfuil an scrúdú ródheacair, róchasta agus rófhada do dhaltaí agus go leagtar béim i bhfad rómhór ann ar an litríocht seachas ar an gcumarsáid.

I suirbhé nua An Gréasán, thug 96.9% de na múinteoirí le fios gur bhraith siad go raibh siad “faoi bhrú” mar gheall ar na hathruithe ar na cúrsaí Gaeilge agus bhí 91.7% den tuairim go raibh “tacaíocht níos fearr de dhíth orthu” i dtaca leis na páipéir shamplacha agus na hathruithe sin.

Maidir le scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta bhí 80% den tuairim gur cheart an cúrsa a athrú agus 79.8% de na rannpháirtithe den tuairim nach bhfuil go leor béime “ar shealbhú teanga ná ar thuiscint agus ar fhorbairt scileanna teanga” sa chóras mar atá.

Bhí 83.5% den tuairim gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir na téacsanna litríochta do dhaltaí an ardleibhéil agus do dhaltaí an ghnáthleibhéil. 

Bunaíodh an grúpa ‘An Gréasán’ in 2018 chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhúinteoirí Gaeilge iarbhunscoile agus tá an grúpa ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú ar na páipéir shamplacha Ghaeilge don tSraith Shóisearach atá eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Dúirt Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag deireadh na bliana seo caite go raibh siad “sásta” le “struchtúr agus le hábhar” na bpáipéar samplach Gaeilge don tsraith shóisearach.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, dúirt Coimisiún na Scrúduithe Stáit go raibh siad “muiníneach” go gcabhródh na páipéir shamplacha nua le daltaí agus le múinteoirí agus go háirithe leosan a bheidh ar an gcéad dream a dhéanfaidh an scrúdú nua Gaeilge in 2020. 

Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit  sásta, a dúradh, go bhfuil na páipéir shamplacha ag teacht go hiomlán leis na leasuithe atá déanta ar an gcóras agus leis na  torthaí foghlama a leagadh síos mar chuid den chur chuige nua.

Fág freagra ar 'Formhór na múinteoirí Gaeilge míshásta le scrúdú na Sraithe Sóisearaí – suirbhé'

  • Iarla

    Arís, tá an ceart ag na múinteoirí ach níl siad ag éisteacht sa rialtas.