‘Forbairt ar bith’ le deich mbliana ar scéim theagasc na Gaeilge thar lear

Deir an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil géarghá le hathbhreithniú ar scéim teanga do theagasc na Gaeilge thar lear i bhfianaise figiúirí nua

‘Forbairt ar bith’ le deich mbliana ar scéim theagasc na Gaeilge thar lear

Léiríonn figiúirí nua nach bhfuil aon “dul chun cinn” déanta maidir le scéim de chuid Roinn na Gaeltachta a bunaíodh chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn thar lear.

Sin a bhí le rá ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív faoi eolas nua a léiríonn, dar leis, gur chóir don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú a dhéanamh ar a scéim do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear.

Dúirt Éamon Ó Cuív, a chuir tús leis an scéim do theagasc na Gaeilge in 2006 nuair a bhí sé ina Aire Gaeltachta, gur “cúis imní” dó nár tháinig “aon fhorbairt ná fás ar scéim a chruthaíonn go leor buntáistí don Ghaeilge agus do chainteoirí Gaeilge”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Cuív, gur scéim “tábhachtach a chuireann go mór le stádas na teanga go hidirnáisiúnta” ach mheas sé go raibh gá athbhreithniú a dhéanamh uirthi.

Léiríonn na figiúirí nua gur dhóichí gur lú airgead a chaithfear faoin scéim theagaisc i mbliana nár mar a caitheadh uirthi deich mbliana ó shin in 2009.

€992,658 a caitheadh ar an scéim in 2009 agus €794,461 atá caite go dtí seo i mbliana uirthi. 

Thug an Roinn le fios chomh maith go raibh 44 institiúid oideachais thar lear páirteach sa scéim i mbliana, an líon céanna a ghlac páirt inti in 2009.

De réir na bhfigiúirí 111 dalta a ghlac páirt sa scéim teagasc na Gaeilge thar lear anuraidh, mórán an líon céanna daltaí a ghlac páirt inti le roinnt blianta anuas.

“Is dóigh liom go bhfuil gá le hathbhreithniú ar an scéim lena í a láidriú. Tá athrú mór ar an saol, tá níos mó daoine ag déanamh staidéar ar líne agus is gá go gcuirfí an scéim in oiriúint do shaol an lae inniu.

“Tá féidearthachtaí móra ann cúrsaí Gaeilge ar líne á reáchtáil sna hinstitiúidí seo ina mbeadh deis ag mic léinn cuid mhór den staidéar a dhéanamh ar líne agus tréimhsí gairide a chaitheamh sna hinstitiúidí. Is gá na cúrsaí a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív gur léiriú iad na figiúirí nár tháinig forbairt cheart ar an scéim ó bunaíodh í.

“Ní haon mhaith breis airgid a chaitheamh ar an scéim go dtí go leagfar plean amach maidir leis na leasuithe a bhféadfaí a dhéanamh uirthi le go mbeadh sí oiriúnach do mhic léinn an lae inniu,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh súil ag a Roinn cur le líon na n-institiúidí a ghlacann páirt sa scéim sna blianta amach romhainn chun “dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh a spreagadh trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i Ceanada agus níos faide ó bhaile”.

Dúirt sé nach raibh aon athbhreithniú ar an scéim “beartaithe faoi láthair”.

Luaigh an tAire Stáit chomh maith an tionscadal ‘Fáilte ar Líne’ a chuireann cúrsaí Gaeilge ar líne ar fáil, tionscadal a dhéanann an Roinn cómhaoiniú air.

Fág freagra ar '‘Forbairt ar bith’ le deich mbliana ar scéim theagasc na Gaeilge thar lear'

  • Eoghan Mac Éinrí

    Foilsíodh taighde agus tuarascáil ar-líne ar an ábhar seo in 2006, le maoiniú ón Choimisiún Eorpach. Cuireadh an t-eolas ar aghaidh chuig an Aire agus chuig an Roinn srl. nuair a fograíodh an scéim seo thuas ar dtús, ach is cosúil nár tugadh aon aird air.
    Tá an tuarascáil ar fáil ag:

    http://www.cramlap.org

    agus ar shuíomh Shabhal Mór Ostaig, a bhuí sin le Caoimhín Ó Donnaíle