Foras na Gaeilge lena mbuiséad a phlé leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas go luath

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, sa Dáil inniu go raibh sé muiníneach go bhféadfaí ‘infheistíocht shuntasach’ bhreise a dhéanamh in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge roimh dheireadh na bliana

Foras na Gaeilge lena mbuiséad a phlé leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas go luath

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil sé i gceist an maoiniú a chuirtear ar fáil don eagraíocht trasteorann a phlé leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas go luath agus tuilleadh airgid á lorg.

Fógraíodh €300,000 breise don Fhoras i mBuiséad 2023 an tseachtain seo ach fágann an tsáinn ina bhfuil cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann i láthair na huaire gur deacair aon athrú suntasach a dhéanamh ar mhaoiniú an Fhorais.

Ní féidir airgead breise a bhronnadh ar an bhForas Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh agus ní féidir sin a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís.

Ar Chlár na Leabhar Gaeilge, a mhaoiníonn an Rialtas ó dheas amháin, a chaithfear an €300,000 in 2023.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, sa Dáil inniu go raibh sé muiníneach go bhféadfaí “infheistíocht shuntasach” bhreise a dhéanamh in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge roimh dheireadh na bliana.

Deir Foras na Gaeilge go bhfuiltear ag iarraidh go gcuirfí buiséad bonnlíne na heagraíochta ar ais chuig leibhéal 2008, nuair a bhíodh €21 milliún san iomlán á chur ar fáil ag an dá rialtas dóibh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn: “Aithníonn Foras na Gaeilge na deacrachtaí polaitiúla ó thuaidh agus na dúshláin ar leith a bhaineann leis sin agus buiséid á socrú d’Fhoras na Gaeilge agus don Fhoras Teanga, agus beimid á phlé sin leis an dá rialtas sna seachtainí beaga atá romhainn.”

D’fháiltigh Ó Coinn roimh an méadú ar an maoiniú a chuirtear ar fáil ó dheas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. €8.5 milliún breise ar fad a fógraíodh i mbuiséad Roinn na Gaeltachta agus tá €7.3 milliún á chur ar fáil do TG4 chomh maith.

Agus é ag labhairt sa Dáil inniu, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go mbeadh feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta ar fáil chun maoiniú an Fhorais a phlé leis an eagraíocht go luath.

Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige tuilleadh airgid a chur ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge chun feabhas a chur ar na córais díolacháin agus dáileacháin a bhíonn in úsáid ag foilsitheoirí Gaeilge.

Dúirt sé gurb é an t-ardú €300,000 a fógraíodh do Chlár na Leabhar Gaeilge an chéad ardú a fógraíodh i mbuiséad an chláir le seacht mbliana anuas.

Fágann an t-airgead breise gur thart ar €1.3 milliún a chuirfidh Roinn na Gaeltachta ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2023, thart ar an leibhéal maoinithe a bhí ann in 2011, a dúirt an tAire Stáit Chambers.

Thug sé le fios go bhfuil seans maith ann go gcuirfear tuilleadh airgid ar fáil d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge don bhliain seo chugainn mar aitheantas ar na dúshláin atá roimpi, áfach.

“Tá mé dóchasach go mbeidh tuilleadh airgid aon uaire ar fáil roimh dheireadh na bliana seo chun infheistíocht shuntasach a dhéanamh san earnáil.

“Leanfaidh muid ag caint le hoifigigh Fhoras na Gaeilge maidir leis an maoiniú breise aon uaire, go háirithe i dtreo feabhas a chur ar na córais díolacháin agus dáileacháin le linn na bliana seo chugainn.”

Chuir Roinn na Gaeltachta maoiniú aon uaire de €300,000 ar fáil don Fhoras i mbliana.

Is ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh a bhí an tAire Stáit. Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur chuir sé fáilte roimh aon mhaoiniú breise don earnáil ach go raibh tuilleadh ag teastáil agus é ag iarraidh go mbeadh Clár na Leabhar Gaeilge maoinithe mar a bhí roimh 2010, nuair a bhíodh suas le €1.8 milliún á cur ar fáil.

“Bhí deis ar leith ann i mbliana toisc nach raibh maoiniú Foras na Gaeilge chun ardú, bhí deis níos mó airgid a chur ar leataobh do Chlár na Leabhar Gaeilge agus tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó infheistithe ann,” a dúirt Ó Snodaigh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge le déanaí go raibh €1,000,000 eile ag teastáil chun feabhas a chur ar an tseirbhís dáileacháin leabhar a chuireann an foras teanga ar fáil.

Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge lena mbuiséad a phlé leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas go luath'