Folúntas don phost mar an státseirbhíseach is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus Máire Killoran ag éirí as

Post mar Stiúrthóir ar an Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg faighte ag Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Máire Killoran
Máire Killoran

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost mar Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Tuigtear gur sna seachtainí amach romhainn a thabharfaidh Killoran aghaidh ar an Eoraip, rud a fhágfaidh folúntas ann don phost mar an státseirbhíseach is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge de.

Is é Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an státseirbhíseach is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le polasaí teanga an Stáit, agus ba í Killoran, mar shampla, a bhí freagrach as feidhm a thabhairt don Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Ba ag deireadh na bliana 2010 a ceapadh Máire Killoran mar Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Roimhe sin bhí sí ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga.

Thug sí seacht mbliana ag obair mar iriseoir le Nuacht TG4 agus thug sí seal chomh maith i gceannas ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'Folúntas don phost mar an státseirbhíseach is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus Máire Killoran ag éirí as'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Straitéis Fiche Bliain don Ghaeltacht? Ní raibh fhios agam go raibh a leithéad ann.

  • Fearn

    An í seo an ghirseach a leomhaigh Gaeilge a labhairt le píléar ?

  • Tomás Ó hÓgáin

    ZZZzzzzzzz

  • Tomás Ó hÓgáin

    ‘Straitéis (nó ráiméis) 20 bliain na Gaeilge’
    A Sheáin Tadhg, a chara,
    Ar an gcéad dul sios lá breithe sona do Tuairisc.ie
    Seo an tarna alt léite agam faoi Mháire Killoran ar Tuairisc.ie le cúpla lá anuas agus an post breá is déanaí ar éirigh léi a bhaint amach di féin, comhghairdeas léi etc.
    Is fíorbheagán anailíse áfach a fheicim in aon cheann den dá alt ar a tréimhse mar Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta…. cén fáth?….. dar le Tuairisc.ie tá cúig bliana ann ó thosnaigh sí sa phost sin….. ag obair ‘mar an státseirbhíseach is sinsearaí sa tír a bhí ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta’. Cad faoin té a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi, má thagann. Bhí trácht i gceann den dá alt do ráiteas don ráiteas a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie…. “Déanfar machnamh cuí ar an gceist, ag cur treoracha, treoirlínte agus ciorcláin ar sholáthar foirne na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i gcuntas, chomh maith le Pleanáil na Roinne féin d’fhórsa saothair agus na riachtanais ghnó atá ag teacht chun cinn”. Ráiméis iomlán!!
    Cad faoi preasráiteas a lorg ar Mháire Killoran? Ráiteas faoi cheist na Gaeilge agus an Stáit san am sin, cad faoi a bhfuil i ndán don Ghaeilge ó thaobh an Stáit de in Éirinn,…. ná dearúd gur sise a bhí i bhfeidhil ar na ceisteanna sin le cúig bliana anuas? Sin é anois an ea? …….. conas ar éirigh léi na cuspóirí agus spriocanna an phoist sin a bhaint amach? Ar éirigh léi? .. rith maith ná drosheasamh an ea?
    Agus sinn ar an ábhar sin, conas, dar leat, ar éirigh le hIar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i gcur chun cinn na Gaeilge sa Stát? Seachas deis a thabhairt dó a thuairim féin amháin a chur trasna mar chuid de d’alt… ná cuirfeá ceist air siúd conas mar ar éirgh leis siúd??
    Thuigfeá do dhuine a cheapadh ná raibh sa dá alt ach ábhar a tógadh as leathanach de chineál LinkedIn dá cuid féin ag cur síos ar na háiteanna ina raibh sí fostaithe go dtí seo is aidhm leis an dá alt..
    “Ina ról nua mar Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg, beidh 200 ball foirne faoina stiúir agus buiséad €50 milliún faoina cúram.”
    Seans gur fiú a rá go soiléir gur beag an bhaint a bheidh ag an bpost nua seo i Lucsamburg le Gaeilge, cinnte i bhfad Éireann níos lú na an 1/24ú cuid pé scéal é.
    Cad faoi an maolú ar an nGaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe sa Pharlaimint agus sa Choimisiún…. cén bhaint le cúig bliana anuas a bhí aici mar Stiúrthóir na Gaeilge thar ceann an stáit leis an bhfeachtas maidir leis an maolú seo a bhaint nó síneadh eile a chur leis, rud a chuirfeadh leis na scórtha post a chruthú d’aistritheoirí agus d’ateangairí cáilithe agus le taithí ata ag feitheamh le fada leis na folúntais seo???? AR fhág sí aon tuairisc faoi seo nó an bhfuil an ceist sin le freagairt anois ag an té a thiocfaidh ina diaidh …. má thagann éinne ina diaidh sa phost??? Ábhar machnaimh atá griuama do chainteoirí na Gaeilge é seo go léir is baolach.
    Ar ndóigh isdócha gur fírinne an scéil ná gur mó i bhfad an bhaint atá ag a cumas agus a taithí i dteanga an Bhéarla ná a cumas sa Ghaeilge lena ceapachán sa phost seo i Lucsamburg….. is beag i ndáiríre baint atá ag an gceapachán i Lucsamburg le Gaeilge….. bí cinnte de rud amháin…. nuair a cuirtear na héillimh eile go léir le chéile a bheidh ag 23 teanga oifigiúil eile de chuid an AE, maidir leis an nGaeilge sa Ionaid Aistriúcháin úd i Lucsamburg… is é sin gur ag deireadh an liosta fada tosaíochtaí a bheidh an Ghaeilge….. (an é an seanscéal a bheidh ann arís? 23 teanga Oifigiúil móide an Ghaeilge mar theanga atá saghas oifigiúil.)

    Cad faoi straitéis (nó ráiméis) 20 bliain na Gaeilge agus cad faoin ngéirchéim sa Ghaeltacht agus titim an líon cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus an bhaint díreach agus lárnach atá ag an Stát, is baolach, le Béarlú na Gaeltachta lá i ndiaidh lae?? In áit ‘Stráitéis 20 Bliain’ ba chóir ‘Ráiméis 20 bliain’ a thabhairt air. Is mór m’eagla ná beidh aon Ghaeltacht ann faoi cheann 20 bliain, ach sin scéal eile…. nó an ea?