Foláireamh don scríbhneoir – ná bí faoi dhraíocht ag do chuid scríbhneoireachta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an lá cheana, tharla ár gcolúnaí ar locht follasach i radharc aicsin dá chuid nach raibh feicthe aige toisc go raibh sé faoi dhraíocht ag a chuid ‘céimeanna casta’ féin

Foláireamh don scríbhneoir – ná bí faoi dhraíocht ag do chuid scríbhneoireachta

Tharlódh go mbeadh scríbhneoir chomh tógtha sin le sliocht éigin ina chuid scríbhneoireachta féin nach bhfeicfeadh sé locht follasach. 

An lá cheana, tháinig mé ar fhadhb theicniúil i radharc a raibh mé fíorshásta leis san úrscéal atá idir lámha agam. Thar aon rud eile, bhí mé bródúil as an gcóiréagrafaíocht chasta sa sliocht áirithe sin – agus bá é sin go díreach an áit a raibh an locht. 

Sa radharc sin, tá an bheirt phríomhcharachtar ag siúl ar phromanáid, taobh le taobh, agus tarlaíonn díospóireacht eatarthu. Nuair a éiríonn duine acu an-oibrithe faoin gceist atá á plé, tosaíonn sé ag siúl os comhair an duine eile – tóin ar aghaidh, ionas go mbeidh sé aghaidh ar aghaidh lena chara. An chéad rud eile, radann an fear eile rois doirne bréige le smig an chéad fhir, agus ar an gcaoi sin tugtar isteach den chéad uair meafar lárnach an úrscéil: babhta dornálaíochta is ea cairdeas na beirte.

Ní fios cá mhéad uair a chleacht mé féin na céimeanna a chaithfeadh an bheirt charachtar a thógáil, ionas go mbeadh cuma chruinn agus nádúrtha ar mo chur síos ar a gcuid gluaiseachtaí. Agus i ndáiríre píre, d’oibrigh an sliocht. 

Ann féin.

Ach ansin, agus dréacht reatha an úrscéil á léamh ó thús deireadh agam, chonaic mé go raibh dearmad déanta agam go raibh a rothar á bhrú roimhe ag an gcéad duine – an fear a thiontaíonn timpeall, a shiúlann in aghaidh a thóna agus a mbuailtear rois doirne bréige ar a smig. Bhí an rothar sin ag teastáil ar chúis eile agus ní fhéadfainn fáil réidh leis.

An bhféadfadh duine siúl in aghaidh a thóna agus a rothar á bhrú aige ag an am céanna? Ar feadh nóiméad mire amháin rith sé liom triail a bhaint as, féachaint an bhféadfainn an sliocht lochtach a raibh mé chomh bródúil as a choinneáil. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig ciall chugam sula ndearna mé amadán asam féin amuigh ar an tsráid. 

Anois, cén chaoi ar shleamhnaigh an locht sin isteach sa radharc sin ar chor ar bith? Radharc fada atá ann agus ní luaitear an rothar ach uair amháin, díreach ag an tús. Ag an deireadh a bhí na céimeanna casta agus an dornálaíocht bhréige. Caithfidh sé gur chaith mé oiread dua leis an mioneachtra ghairid sin go ndearna mé dearmad ar an gcomhthéacs inar tharla sé.

Agus cén fáth nach bhfaca mé botún chomh follasach sin roimhe seo? Tá mé cinnte dearfa de nach bhfeicfinn ar chor ar bith é mura mbeinn tar éis sos seachtaine a thógáil ón úrscéal sular léigh mé tríd an dréacht reatha d’aon iarraidh amháin. Éiríonn an scríbhneoir dall ar na lochtanna ina shaothar féin nuair a chaitheann sé an iomarca ama as a chéile ag plé leis – nó nuair a éiríonn sé róthógtha lena chuid céimeanna casta féin.

Fág freagra ar 'Foláireamh don scríbhneoir – ná bí faoi dhraíocht ag do chuid scríbhneoireachta'

  • Pádhraic Ó Láimhín

    Thugas faoi dánta a chum páistí bunscoile agus meánscoile a fhoillsiú le dánta daoine fásta agus is comhlacht ó Shasana a d’ fhoillsigh iad dom i ndeireadh na dála.
    Suimiúil??