Foirne Chorca Dhuibhne cloíte agus an tarraingt déanta do na babhtaí ceathrú ceannais déanta i dTír Chonaill

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Foirne Chorca Dhuibhne cloíte agus an tarraingt déanta do na babhtaí ceathrú ceannais déanta i dTír Chonaill

Ciarraí

Crá croí ceart ab ea Deasúnaigh Oileán Ciarraí d’fhoirne Chorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo agus an ceann is fearr faighte ag foirne an chumainn sin ar fhir agus mná na Gaeltachta.

Bhí na Deasúnaigh rómhaith do Chumann Caide Ban Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chiarraí inné. Farasbarr sé phointe a bhí ag Oileán Ciarraí i Staid an Ghearaltaigh, 2-16 in aghaidh 3-7.

D’aimsigh Siobhán Ní Chuanaigh, Rua Ní Chuirnín agus Róisín Ní Chonchúir cúl an duine do mhná na Gaeltachta sa chéad leath ach is ar comhscór a bhí na foirne théis 30 nóiméad, 3-4 in aghaidh 1-10. Oileán Ciarraí a fuair an chéad sé scór sa dara leath agus ghlac siad ceannas ar an gcoimhlint agus chroch leo an chraobh

Ba ghéire an choimhlint idir An Ghaeltacht agus Oileán Ciarraí i gCraobh Idirmheánach na bhfear ach ba iad na Deasúnaigh a thug an lá leo agus an cluiche ceathrú ceannais buaite acu le haon chúilín amháin, 4-11 in aghaidh 3-13.

Bhí Éanna Ó Conchúir ar fheabhas don Ghaeltacht. 1-6 a fuair sé agus gan ach cúilín amháin acu sin ó chic saor. An bheirt deartháireacha Uí Shé, Tomás agus Óigí, a scóráil na cúil eile don Ghaeltacht. Bhí freagra ag na Deasúnaigh orthu i gcónaí, áfach, agus ceithre chúl dá gcuid féin a fuair siad. Ba é Adam O’Donoghue a fuair an cúl deireanach agus tá an Ghaeltacht díbeartha ó bhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe don dara bliain as a chéile.

Buaileadh Daingean Uí Chúis i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir na gClubanna inné chomh maith nuair a fuair Neidín an ceann is fearr orthu. Cé gur aimsigh Conor Geaney cúl don Daingean díreach tar éis an bhriseadh uisce, Neidín a bhí chun tosaigh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 1-5. Ba é an t-imreoir idirchontae Seán O’Shea, fear a scóráil 0-11 sa chluiche, a fuair na scóranna cinniúnacha sa dara leath chun an bua a fháil d’fhir Chiarraí Theas, 0-17 in aghaidh 0-13.

Port Láirge

Sáraíodh An Rinn sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí agus an ceann is fearr faighte ag an Sráidbhaile orthu i bPáirc Uí Fhearchair, 2-17 in aghaidh 1-5.

Fuair Donie Breathnach cúl den scoth don Rinn sa chéad leath ach d’fhág dua an fheachtais iomána a tháinig chun deiridh an tseachtain roimhe sin go raibh dornán imreoirí tábhachtacha in easnamh ar an Rinn don pheil. Bua éasca go maith, 2-17 in aghaidh 1-5, a bhí ag an Sráidbhaile ar deireadh. Caithfidh an Rinn an ceann is fearr a fháil ar churaidh an chontae, Baile na Cúirte, an deireadh seachtaine beag seo le seans ar bith a bheith acu teacht slán ó Ghrúpa A na craoibhe.

Dún na nGall

Rinneadh an tarraingt do bhabhtaí ceathrú ceannais na Craoibhe Sinsir i nDún na nGall ag an deireadh seachtaine agus beirt de bhoic mhóra an chontae, Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill, a thabharfaidh aghaidh ar a chéile. Theastaigh trí chluiche chun na foirne a scaradh óna chéile i gcluiche ceannais 2019 agus Naomh Conaill a bhuaigh faoi dheireadh, díoltas acu as cluiche ceannais 2018, nuair a fuair Gaoth Dobhair an ceann is fearr orthu.

Beidh Cill Charthaigh, a fuair an ceann is fearr ar Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine i gcluiche gan tábhacht, ag imirt in aghaidh Sheáin Mhic Cumhaill tar éis d’fhoireann Bhaile Féich áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile agus An Tearmann cloíte acu.

Bhuaigh Naomh Náille ar Bhaile na nGallóglach Dé Sathairn, 2-16 in aghaidh 0-9, chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais agus imreoidh siadsan in aghaidh Naomh Adhamhnáin. Naomh Micheál agus Aodh Ruadh Bhéal Átha Seanaidh atá sa chluiche ceathrú ceannais eile sa Chraobh Shinsir.

Bhí bua cumasach, 0-20 in aghaidh 0-6, ag Gleann Fhinne ar Na Ceithre Máistrí ach níor leor é chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais agus na babhtaí dícháilithe anois atá i ndán dóibh.

Imreoidh Gleann Fhinne in aghaidh Na Cealla Beaga, casfaidh An Tearmann ar Na Ceithre Máistrí, beidh Gleann tSúilí agus Ard an Rátha le chéile agus imreoidh Baile na nGallóglach in aghaidh Bhun Dobhráin sna babhtaí leathcheannais dícháilithe.

Gleann Fhinne agus an Tearmann a bheidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na mBan i dTír Chonaill arís i mbliana. Bhí bua maith ag An Tearmann ar Bhun an Phobail inné, 7-13 in aghaidh 3-9. Scóráil an sárthosach Geraldine McLaughlin 5-6 don Tearmann. Bhuail seaimpíní na bliana seo caite, Gleann Fhinne, greadadh ar Bhun Cranncha sa chluiche leathcheannais eile.

An Mhí

Beidh Bhulf Tón le seaimpíní 2020, Ráth Tó, i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na Mí tar éis d’fhir Bhaile Ghib an ceann is fearr a fháil ar Na Fianna ag an deireadh seachtaine. Bhí na cúil cinniúnach do Bhulf Tón, Cian O’Neill a d’aimsigh péire agus an t-iarimreoir idirchontae Cian Ward a scóráil an ceann eile ó chic éirice, agus an cluiche acusan 3-10 in aghaidh 1-13.

Gaillimh

Drochdheireadh seachtaine a bhí ag foirne iomána na Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe. Fuair Saighleán bua gan choinne in aghaidh Mhaigh Cuilinn, 5-9 in aghaidh 1-17, ach beidh Maigh Cuilinn fós sna babhtaí ceathrú ceannais den chraobh agus iad chun aghaidh a thabhairt ar an gCarn Mór faoi cheann coicíse.

Na babhtaí dícháilithe atá i ndán don Spidéal tar éis do Mhainistir Chnoc Muaidhe an ceann is fearr a fháil orthu, 1-19 in aghaidh 2-10. Is in aghaidh Chill Tormóir a bheidh fir Chois Fharraige sa chéad chluiche eile.

I gCraobh Shinsir Peile na mBan, tá áit bainte amach ag Maigh Cuilinn sna babhtaí leathcheannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Anna, Leitir Móir Dé Sathairn, 4-12 in aghaidh 2-7. Fathaigh an chontae, Cill Choirín/Cluain Bheirn, a bheidh in aghaidh Mhaigh Cuilinn anois.

Fág freagra ar 'Foirne Chorca Dhuibhne cloíte agus an tarraingt déanta do na babhtaí ceathrú ceannais déanta i dTír Chonaill'