Foclóir nua Gaeilge-Béarla d’fhoglaimeoirí ar an bhfód

Dúirt duine d’eagarthóirí an fhoclóra, an Dr Eoghan Mac Aogáin, go bhfuil an foclóir dírithe ar dhaltaí scoile agus ar lucht an chúpla focal

Foclóir-cropped3

Tá foclóir nua Gaeilge-Béarla foilsithe ag Coiscéim agus é dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga.

Is iad an Dr. Eoghan Mac Aogáin agus Máire Nic Mhaoláin a chuir an foclóir in eagar.

Ag caint dó ar an gclár An Saol ó dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúirt an Dr Mac Aogáin go bhfuil 4,000 ceannfhocal san fhoclóir ach gurb iad na focal is mó úsáid atá curtha ann ag an bhfoireann eagarthóireachta chun daltaí scoile a mhisniú.

Dúirt sé go bhfuil súil aige go meallfar daltaí scoile chun síneadh a bhaint as na focail agus na leaganacha is comónta dá bhfuil ann agus iad a chur i bhfeidhm ina gcuid obair scoile, go mór mór aistí. Rinne sé cur síos ar an bhfoclóir sa chomhthéacs sin mar “foclóir ceapadóireachta”.

Dúirt sé go bhfuil “easpa misnigh” ag cur as do go leor scoláirí sa chóras oideachais i dtaca leis an nGaeilge de, de bharr nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh acu. Tá cúis mhaith leis an méid sin, más ea, i dtuairim an Dochtúra Mac Aogáin. “Tá sí [an Ghaeilge] ar cheann des na hábhair is déine ar an gcuraclam,” a dúirt sé ar An Saol ó dheas. Baineann an dúshlán céanna le gach teanga, áfach, agus an Dr Mac Aogáin den tuairim go bhfuil sé “deacair teangacha a fhoghlaim”.

Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an foclóir nua seo ina chabhair d’fhoghlaimeoirí na teanga. Tá leaganacha as na canúintí ar fad curtha san áireamh ann ach iarracht déanta méid áirithe neodrachta a bhaint amach sa saothar agus “Gaeilge lárnach” a thuigeann cách a chur i gcló ann.

An Bunfhoclóir Gaeilge-Béarla is ainm don fhoclóir agus is é Coiscéim a fhoilsitheoir.

Fág freagra ar 'Foclóir nua Gaeilge-Béarla d’fhoglaimeoirí ar an bhfód'