FÍSEÁN: Tá ag ‘éirí leis an Straitéis 20 Bliain’ a deir Aire Stáit na Gaeltachta, in ainneoin figiúirí daonáirimh

Deir polaiteoirí sa fhreasúra gur cruthúnas na figiúirí nua go bhfuil polasaí an Rialtais ‘in aimhréidh’ agus tá ‘cruinniú práinneach’ á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an Taoiseach

FÍSEÁN: Tá ag ‘éirí leis an Straitéis 20 Bliain’ a deir Aire Stáit na Gaeltachta, in ainneoin figiúirí daonáirimh

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil “an-dul chun cinn” á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, in ainneoin an laghdaithe atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát ó 2011.

Tá ráite ag polaiteoirí agus gníomhaithe teanga araon go léiríonn na figiúirí nua go bhfuil ag teip ar pholasaí teanga an Rialtais, agus tá “cruinniú práinneach” á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an Taoiseach, Enda Kenny, chun figiúirí Dhaonáireamh 2016 a phlé leis.

Ag labhairt dó sa Dáil inniu, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nach raibh ach sé bliana den Straitéis 20 Bliain caite agus go raibh ardú tagtha ar an méid airgid atá ar fáil di.

D’fhógair an tAire Stáit níos túisce inniu go bhfuil allúntas ar fiú €850,000 san iomlán é á chur ar fáil ag a Roinn don phleanáil teanga sa Ghaeltacht i mbliana.

Thug an tAire le fios go ndáilfear €735,000 den allúntas sin ar Údarás na Gaeltachta agus €115,000 ar Fhoras na Gaeilge .

“I bhfianaise thorthaí Gaeilge an daonáirimh a foilsíodh inniu, is léir go leanann na dúshláin atá roimh an nGaeilge mar theanga. Is gá ár gcuid iarrachtaí a threisiú tuilleadh – mar fhorais stáit, mar eagraíochtaí Gaeilge agus mar phobal i gcoitinne chun na dúshláin sin a cheansú.

“Is ea is mó seans go mbeidh toradh bisiúil ar ár gcuid iarrachtaí ar fad má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid d’fheidhmiú na straitéise, a bhfuil an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta mar chuid lárnach de,” a dúirt an tAire Stáit ina ráiteas.

Dúirt an Teachta Dála Peadar Tóibín gur léirigh torthaí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh ar maidin, go raibh polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge “in aimhréidh”. Dúirt sé go raibh duine as gach triúr ag fágáil na scoile gan aon Ghaeilge acu. Dúirt sé chomh maith go raibh “Béarla éigeantach” i bhfeidhm sa Stát de thoradh pholasaí an Rialtais.

“Cathain a chuirfear an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm?” a d’fhiafraigh Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil, den Aire.

Thagair urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, don laghdú 16% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Dhún na nGall.

Mhaígh an tAire Stáit gurb é líon na ndaoine a chuaigh ar imirce ó Dhún na nGall le blianta beaga anuas ba chúis leis an dtitim sin i líon na gcainteoirí Gaeilge.

Tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh ar maidin.

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Titim 0.56% a bhí i gceist maidir le daonra iomlán na Gaeltachta idir 2011-2106. Thit líon na ndaoine sa Ghaeltacht a dúirt go raibh Gaeilge acu 3.8%. Dúirt 66,238 den 96,090 duine sa Ghaeltacht go raibh Gaeilge acu, ach ní cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ach duine as gach triúr acu sin.

Bhí an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.

Sa Ghaeltacht bhí glanlaghdú de 2,589 duine i gceist sa tréimhse chéanna.

Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (23.6%), Ciarraí (18%) agus Dún na nGall (15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist.

Idir an dá linn, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur léir “nach bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30” agus go bhfuil cuid mhaith den locht ar “easpa infheistíochta” sa Straitéis ag rialtais na hÉireann ó 2010,

Dúirt Uachtarán an Chonartha go raibh an teanga i “gcruachás” sa Ghaeltacht dá bharr.

“Nuair a thugann Rialtas faoi straitéis nua in aon earnáil eile, ar nós na straitéise um fhorbairt tuaithe le déanaí, déantar measúnú ar an maoiniú atá ag teastáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus cuirtear buiséad breise ar fáil.

Dúirt Comer go raibh an Straitéis 20 Bliain do Ghaeilge 2010-30 “lochtach ón tús” toisc na gciorruithe a cuireadh i bhfeidhm ar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

D’imigh Comer ar an Rialtas plean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, ar aontaigh 80 grúpa leis, a chur i bhfeidhm.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nár chóir “a bheith iomlán éadóchasach” faoi thorthaí an lae inniu.

“Níor chóir dearmad a dhéanamh go bhfuil an céatadán de dhaoine le Gaeilge tar éis fás ó níos lú ná 20% den daonra 100 bliain ó shin go beagán níos lú 40% sa lá atá inniu ann,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Tá ag ‘éirí leis an Straitéis 20 Bliain’ a deir Aire Stáit na Gaeltachta, in ainneoin figiúirí daonáirimh'

  • Éadóchasach

    Cuireann sé sin meon lucht an Bhreatimeachta i gcuimhne dom. An teip atá ar an Straitéis 20 Bliain, teip a bhí le feiscint go soiléir le blianta anuas, le léamh anois i bhfigiúirí agus níl aon ní le cloisint ón rialtas ach an seanphort céanna: “Is éard atá i gceist leis an Straitéis 20 Bliain ná Straitéis 20 Bliain agus tá ag éirí go maith leis”. Mo náire sibh…

  • Fearn

    “an-dul chun cinn”

    An news is fakeúla amuigh!!

  • Manus

    Léiríonn na figiúir go bhfuil an teanga náisiúnta i ngéarchéim. Ní haon chabhair í bréagdhóchas Chonradh na Gaeilge. Ní chuireann an titim suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla sn “Ghaeltacht” Oifigiúil iontas ar éinne a bhíonn sna siopaí is na pubanna sna ceantracha is láidre ó thaobh labhairt na teanga i measc an phobail. Níl i gceist níos mó sa Ghaeltacht Oifigiúil ach dornán breacGhaeltacht ina bhfuil teach anseo is ansiúd ina labhairtear Gaeilge. Tá an tobar ag tráth agus an Stát is cúis leis. Cén fhad eile a mhairfidh an “charade” ón Stát go bhfuil cearta teanga ag Éireannaigh sa Stáitín iarchóilíneach seo. Snámh in aghaidh easa atá Conradh na Gaeilge. Teastaíonn réabhlóid teanga ní straitéis phatfhuar 20 bhliain.

  • Niall

    Tá Gaeilge iontach galánta ag an Taoiseach Enda Kenny ach níl suim ar bith aige ins an teanga. Bunóidh sé agus an rialtas Coimisiún nua den sórt éigin chun fiosrúchán a dheanamh agus an fadbh a cícéail síos an bóthar don chead ghlúin eile.

  • Jamie Ó Tuama

    ASNC ab ea?