FÍSEÁN/TUAIRISC: ‘An ceart ag an gCoimisinéir faoi laige na pleanála teanga gan barántas Stáit’ – Príomhfheidhmeannach ÚnaG

Pléadh dualgais an Stáit seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta le linn seoladh Thuarascáil Bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga 2014

Ta tacaíocht tugtha ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Steve Ó Cúláin don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a dúirt ina thuarascáil bhliantúil inniu nach raibh aon chiall leis go mbeadh an Stát ag leagan dualgais ar na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a ullmhú dá gceantair féin fad is go raibh an Stát ag diúltú aitheantas a thabhairt dá gcuid freagrachtaí reachtúla féin.

“Caithfidh an státchóras a chuid féin a dhéanamh mar ní fhéadfaí an pobal a fhágáil leo féin,” a dúirt Steve Ó Cúláin le Tuairisc.ie. Dúirt sé freisin go mbeadh an tÚdaras “ag dul i gcomhphairtíocht” leis an bpobal agus “go gcaithfidh na Ranna Stáit eile an rud céannna” a dhéanamh. “Céim chun cinn” a thug sé ar an tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo caite ina moltar dréachtpholasaí oideachais nua don Ghaeltacht.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuiltear ag fanacht fós le “barántas” go gcuirfidh an Stát féin a chuid seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge. Sheol sé tuarascáil speisialta inniu atá leagtha os comhair Thithe an Oireachtais aige  faoi dhiúltú na Roinne Oideachais géilleadh do chinneadh de chuid Oifig an Choimisinéara gur sárú ar an Acht Oideachais é tabhairt ar scoileanna Gaeltachta glacadh le múinteoirí gan Gaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gurb é seo a an chéad uair dó-san a leithéid de thuarascáil a chur os comhair Thithe an Oireachtais “ach déanaim é gan aon leithscéal a ghabháil”. Dúirt sé nach féidir glacadh le córas a d’fhágfadh an baol ann go fóill go gceapfaí múinteoirí ar bheagán Gaeilge i scoileanna Gaeltachta.

D’fháiltigh Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta, roimh sheoladh na tuarascála sin agus dúirt sí go “dtacaíonn sí go hiomlán leis an seasamh” atá tógtha ag an gCoimisinéir Teanga.

Dúirt Ní Ghréacháin le Tuairisc.ie go raibh sí ag súil go mbunófaí painéal ar leith do mhúinteoirí a bheadh sásta dul i mbun teagaisc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Dúirt sí go raibh easpa cumais agus easpa toilteanais i measc múinteoirí maidir le múineadh i scoileanna den chineál sin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN/TUAIRISC: ‘An ceart ag an gCoimisinéir faoi laige na pleanála teanga gan barántas Stáit’ – Príomhfheidhmeannach ÚnaG'

  • Páid Ó Donnchú

    Trua gur fhán an t-Údarás ina dtost nuair a tháinig na millte go dtí Na Forbacha ag gearán faoi Acht na Gaeltachta. Anois agus an capall imithe, tá siad glórach, agus fios maith acu go bhfuil sé ródheireannach.