FÍSEÁN: ‘Osréalaíoch’ go rabhthas ag brath ar Bhéarla ag cruinniú Oireachtais faoi chás na Gaeilge sa státchóras

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais gur léiriú ar ‘staid na teanga sa Stát seo’ é nach raibh ar chumas na Roinne Caiteachais Phoiblí duine le Gaeilge a sholáthar don chruinniú faoi líon na ndaoine le Gaeilge sa státseirbhís

FÍSEÁN: ‘Osréalaíoch’ go rabhthas ag brath ar Bhéarla ag cruinniú Oireachtais faoi chás na Gaeilge sa státchóras

Bhí sé “osréalaíoch” gur ag brath ar an mBéarla a bhí ionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu agus ceisteanna faoi chás na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta á bhfreagairt acu ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

B’in a dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge Catherine Connolly le linn an chruinnithe i dTithe an Oireachtais ag ar labhair ionadaí na Roinne Caiteachais i mBéarla amháin.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách gur léiriú ar “staid na teanga sa Stát seo” ab ea é nach raibh ar chumas na Roinne Caiteachais Phoiblí duine le Gaeilge a sholáthar don chruinniú.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá i bhfeighil ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.

Ina dhiaidh sin, d’admhaigh Dáithí Ó Caingne, Rúnaí Cúnta sa Roinn Caiteachais Phoiblí, nach raibh Gaeilge ag an bhfostaí de chuid na Roinne a bhíonn ag déanamh monatóireachta ar chur chuige na Roinne i leith na Gaeilge. Thug sé le fios chomh maith le linn an chruinnithe nach raibh aon duine fostaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí féin a raibh dualgas orthu seirbhís a chur ar fad i nGaeilge.

Mhaígh Ó Caingne go raibh “iarrachtaí maithe” ar bun le líon na ndaoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu a mhéadú, ach dúirt sé nárbh ionann sin agus a rá nach raibh aon locht ar an gcur chuige a bhí ann.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Osréalaíoch’ go rabhthas ag brath ar Bhéarla ag cruinniú Oireachtais faoi chás na Gaeilge sa státchóras'

  • Aonghus

    Buachaill é Daithí Ó Caigne (Rúnaí Cúnta, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe)! Bhí tú ag déanamh go breá le do fhreagraí Béarla sa bhfíseán nó gur éirigh tú stadach ag 9.03 ag rá go mbíodh TEG á úsáid ag an PAS ach go bhfuil a gcóras measúnaithe féin acu anois atá ‘robust’ agus ba léir do chách ansin an cur i gcéill agus dalamullóg!

    Chaithfeadh sé go bhfuil caighdeán iontach Gaeilge ag an PAS nuair nach raibh TEG sách maith acu agus ar ndóigh sé a mhalairt is fíor.

    Níor mhór dhuit dul ar ais chuig pébí comhlucht caidreamh poiblí a hearcaíodh chun slacht a chur ort agus tuilleadh cleachtaidh a dhéanamh sula a scaoilfear amach arís thú! Ach ‘is deacair olann a bhaint de ghbhar’. Mo náire sibh!

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc!

  • MacAnRí

    Iompar Seafóideach

  • Ben Ó Ceallaigh

    Ceap magaidh amach is amach é seo. Náireach. Léiriú eile (tá mé ag éirí sách ataí’ daofa faoi seo!) ar cé chomh imeallaithe is atá na Gaeil…

  • Eoin Ó Riain

    Tá mé ag smaoineamh ar a dúirt an Uachtarán fadó is é ag caint futha siúd “for whom Irish isn’t half dead enough!” (2009?)
    Agus mar a dúirt sé níos déanaí “Tá sé ag cur as dom le blianta fada go bhuil easpa éigin inár Státchóras maidir le so-fheictheacht na Gaeilge ag na leibhéil is airde.
    “Ó na ranna Rialtais éagsúla agus i measc ard-fheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil agus eagrais Stáit is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil leis a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint.” (24 Meith 2016 – Aras an Uachtaráin)
    Is léir go dtuigeann seiseann ár gcás ach is léir nach duigeann na stáit sheirbhísigh mar ghrúpa (agus is léir nach féidir iad siúd a thuigeann rud ar bith a rá go dtí go n-éiríonn siad as a gcuid chúramaí ar phinsean!)
    Ní dóigh liom go dtuigeann ár bPoiliteoirí féin an cheist agus is léir nach bhfuil siad (seachas corr duine ina measc) ceannaireacht ar bith dúinn.

  • Eoin Ó Riain

    Tá mé ag smaoineamh ar a dúirt an Uachtarán, “Tá sé ag cur as dom le blianta fada go bhuil easpa éigin inár Státchóras maidir le so-fheictheacht na Gaeilge ag na leibhéil is airde.
    “Ó na ranna Rialtais éagsúla agus i measc ard-fheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil agus eagrais Stáit is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil leis a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint.” (24 Meith 2016 – Aras an Uachtaráin)
    Is léir go dtuigeann seiseann ár gcás ach is léir nach duigeann na stáit sheirbhísigh mar ghrúpa (agus is léir nach féidir iad siúd a thuigeann rud ar bith a rá go dtí go n-éiríonn siad as a gcuid chúramaí ar phinsean!)
    Ní dóigh liom go dtuigeann ár bPoiliteoirí féin an cheist agus is léir nach bhfuil siad (seachas corr duine ina measc) ceannaireacht ar bith dúinn.

  • Emer Ní Ronáin

    Tá sé fíor…tré thaisme chonac an píosa atá i gceist agus bhí na toscairí ón gCoiste ag brath ar an aistiúchán go Béarla a fuaireadar sna headphones a chaith gach duine acu. Bí a caint ar sheafóid agus jócanna! Tharla sé. Is ar éigin a chreideas an méid a bhí os mo chomhair amach. Go dtí gur labhair C. Connelly faoi, agus bhí sí nótáltha. Níor chreideas go raibh caighdéan na Gaeilge chomh hiseal sin go dtí go bhfaca mé na hamadáin seo a bhíonn ag obair in ainm an Stáit. Táimíd náirithe acu.