FÍSEÁN: Deireadh curtha 70 nóiméad luath le ráitis bhliantúla faoin nGaeilge sa Dáil de bharr easpa cainteoirí

35 nóiméad a mhair ráitis bhliantúla Sheachtain na Gaeilge sa Dáil inniu agus gan dóthain Teachtaí Dála ann chun go rachfaí ar aghaidh leis an díospóireacht

FÍSEÁN: Deireadh curtha 70 nóiméad luath le ráitis bhliantúla faoin nGaeilge sa Dáil de bharr easpa cainteoirí

Cuireadh críoch le ráitis bhliantúla Sheachtain na Gaeilge sa Dáil inniu 70 nóiméad níos luaithe ná mar a bhí beartaithe toisc nach raibh aon Teachta Dála eile i láthair chun ráiteas a dhéanamh.

Ag 3.50pm a tháinig deireadh leis an díospóireacht faoin nGaeilge a bhí in ainm is críochnú ag 5pm.

Ní hamháin gur chríochnaigh an díospóireacht os cionn uair an chloig luath ach bhí sé mall ag tosú chomh maith toisc go ndeachaigh an díospóireacht a bhí ann roimhe sin, plé faoin diaspóra, thar am.

Dheimhnigh Oifig an Phríomh-Aoire do Tuairisc.ie tráthnóna gur cuireadh deireadh leis an díospóireacht faoin nGaeilge mar nach raibh dóthain Teachtaí Dála i láthair chun labhairt faoin ábhar.

Ní raibh i láthair sa Dáil do na ráitis bhliantúla faoin nGaeilge inniu ach Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus ceathrar Teachtaí Dála eile. Dúirt urlabhraí ó Oifig an Phríomh-Aoire le Tuairisc.ie gur thug roinnt Teachtaí Dála eile le fios go raibh suim acu ráiteas faoin nGaeilge a dhéanamh, ach go raibh cúraimí coiste agus eile orthu nuair a tháinig sé chuige.

Cuireadh tús leis na ráitis do Sheachtain na Gaeilge sa Dáil tráthnóna inné nuair a labhair an tAire Stáit agus triúr Teachtaí Dála eile faoi chás na teanga.

Bhí roinnt Teachtaí Dála ag gearán inniu agus inné go raibh na ráitis faoin nGaeilge ar siúl ag an am céanna a raibh cruinnithe de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán á reáchtáil.

Mhaígh Teachtaí Dála áirithe gurbh í sin ba chúis leis an tinreamh íseal do na ráitis faoin nGaeilge sa Dáil. Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie, áfach, gur éirigh leis na Teachtaí Dála ar fad a bhí i láthair ag cruinnithe an choiste ráiteas faoin nGaeilge a dhéanamh sa Dáil chomh maith, seachas an Teachta Dála Catherine Connolly a raibh cúraimí an chathaoirligh uirthi ag na cruinnithe céanna.

Ochtar den 158 Teachta Dála a thug ráiteas faoin nGaeilge le dhá lá anuas: Peadar Tóibín (SF), Carol Nolan (SF), Éamon Ó Cuív (FF), Aindrias Ó Múineacháin (FF), Brendan Howlin (LO), Maureen O’Sullivan (NS) agus Catherine Martin (CG).

Níor thug aon Teachta Dála de chuid Fhine Gael ráiteas faoin teanga, seachas Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Deireadh curtha 70 nóiméad luath le ráitis bhliantúla faoin nGaeilge sa Dáil de bharr easpa cainteoirí'