FÍSEÁN: Cuid ‘thábhachtach’ an ghaelscolaíocht de ‘thuras oideachais’ na tíre – Varadkar

‘Creidim go daingean go bhfuil ról tábhachtach ag an ngaelscolaíocht mar chuid de thuras oideachais na tíre seo’, a deir an Taoiseach Leo Varadkar agus Gaelscoil an Chuilinn á hoscailt go hoifigiúil aige i mBaile Átha Cliath. Físeán le Róisín O’Hara

FÍSEÁN: Cuid ‘thábhachtach’ an ghaelscolaíocht de ‘thuras oideachais’ na tíre – Varadkar

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé “dírithe ar chaighdeán na Gaeilge agus an t-oideachas lán-Ghaeilge a threisiú chomh fada agus is féidir”.

Ag labhairt dó ag oscailt ofigiúil Gaelscoil an Chuilinn i mBaile an Tirialaigh i mBaile Átha Cliath, dúirt an Taoiseach bhfuil “go leor fós le déanamh ó thaobh na Gaeilge de” ach go mbraitheann sé “go bhfuilimid ag dul sa treo ceart”.

Dúirt sé go raibh “dúshláin ann i leith na Gaeilge mar mhionteanga sa tír i gcoitinne” ach gur léir dó “go bhfónann an tumoideachas a sholáthraíonn gaelscoileanna” do chur chun cinn an dátheangachais.

“Creidim go daingean go bhfuil ról tábhachtach ag an ngaelscolaíocht mar chuid de thuras oideachais na tíre seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur mhian leis “dea-shampla a thabhairt don phobal” mar Thaoiseach na tíre trí “níos mó daoine a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid ina ngnáthshaol”.

“Mar a dúirt mé sa Dáil roinnt míonna ó shin, tá an-chion agam ar ár dteanga dhúchasach agus, le blianta anuas, tá iarracht déanta agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge.

“Níl mé féin fós chomh tapa ná chomh líofa agus ba mhaith liom a bheith as Gaeilge, ach tá iarracht mhór á déanamh agam agus tá dul chun cinn déanta agam le bliain nó dhó anuas – tá súil agam,” a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar. 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cuid ‘thábhachtach’ an ghaelscolaíocht de ‘thuras oideachais’ na tíre – Varadkar'