FÍSEÁN: ‘Canaim amhrán dóchais i dteanga bhinn na Fódhla’ – amhrán Gaeilge nua curtha amach d’Oíche Chultúir

Tá ‘Amhrán Dóchais’ le Muireann Nic Amhlaoibh, Emma Ní Fhíoruisce, Niamh Varian-Barry, Gerry O'Beirne agus Ciarán Ó Gealbháin, eisithe ag Ealaín na Gaeltachta. Cuireadh amach an t-amhrán mar chuid den togra Tonn Fuaime leis an ealaíontóir Áine Ní Chíobháin

Amhrán Dóchais

(Dán a scríobh Osborn Bergin i 1913, le fonn ‘Mór Chluana’ a bhailigh Patrick Weston Joyce in 1873)

Slán go deo le brón is buairt,

Slán gan mhoill dár gcaoineadh dhuairc.

Canaim amhrán dóchais i dteanga bhinn na Fódhla,

’Gus seasaimis go beomhar os comhair an tsaoil.

Ní bheam feasta leasc gan luail,

Cráite, cromtha, fannlag, fuar.

Neart is brí na hóige

Dár dtarraingt tríd a’ gcomhlann,

Is bainfimidne an ceo seo do phór na dtréan.

Clanna Gael faoi réim gan ruaig!

Beidh siad saor is béarfaidh bua.

Leanfaimidne an lóchrann

Do las ár sinsir romhainn,

Is ní heagal linn go bhfeofaidh

A gcró ’nár ndiaidh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Canaim amhrán dóchais i dteanga bhinn na Fódhla’ – amhrán Gaeilge nua curtha amach d’Oíche Chultúir'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Amhrán Náisiúnta na nGael

  • Concubhar

    Is leagan álainn nua de sean amhrán é seo.

  • Éilis Ní Anluain

    Tá sé ráite agat a Dháithí!

  • Dee

    Go hálainn ar fad.

  • Seosamh

    “nuachurtha” seachas “nua curtha” sa chomhthéacs áirithe seo, sílim.

  • Éamonn Ó Dónaill

    Tógáil croí.