Fiosrúchán neamhspleách ar bun ag Roinn na Gaeltachta faoi líomhaintí sceithire

Tá sé deimhnithe ag an Aire Heather Humphreys go bhfuil fiosrúchán amháin ar bun ina roinn i dtaobh líomhaintí sceithire

Fiosrúchán neamhspleách ar bun ag Roinn na Gaeltachta faoi líomhaintí sceithire

Tá sé deimhnithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil fiosrúchán ar bun ag a roinn maidir le líomhaintí a rinneadh faoi scáth na reachtaíochta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go ndearna ball foirne de chuid Fhoras na Gaeilge líomhaintí faoi scáth na reachtaíochta nochtuithe cosanta maidir le cur chuige an Fhorais ó thaobh teacht ar chóiríocht oifige nua i mBaile Átha Cliath.

Shéan Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil aon bhunús leis na líomhaintí. Is é seo an chéad uair gur bhain ball foirne in eagraíocht Ghaeilge leas as an reachtaíocht seo.

Tugadh an reachtaíocht nochtuithe cosanta isteach le cosaint agus tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne a bheadh ag déanamh líomhaintí faoi éagóir san ionad oibre.

Thug an tAire Humphreys le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil fiosrúchán amháin ar bun ina roinn i dtaobh líomhaintí a rinneadh faoi scáth na reachtaíochta ar tugadh isteach í chun cosaint a thabhairt do bhaill foirne a bheadh ag déanamh líomhaintí faoi éagóir san ionad oibre.

Rinne an tAire Humphreys cur síos chomh maith ar an bpróiseas a bhaineann le fiosrú na líomhaintí.

Mhínigh sí gur cheart don té a chreideann go bhfuil éagóir thromchúiseach ar siúl san ionad oibre an méid sin a chur in iúl ar dtús dá bhainisteoir líne, nó do dhuine níos sinsearaí ná sin má mheasann an gearánaí nach féidir leis an gearán a dhéanamh lena bhainisteoir líne.

Is féidir chomh maith, a dúirt an tAire Humphreys, gearán díreach a dhéanamh le Rúnaí Cúnta na roinne sa rannóg corparáide, an té sa roinn atá freagrach as déileáil le líomhaintí a dhéantar faoi scáth na reachtaíochta nochtuithe cosanta.

Féadann an Rúnaí Cúnta fiosrúchán neamhspleách a bhunú chun a chinntiú nach mbíonn aon bhaint ag na daoine san eagraíocht a mbaineann na líomhaintí leo leis an bpróiseas.

“My Department has confirmed however that it is currently carrying out an investigation, in line with the process set out in the Department’s policy, on foot of a submission which it recently received,” a dúirt an tAire Humphreys.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán neamhspleách ar bun ag Roinn na Gaeltachta faoi líomhaintí sceithire'