Fiosrú poiblí neamhspleách dlite d’íobartaigh Birmingham

50 bliain ón dá bhuama i gcathair Birmingham i 1974 tá gaolta na marbh agus daoine a gortaíodh fós ag iarraidh freagraí

Fiosrú poiblí neamhspleách dlite d’íobartaigh Birmingham

Beidh sé in annála Shasana go deo, smál náireach ar riar na córa, iomrall ceartais ar sheisear fear a ciontaíodh gan chúis agus éagóir stáit ar íobartaigh sa mhullach ar an uafás a rinne an tIRA orthu. Sin oidhreacht bhuamáil Birmingham ar an 21 Samhain 1974, pléascanna inar maraíodh 21 duine agus inar gortaíodh os cionn 200.

50 bliain ón dá bhuama, sna tábhairní Tavern in the Town agus an Mulberry Bush,  tá gaolta na marbh agus daoine a gortaíodh fós ag iarraidh freagraí – agus an chóir. Ba é an sladmharú ba mheasa sa Bhreatain san fichiú haois é cé is moite d’aimsir chogaidh. Deir an feachtas Justice 4 the 21 nach staonfaidh siad go dtí go mbunófar fiosrú poiblí neamhspleách. Tá freagraí dlite dóibh ón IRA a leag na buamaí –beag seans, cheapfá – agus ó na póilíní agus an státchóras fré chéile.

Cé gur ciontaíodh san éagóir seisear a dtugtar an Birmingham 6 orthu níl aon duine a bhí freagrach ciontaithe. Níor deineadh fiosrú ceart. Tá fianaise ‘caillte’ nó caite amach, buama nár phléasc ar iarraidh agus dá bhrí sin an t-eolas ar fad a bheadh le cruinniú uaidh curtha amú. Bhí an t-ionchoisne teoranta, ainmníodh baill den IRA a bhí freagrach ach níor tharla tada dá bharr sin. B’in an chéad uair ag an IRA éinne a ainmniú maidir leis an eachtra, beag beann ar sheisear nach raibh aon bhaint acu leis a bheith ciontaithe. Tá na páipéir stáit oifigiúla a bhaineann leis an ionsaí faoi ghlas go ceann 25 bliain eile, 75 bliain ar fad.

Oíche Dhéardaoin a bhí ann, a bpá faighte an lá sin ag go leor oibrithe agus iad ag dul amach ag bualadh le cairde le haghaidh oíche spraoi. Bhí an dá theach tábhairne plódaithe nuair a phléasc na buamaí tamall tar éis a hocht a chlog. Bhí an tríú buama in ionad eile ach níor phléasc sé sin. Seachtar ban agus ceithre fhear déag a maraíodh, déagóirí ab ea seachtar agus bhí cúigear eile faoi bhun 25 bliain d’aois.

Bhí Maxine Hambleton 18, í ina seasamh le cara in aice le croílár na pléisce san Tavern in the Town; bhí sí i measc naonúir a maraíodh ansin. Cailleadh deichniúr sa phléasc san Mulberry Bush agus maraíodh beirt a bhí ag siúl thar bráid. Is iad deirfiúr agus deartháir Maxine, Julie agus Brian, a bhunaigh an feachtas Justice 4 the 21. Tá sé cúig bliana déag ó thosaigh Julie ag cur brú ar na póilíní chun fiosrú nua a thionscnamh. Bhí díomá agus alltacht uirthi nach raibh an t-uafás á scrúdú as an nua ag na póilíní ó cuireadh ar ceal ciontú lochtach sheisear Birmingham i 1991 tar éis sé bliana déag a bheith caite i bpríosún acu.

‘Appalling vista’ a thug an Phríomh-Bhreitheamh, an Tiarna Denning, ar chás na bhfear ar buaileadh iad chun admhálacha bréige a shracadh astu, gur baineadh leas as fianaise fhóiréinseach lochtach agus gur ghlac na cúirteanna le cás chomh heasnamhach ó na póilíní. Fíoraíodh an radharc ainnis áfach agus bhain an t-iomrall ceartais ar sheisear Birmingham maille le ceathrar Guildford/seachtar Maguire croitheadh as riar na córa sa Bhreatain. Is dá bharr a bunaíodh an CCRC, coimisiún a dhéanann athbhreithniú ar phianbhreith i gcás coiriúil.

Mhaigh Paddy Joe Hill agus Billy Power de sheisear Birmingham go raibh an feall a rinneadh ar na híobartaigh chomh holc leis an éagóir a rinneadh orthu féin nó níos measa. I ndiaidh bhreith an ionchoisne in 2019 gurbh iad an tIRA a mharaigh an 21 duine agus gur chuir doiléire an rabhaidh faoi bhuamaí a bheith leagtha i lár na cathrach moill ar oibríochtaí slándála, gheall Priti Patel mar Státrúnaí Gnóthaí Baile go scrúdódh sí an t-éileamh ar fhiosrú poiblí. Ní dhearna rialtas na gCaomhach tada.

Tá an Státrúnaí reatha, Yvette Cooper, ag scrúdú an éilimh anois is cosúil. ‘Cén fáth a bhfuil sinne ag fanacht chomh fada is atá?’ a fhiafraíonn Julie Hambledon. ‘Céard atá le folú ag an stát?’ ar sí. Tá amhras go bhfuil caidreamh idir na seirbhísí faisnéise agus brathadóirí san IRA á cheilt. Bhí imní mhór ar an lucht feachtais go gcuirfeadh reachtaíocht chonspóideach na dTóraithe, an tAcht Oidhreachta, bac iomlán ar fhiosrú na heachtra.

Táthar ag súil go mbeidh malairt polasaí ag rialtas Starmer. Bhí fiosrú poiblí ann faoin ionsaí i Manchain ag coirm cheoil Ariana Grande, fiosrú poiblí faoin tine in Grenfell Towers mar ba cheart, a dúirt Julie Hambledon. Údar dóchais é go bhfuil fiosrú poiblí bunaithe maidir le buamáil na hÓmaí i 1998 agus gur ceadaíodh fiosrú poiblí i mbliana faoi mharú an dlíodóra Pat Finucane.

Bheadh fiosrú poiblí in ann iallach a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt. Is baolach gur beag fianaise a chuirfeadh an tIRA nó iar-IRA ar fáil ach seans go mbeadh eolas inmhuiníne ag daoine fúthu. Ó thaobh na n-údarás de bheadh fáil ag an mbreitheamh, ar a laghad ar na páipéir oifigiúla agus ábhar eile atá faoi rún. Níor bheag sin agus sé an rud is lú é atá tuillte ag na céadta a d’fhulaing go díreach agus go hindíreach ón uafás.

Fág freagra ar 'Fiosrú poiblí neamhspleách dlite d’íobartaigh Birmingham'