Fios ag na Muimhnigh agus na Connachtaigh gur dóigh go mbeidh a rás rite má theipeann arís orthu

I bPáirc Uí Chaoimh a bheas Cúige Mumhan amárach agus tá neart le ceartú acu i gcoinne Gloucester

Fios ag na Muimhnigh agus na Connachtaigh gur dóigh go mbeidh a rás rite má theipeann arís orthu

Cúige Uladh agus Cúige Laighean amháin a bhí sásta lena gcuid torthaí agus a gcuid iarrachtaí i mBabhta 1 de na comórtais Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite. Fiú má bhí Cúige Laighean sásta leis an mbearna seacht bpointe dhéag a bhí idir iad agus Harlequins, ní dóigh gurb amhlaidh an cás maidir lena gcur chuige i dtréimhsí fada den chluiche. Is léir ón taispeántas a thug foireann Átha Cliath go bhfuil an t-uafás deacrachtaí le sárú ag Leo Cullen más leis a fhoireann a threorú chuig cluiche ceannais eile de Chorn na gCuradh.

Sárthaispeántas ó thús go deireadh atá á thuairisciú agam maidir le cluiche na nUltach agus iad ag oscailt bearna ollmhór 54 pointe ar Racing 92. Ní fiú tada eile a rá.

Faraor, níl ach deacrachtaí i mbeagnach chuile ghné de chur chúige na Mumhan agus Chonnacht le tuairisciú agam. Mar sin féin chuir foireann na Gaillimhe tús maith lena gcuid iarrachtaí sa mBreatain Bheag sular lig siad na maidí le sruth sa dara leath.

Ní raibh ach naoi nóiméad caite nuair a chláraigh Bath an chéad cheann de chúig úd i gcoinne na Mumhan. Ní raibh freagra ar bith ag na Muimhnigh ar shíor-ionsaí Bath agus iadsan ag clárú scór 40-14 ina gcoinne. Náire agus ábhar machnaimh amháin a bhí i gcampa na Mumhan ag deireadh an lae.

Sin críoch leis an gcasaoid.

Tá sé le déanamh acu ar fad arís agus fios ag na Muimhnigh agus ag na Connachtaigh gur dóigh go mbeidh a rás rite má theipeann orthu an deireadh seachtaine seo.

As baile i gcoinne na Leicester Tigers, foireann a chaill i mBabhta 1 den chomórtas a bheas Cúige Laighean anocht. Is é Cúige Laighean rogha na coitiantachta don choimhlint seo ach más leo sin a dhéanamh, caithfidh siad fáisceadh mór a dhéanamh ar an gcosaint, sa síneadh agus ar a meon aigne.

I bPáirc Uí Chaoimh a bheas Cúige Mumhan amárach agus tá neart le ceartú acu i gcoinne Gloucester, foireann a bhuaigh i mBabhta 1. Is minic roimhe seo a bhí droim na Muimhneach le balla agus nuair a bhíonn, is nós leo leas a bhaint as an mbrú sin chun a lucht leanúna a shásamh. Tá na mílte acusan ag dul go Corcaigh agus ní éistfear le haon leithscéal!

Beidh Cúigí Uladh agus Chonnacht ag imirt ag an am céanna oíche amárach. Beidh Cúige Uladh as baile agus iad ag iarraidh cur leis an tús dearfach a chuir siad leis an gcomórtas. Caerdydd, foireann a chaill i mBabhta 1 a bheas mar fhreasúra acu. Mar sin féin is iad Caerdydd atá sa dara háit ar thábla an URC, dhá áit níos airde ná na hUltaigh. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar, ach má leanann imirt na nUltach mar atá sé ó thús an tséasúir ní bheidh siad gan seans.

Sa mbaile a bheas Cúige Chonnacht i gcoinne Black Lion, foireann as Tbilisi na Seoirsia. Ach an oiread le Cúige Chonnacht, chaill Black Lion freisin i mBabhta 1 an deireadh seachtaine seo caite. Is cuma cén léamh ná casadh a chuirtear ar réiteach Chonnacht don chluiche seo, ní féidir tada eile seachas bua d’ fhoireann an bhaile a thuar. Go deimhin, ní bheadh glacadh le haon toradh eile.

Fág freagra ar 'Fios ag na Muimhnigh agus na Connachtaigh gur dóigh go mbeidh a rás rite má theipeann arís orthu'