Fíorpholasaí an stáit muid a ruaigeadh isteach sna bailte móra

Is é an trua nach dtuigeann muintir na tuaithe an neart a d’fhéadfadh a bheith ionainn dá gcuirfeadh muid le chéile go héifeachtach

Fíorpholasaí an stáit muid a ruaigeadh isteach sna bailte móra

Nuair a scríobh mé ar an suíomh seo le gairid gur géar a theastódh eagraíocht nua a sheasfadh ceart do mhuintir na tuaithe is beag a shíl mé go bhfuil iarrachtaí ar bun cheana féin sa tír seo lena leithéid d’eagraíocht a bhunú.

Feilméaraí atá i dtús cadhnaíochta san obair. Tháinig siad le chéile in Áth Luain agus d’áitigh siad go gcaithfeadh feilméaraí cur ar a son féin go polaitiúil lena slí mhaireachtála a chosaint.

Dúirt mé san alt sin a scríobh mé gur mhaith an beart do na teachtaí neamhspleácha réigiúnacha agus do theachtaí na tuaithe eagar níos fearr a chur orthu féin. Mhol mé freisin gur cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an mbean atá i gceannas ar eagraíocht pholaitiúil feilméaraí san Ísiltír. Sin í Caroline van der Plas, iníon le bean Éireannach, Nuala Fitzpatrick.

Mar a tharla rinne van der Plas teagmháil leis an dream a bhí ag an gcruinniú in Áth Luain agus chuir sí comhairle orthu.

Níor ghá go mbeadh na teachtaí neamhspleácha ar aon fhocal i gcónaí dá mbeidís páirteach sa gcineál eagraíochta atá ag teastáil. Bheadh saoirse vótála acu sa Dáil ach bheadh prionsabail bhunúsacha acu a gcaithfeadh siad ar fad glacadh leo.

Le go mbeadh na prionsabail sin daingean agus seasmhach theastódh gluaiseacht phobail a bheadh ag obair ar comhchéim leis na teachtaí sa Dáil. Conradh na Tuaithe a thabharfainnse orthu. Dhéanfaidís siúd taighde, choinneoidís cás na tuaithe dúisithe seasta síoraí sna meáin chumarsáide agus bhaileoidís airgead le tuilleadh teachtaí a bheadh ar a dtaobh a chur sa Dáil.

Ní mór dúinn a bheith san airdeall i gcónaí ar thráchtairí a bhíonn á thabhairt le tuiscint gur mionlach atá ina gcónaí faoin tuath. Is ionann an tuath agus na ceantair atá taobh amuigh de na cathracha a dúradh i dtuarascáil CEDRA a réitíodh don rialtas cheana faoi cheannas Phat Spillane

Sílim féin gur dearmad a bheith ag caint ar pháirtí feirmeoirí a bhunú anseo mar sin féin. Ní taobh le feilméaraí atá na ceantair thuaithe. Ní mór cosaint a thabhairt do na feirmeoirí cinnte ach tá fadhb na tuaithe níos leithne ná sin.

Tá muid ar fad sna ceantair seo faoi bhrú. Ní thagann lá sa mbliain nach mbíonn téamh an domhain á chur inár leith. Tá muid céasta cráite ag rialacha míréadúla pleanála agus is léir don dall faoin tráth seo gurb é fíorpholasaí an stáit muid a ruaigeadh isteach sna bailte móra, taitníodh sin linn nó ná taitníodh.

Tá an eagraíocht atá ag Caroline van der Plas ag déanamh an-dul chun cinn go deo. 50,000 feilméara atá san Ísiltír. Tá i bhfad níos mó feilméaraí ná sin i bPoblacht na hÉireann

Sea, tá go leor againn ann. Is é an trua nach dtuigeann muid an neart a d’fhéadfadh a bheith ionainn dá gcuirfeadh muid le chéile go héifeachtach.

Níl sé rómhall fós.

Fág freagra ar 'Fíorpholasaí an stáit muid a ruaigeadh isteach sna bailte móra'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá bánú na tuaithe ar siúl ar fud na cruinne agus is uafásach an rud é. Ní leor eagraíocht
    náisiúnta a sheasfadh an fód in Éirinn: d’fhéadfaí fírinne an ráitis ‘Ní neart go cur le chéile’ a chruthú ach seasamh idirnáisiúnta a ghlacadh ar an gceist seo. Ní scanródh 50 míle duine rialtas ar bith, ach scanródh 50 milliún iad.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Agus tá ag éirí leis an stát sa ruaigeadh chun na cathrach seo! I nGarumna agus i Leitir Mealláin níl siopa ná oifig phoist fágtha. Is gearr a bheas bunscoil i Leitir Mealláin. Níl na gasúir ann mar nach bhfuil na lánúnacha óga ann. Gan seirbhísí cuí agus na laincisí pleanála atá ann faoi láthair, cá mbeidís ag fanacht? Agus ní feirmeoirí na daoine seo. Aontaím le Seosamh gur chóir dúinn seasamh le chéile, muide muintir na tuaithe. Le chéile is bríomhaire sinn! Caithfidh an lárnú seo stopadh nó ní bheidh sa gceantar tuaithe ach aiteann, driseachaí, neantógaí is copógaí.