Fíor-chorruair gur ag an ngliomach féin a bhíonn inseacht an scéil

Tá sé ag breith isteach ar scór go leith bliain ó bhrúigh mé isteach an doras tosaigh ar óstán beag i mbaile i lár Shasana cúpla scór míle ó áit ina raibh ócáid mhór spóirt ar bun

Fíor-chorruair gur ag an ngliomach féin a bhíonn inseacht an scéil

Cladóir nó iascaire seans a dúirt gur fánach an áit ina bhfuil teacht ar an ngliomach.

Is fíor freisin gur fánaí ná sin arís an áit a gcasfaí an piara ort – duine mór le rá. Piarda a thugann an Muimhneach ar a leithéid sílim. Seans gur eisean is cirte mar go bhfeicim focal Chonamara luaite freisin leis an rud ar a dtugtar ‘céibh’ ansiúd.

Tá sé ag breith isteach ar scór go leith bliain ó bhrúigh mé isteach an doras tosaigh ar óstán beag i mbaile i lár Shasana cúpla scór míle ó áit ina raibh ócáid mhór spóirt ar bun. Cé a bheadh i ngreim ar an taobh eile den doras agus é ar a bhealach amach ach iarThaoiseach de chuid na tíre seo. Bhí sé cosnocht agus gan ag sábháil a chuid náire ach ceann de na fallaingeacha bána sin a bhíonn crochta i seomraí folctha. Dhá choisméig eile agus bheadh sé i lár na príomhshráide.

Baineadh geit damanta as nuair a chonaic sé an trácht taobh thiar díom. Nuair a bhí sé tagtha chuige féin mhínigh sé go mba ar a bhealach aníos as an linn snámha in íochtar staighre a bhí sé nuair a chuaigh sé amú. Ghabh sé buíochas agus leithscéal, d’iompaigh ar a sháil agus d’imigh leis faoi dheifir.

Thuig mé dó. Cá bhfuil an té againn nach ndearna rud éicint mar é. Dá dtarlódh sé inniu bheadh a chuid spreangaidí spréite ar fud an domhain ag teileafóin phóca agus ag Facebook sula mbeadh dídean faighte aige ina sheomra.

Ní hé nach bhfuil a dtairbhe féin ag na teileafóin chéanna. Faraor ní raibh siad ar an saol nuair a sheas George Foreman le m’ais ag Cluichí Oilimpeacha Los Angeles i 1984. I mo sheasamh i scuaine sa mbialann a bhí mé nuair a thit an dorchadas i mo thimpeall. Bhreathnaigh mé suas féachaint arbh iad na bolgáin leictreacha a bhí cliste. Níorbh iad. Scáile George Mór a bhí ag ceilt an tsolais – tráidire ina lámh féin agus eisean é féin ar thóir a bhricfeasta.

Cosamar deich mbliana roimhe bhain Muhammed Ali an Choróin Trom-mheáchain de Foreman sa troid cháiliúil Rumble in the Jungle i Kinshasa. Faoin am ar chroith mise lámh leis, soiscéalaí a bhí ann, ach ar ndóigh d’fhill sé ar an dornálaíocht agus bhí sé 45 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé an choróin ar ais i 1994.

Thóg duine éicint a bhí sa scuaine agus a raibh ceamara aige pictiúir dínn agus gheall é a sheoladh chugam.

Mo léan.

An rud ba ghaire a chuaigh d’íomhá George a bheith crochta ar an mballa sa mbaile ab ea nuair a cheannaigh mé ceann de na gríoscáin údaí a tháinig amach ina ainm blianta dár gcionn. Choinnigh mé ag róstadh air go dtug sé uaidh.

Timpeall an ama sin freisin bhí mé suite cois an chuntair Tigh Khruger i nDún Chaoin tráth arbh é Páidí Ó Sé a bhí ina bhun. Mar atá a fhios agaibhse a sheas ann, is tábhairne den seandéanamh atá ann – teach dhá stóir ina raibh fuinneoga a bhí beag go leor. Ní raibh aon chaint ar an ‘panoramic view’ nuair a bhí Kruger sa timpeall.

Fós, bhí dóthain léargais agam féin agus ag na custaiméirí eile ar a chéile, nó gur oscail an doras agus gur dhorchaigh an seomra – solas an lae ceilte orainn ag fathach fir nár mhinic a facthas a shárú ó thaobh toirte ná airde in Iarthar Duibhneach.

Sna sála aige bhí Liam Ó hUigín as Lios Póil, fear a bhuaigh Craobhacha na hÉireann ag imirt le Ciarraí, a bhí ina roghnóir leo ina dhiaidh sin agus ina chraoltóir le Raidió na Gaeltachta agus le Radio Kerry, gur sciob an bás uainn é in 2006.

Bhí barúil agam cérbh é an fathach, ach ní raibh mé cinnte dó gur labhair Liam.

“Seo é imreoir rugbaí na Fraince Jean Condom,” a deir sé. “As Tír na mBascach dó agus tá sé tagtha chuig an taobh seo tíre mar gur mhaith leis aithne agus eolas a chur ar mhuintir na Gaeltachta.”

Sa lá atá inniu ann is beag peileadóir a imríonn sa dara ró nach bhfuil os cionn 2m (6’6”) ar airde agus 117k (18½ c) meáchain mar a bhí Condom. An uair sin ní raibh. Chuir sé iontas orainn chomh séimh agus a bhí sé ina bhealach agus an tsuim a bhí aige i stair agus in oidhreacht an cheantair a bhí ina thimpeall.

Níl a fhios agam ar cuireadh ar an eolas é an bhliain dár gcionn go mba é fear an tí san áit ar ól sé na cúpla deoch i nDún Chaoin a chroch Sam in airde i bPáirc an Chrócaigh lá Chluiche Ceannais na hÉireann. B’fhéidir é.

Fíor-chorruair gur ag an ngliomach féin a bhíonn inseacht an scéil, ach bhí a leithéid ag Páidí.

Le breacadh an lae maidin Luan i mí an Mhárta 1979 a bhain sé a chuid oibre amach i gCathair Luimnigh tar éis do Chiarraí an bua a fháil ar Chorcaigh i gcluiche sraithe i bPáirc Uí Chaoimh. Bhí an oíche caite aige i gcuideachta a chuid comrádaithe imeartha – póit an diabhail ar Pháidí nuair a tharraing sé air éide an Gharda sa mbeairic ar Shráid Liam i Luimneach.

Níor thaobhaigh sé an oifig ar an mbealach amach. Nuair a bhíonn tinneas óil ar dhuine ní dona an plean píosa siúil a dhéanamh leis an intinn a chur i bhfearas. Ach beagán den ádh a bheith ort cá bhfios nach dtiocfá ar áit chúlráideach ina bhféadfaí néal a scaoileadh tharat.

Agus Páidí ina sheasamh i ndoras na beairice a tháinig an ‘Manna as na Flaithis’. Scuadcharr folamh agus an eochair inti díreach lena ais. Sa gcarr de léim, amach Bóthar an Duga ag faire amach ar áit fholaithe.

Ní raibh i bhfad le dul aige, Sean-Pháirc Ráiseanna Capall Luimnigh a bhí i ngar do láthair. 11 acra d’fhoscadh ar fáil ann ag an té a bhí ag fulaingt agus gan súil le mac an pheata ann go mbeadh an chéad lá rásaí eile ar siúl amach sa bhfómhar.

‘Nótáltha’, mar a déarfadh an Garda Ó Sé féin, a lig siar a shuíochán, a chuir a chaipín anuas ar a aghaidh agus a bhí ag srannadh in imeacht cúpla nóiméad.

Dhá uair an chloig dár gcionn dhúisigh torann gluaisteáin a bhí ag tarraingt isteach lena thaobh as a chodladh é. Ceann eile sa tóin aige sin agus ceann eile fós ina dhiaidh sin arís. Go righin, réidh chaith Páidí leathshúil amach faoi bhun an hata……..dá charr gardaí lena ais agus cúpla ceann de chuid an Bhrainse Speisialta á dtionlacan!

Rap ar bhfuinneog. Nuair a d’oscail Páidí sin go maolchluasach céard a bheadh ina sheasamh taobh amuigh ach Coimisinéir Cúnta agus scata eile ar chéimeanna as sin síos lena ais.

“Howarya Páidí, did ya nod off there?” a deir duine acu.

“Yera, I had an auld match yesterday and I’m a bit wrecked, but tell me lads, what are ye doing out here?”

“Well Páidí, we’re checking out the venue for the Pope’s visit to Limerick next September. The Holy Father will be saying a mass out here and we are sussing out the place for a security plan.”

‘Nach fánach an áit a bhfuil teacht ar dhuine,’ a dúirt an gliomach leis féin!

Fág freagra ar 'Fíor-chorruair gur ag an ngliomach féin a bhíonn inseacht an scéil'