Ficsean atá i ngrianghraf, a bhréagnaíonn agus a dhaingníonn a bhfuil le feiceáil ann

D’uireasa an ghrianghraif, ní chuimhneodh duine ar an nóiméad áirithe seo – thréigfeadh an nóiméad an chuimhne ina bhealach féin

Ficsean atá i ngrianghraf, a bhréagnaíonn agus a dhaingníonn a bhfuil le feiceáil ann

Go minic, bíonn níos mó sásaimh le baint as féachaint ar ghrianghraf ná cúpla nóiméad a chaitheamh ag breathnú ar scannán. De bhrí go bhfuil idir loime agus aonaracht i ngrianghraf, bréagnaíonn sé agus daingníonn sé a bhfuil le feiceáil ann. Cruthaíonn grianghraf ficsean. Agus is cosúil go bhfuil cuspóir ar leith ag baint leis sin.

D’uireasa an ghrianghraif, ní chuimhneodh duine ar an nóiméad áirithe seo. Thréigfeadh an nóiméad an chuimhne ina bhealach féin.

I mBarcelona sa mbliain 1988 chonaic mé mo dhóthain íomhánna den úrscéalaí Eduardo Mendoza – grianghrafanna i nuachtáin agus ar chlúdaigh leabhar – ionas gur cheap mé go raibh aithne agam air. Ós rud é go raibh mé ag scríobh leabhar faoin gcathair, chuir mé agallamh ar roinnt mhaith daoine mór le rá an bhliain sin, ach níor chuir agallamh ar Mendoza.

Ina áit sin léigh mé City of Marvels go cíocrach, leabhar dá chuid a foilsíodh den chéad uair sa mbliain 1986, agus thosaigh mé ag iarraidh eolas a chur ar a chuid foinsí, go háirithe na foinsí a phléigh le hathchruthú chathair Barcelona ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois. Tá an acmhainn chéanna ag Mendoza agus atá ag E.L. Doctorow ina úrscéal Ragtime: tá sé in ann scríobh faoin am atá imithe ar bhealach éadrom agus nádúrtha, bealach nach bhféadfadh a bheith ag duine gan mioneolas buanseasmhach agus tuiscint ar na foinsí.

Ní féidir an cineál sin eolais a shú isteach i mbliain nó dhó, is cuma cá mhéad ama a chaitheann tú i leabharlann. Agus dá réir sin bhí mé in éad le Mendoza. Níor chas muid lena chéile, áfach, nó gur bhuaigh an bheirt againn duais liteartha i Santiago de Compostela i nGalicia sa mbliain 2012. Tháinig Mendoza in éineacht lena bhean chéile, an t-aisteoir Catalónach Rosa Novell.

Ní mé ar piocadh suas muid san aerfort beag bídeach sin ag an am céanna agus ar thaistil muid isteach chun na cathrach le chéile. Pé scéal é, thug mise agus Rosa Novell faoi deara ag am eicínt go raibh siopaí spéisiúla sa gcathair. Tá mé cinnte nár ghlac Mendoza páirt sa gcomhrá fúthu.

Lá bronnta na nduaiseanna, ós rud é gur áit an-Chaitliceach é Santiago de Compostela, beartaíodh go ndéarfaí Aifreann san ardeaglais in onóir don bheirt úrscéalaithe. Cé go bhfuil sé deacair i gcónaí a bheith cinnte faoi aindiachas duine, thug Mendoza le tuiscint dom go soiléir, ar nós fhormhór na gCatalónach, nach raibh spéis ar bith aige i Máthair Naofa na hEaglaise.

Ina ainneoin sin, shuigh muid thuas gar don altóir agus théadh muid ar ár nglúine agus d’éiríodh inár seasamh ag an am ceart i gcónaí. D’éist muid le seanmóir ghairid. Agus ansin, tháinig an buaicphointe. Luascaidís an botafumeiro inár n-onóir. Dóire ollmhór túise é seo atá ar crochadh taobh leis an altóir. Nuair a chuirtear ag luascadh é tá sé sách mór le gluaiseacht trasna leithead na heaglaise ar fad. D’fhéadfá a rá gan aon áibhéil go maródh sé thú dá mbuailfeadh sé sa mullach thú. Ní mór go leor daoine lena choinneáil faoi smacht agus é ag gluaiseacht anonn is anall ar nós na gaoithe tríd an séipéal. Is iontach an radharc é. Chuir sé iontas ar Mendoza.

B’fhéidir gur cheart stopadh ag an nóiméad sin. Gur cheart pictiúr a thógáil de nuair a d’ardaigh sé a chloigeann agus iontas air san ardeaglais mhór úd. B’fhéidir go bhféadfadh an ceamara an cúlra uigeach cloiche agus an beagáinín sceipteachais a bhí i súile Mendoza a aimsiú is a léiriú.

Ach tharla tuilleadh agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina ghrianghraf freisin: chuaigh mé féin agus Rosa Novell ag siopadóireacht agus d’fhág muid Mendoza inár ndiaidh san Parador, an t-óstán sa bpríomhchearnóg. Is cuimhneach liom gur cheannaigh mé hata agus gur chuidigh sí go cineálta cúramach liom an ceann ceart a roghnú. Chomh maith leis sin, cheannaigh mé roinnt píosaí criadóireachta atá fós agam. (Tá an hata agam fós freisin.) Thaitnigh a comhluadar liom.

Dá réir sin bhí sceitimíní orm nuair a chuala mé go raibh seans ann go mbeadh sí ar an stáitse i léiriú Catalóinise de dhráma de mo chuid, The Testament of Mary. Bheadh dhá léiriú ann, an péire acu á stiúradh ag Agustí Villaronga atá cáiliúil de bharr an scannáin Black Bread ón mbliain 2010. Blanca Portilla, a raibh páirt aici in Broken Embraces agus Volver de chuid Pedro Almodóvar, a chuirfeadh an leagan Spáinnise, a d’aistrigh Enrique Juncosa ar stáitse, duine ar chuir mé aithne air agus é ina stiúrthóir ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

I samhradh na bliana 2014, nuair a léiríodh an leagan Spáinnise, ba mhinic a chuaigh mé chuig beár os comhair na hamharclainne i ndiaidh na léirithe chun cúpla gloine beorach a bheith agam le Blanca Portilla ionas go dtiocfadh sí chuici féin ó pháirt na Maighdine Muire a dhéanamh. Scaití, thagadh Agustí freisin, ach ní fhanadh sé i bhfad. Fearacht formhór na stiúrthóirí drámaíochta, bhíodh sé airdeallach ar scríbhneoirí, nó b’fhéidir gur ormsa amháin a bhí sé airdeallach. (Lá níos faide anonn bheadh sé ina stiúrthóir ar leagan drámatúil de m’úrscéal House of Names.)

Oíche amháin d’eagraigh sé cóisir ina árasán in aice le Carrer Trafalgar ag a raibh ceol agus damhsa.

D’fhéadfadh cuma chríochnúil a bheith ar ghrianghraf ón oíche sin – aisteoir, stiúrthóir, scríbhneoir agus a gcuid cairde ag gáire agus ag ól, an seó ina rabhadar críochnaithe. B’fhéidir go gcroithfeadh muid uilig ár lámha os comhair an cheamara.

Ach ní hin é an scéal. Ní faoin oíche sin an scéal. Tosaíonn an scéal le heaspa, le ciúnas – le duine a bheith ar lár. Nuair a chuathas ar aghaidh ag obair ar an leagan Spáinnise, thug mé faoi deara nach raibh aon duine ag caint faoi Rosa Novell mar aisteoir don leagan Catalóinise níos mó. Bhí iontas orm. An raibh sí ag obair áit eicínt eile nó an ndearnadh socrú eile? Níor chuir mé aon cheist. Dá mba ghá go mbeinn ar an eolas, chuirfí ar an eolas mé agus ghlac mé leis sin.

Bhí sé tamall sular chuala mé céard a tharla. Ní raibh Rosa go maith, frítheadh amach go raibh ailse uirthi. Ní raibh an phrognóis go maith. Agus bhí an chosúlacht air go raibh sí ag éirí dall. Ba léir nach nglacfadh sí aon pháirt sa dráma.

Ach shocraigh sí go ndéanfadh sí iarracht. Thosódh sí ag foghlaim na línte agus í ag baint úsáid as téipeanna agus leideoir. Agus thosaigh Agustí agus an léiritheoir Javier Pérez Santana á scannánú agus í ag foghlaim na línte nach ndéarfadh sí ar stáitse choíche, ag ullmhú do pháirt nach ndéanfadh sí choíche i láthair lucht féachana beo.

Théis do Rosa bás a fháil, sheoladar an scannán – El Testament de Rosa – chugam, ach níor bhreathnaigh mé air. Cúpla uair, áfach, tharla sé gur bhreathnaigh mé ar an dá nóiméad go leith den scannán atá ar fáil ar YouTube. Chonaic mé cé chomh tinn agus a bhí Rosa, agus cé chomh séimh agus cúramach a bhí Agustí léi. Ní raibh aon taithí aici a bheith ina dall. Ní raibh tuairim aici cén chaoi a dtiocfadh sí isteach i seomra. Bhí sí ag braistint roimpi lena lámha go míshuaimhneach neirbhíseach. Ach cé is moite de sin bhí sí ag foghlaim na línte as Catalóinis agus ag oibriú amach bealaí lena rá.

An samhradh seo, ós rud é go raibh an scannán ar fáil ar cheann de na hardáin sruthaithe de chuid na Spáinne, bhreathnaigh mé air ó thús deireadh, an cúig nóiméad agus daichead de. Fuair Rosa bás sa mbliain 2015 agus í 62 bliain d’aois. Agus fuair Agustí Villaronga bás freisin in Eanáir na bliana seo, agus é 69 bliain d’aois.

Tá nóiméad amháin sa scannán ar bhreá liom dá dtógfaí grianghraf de. Cuireann Agustí ceist ar Rosa faoin tuiscint a bhí aici ar an Maighdean Mhuire agus í ina páiste. Ar feadh soicind, níl Rosa ag streachailt lena cuid daille féin ach í ag oibriú amach cé mhéad mothúcháin phearsanta is féidir léi a chur isteach sa ról. Tá ceist Agustí dáiríre. Ba mhaith leis go dtosódh Rosa ag smaoineamh, ag labhairt faoina cuid tuairimí religiúnacha le linn a hóige. Tá aisteoir agus stiúrthóir ag obair. Dá dtógfaí an grianghraf ó uillinn áirithe, cheapfá gur gnáthnóiméad teannais le linn cleachtaidh é.

Ach is scannán é seo. Tá Rosa ag aithris cuid de na línte, na cinn is mó a phléann le heagla agus brón, le cineál pian sháinnithe inmheánaithe. Tá a fhios aici go bhfuil an micreafón casta air agus ag taifeadadh a gutha. Ach níl sí in ann an ceamara a fheiceáil. Agus dá réir sin, tá an chosúlacht air go bhfuil an ceamara ag goilliúint uirthi. Cén chaoi nach mbeadh? Tagann a cuid dímrí chun solais anois. Ní mé cá mhéad cur i gcéill atá ann má tá tada. Ba bhreá liom a cheapadh go mbeadh Rosa ag díriú a haghaidh i dtreo an cheamara d’aon turas, gur ísligh sí a guth nó gur labhair le mothúchán folaithe de bhrí gur thuig sí an méid cumhachta a bheadh aige sin sa scannán gearr seo, scannán faoi bhean ag deireadh a saoil atá ina haisteoir freisin agus í ag iarraidh an bealach is fearr chun a páirt sa dráma an dhéanamh a oibriú amach.

Tá cúpla íomhá sa scannán a tógadh i dteach atá lonnaithe ar chnoc os cionn Barcelona, teach inar chónaigh Rosa Novell le Eduardo Mendoza. Sílim gur féidir liom seomra staidéir Mendoza agus a chuid leabhragán a fheiceáil.

Agus tugann sé sin siar ar bhóithrín na smaointe mé, siar cúig bliana is tríocha ó shin nuair a léigh mé a úrscéal City of Marvels den chéad uair. Nach muid a bhí aineolach faoina raibh le teacht! Nach mbeadh sé go deas an clog a chasadh siar ionas go bhféadfadh muid tosú as an nua arís, breathnú ar chúpla grianghraf den spraoi agus den chraic a bhí againn, gan éinne ag déanamh scannán faoin daille nó faoin mbás nó faoi iarracht an duine leanacht ar aghaidh ag obair ainneoin fios maith a bheith aici gur ghearr go dtiocfadh deireadh leis an saol.

Fág freagra ar 'Ficsean atá i ngrianghraf, a bhréagnaíonn agus a dhaingníonn a bhfuil le feiceáil ann'