Fianaise maidir le líomhaintí ciaptha gnéis le tabhairt ag láithreoir teilifíse Gaeltachta

Beidh fianaise maidir le líomhaintí ciaptha gnéis á tabhairt ag Bláthnaid Ní Chofaigh an láithreoir teilifíse mór le rá as Gaeltacht Ráth Chairn ag éisteacht phoiblí den Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Fianaise maidir le líomhaintí ciaptha gnéis le tabhairt ag láithreoir teilifíse Gaeltachta

Maíonn dlíodóirí an chraoltóra Bláthnaid Ní Chofaigh go ndearnadh ciapadh gnéis agus íospairt uirthi agus í ag obair do RTÉ. 

Beidh fianaise maidir leis na líomhaintí á tabhairt ag an láithreoir teilifíse as Gaeltacht Ráth Chairn ag éisteacht phoiblí an mhí seo chugainn. 

Faoi ordú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ní ainmneofar na daoine a bhfuil na coireanna á gcur ina leith.

Tá a gearán déanta ag Bláthnaid Ní Chofaigh in aghaidh an chraoltóra náisiúnta faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, agus í ag líomhnú go ndearnadh idirdhealú uirthi le ciapadh le linn mhí Iúil 2019 agus go ndearnadh íospairt uirthi ina dhiaidh sin. 

Ag réamhéisteacht, dúirt abhcóide an chraoltóra, Mairéad McKenna BL, go raibh na líomhaintí ar fad in aghaidh RTÉ, á séanadh ag an gcraoltóir. 

Tuairiscíodh ar an Irish Times gur iarr an t-abhcóide más éisteacht phoiblí a bheadh ann go dtabharfaí treoir nach n-ainmneofaí na daoine a bhfuil na líomhaintí curtha ina leith. 

Dúirt sí go mbeadh RTÉ ag iarraidh go dtabharfaí treoir do na meáin chumarsáide nach n-ainmneofaí aon duine a raibh líomhaintí á gcur ina leith, fiú dá dtarlódh go n-ainmneofaí de thimpiste iad le linn na héisteachta. 

D’aontaigh Breiffni O’Neill, an t-oifigeach breithnithe, leis an nós imeachta sin. 

Ní raibh Bláthnaid Ní Chofaigh i láthair ag éisteacht an lae inné agus bhí a habhcóide Claire Bruton BL, ann ar a son agus í á teagasc ag Ailbhe Moloney ó Dhlíodóirí Arthur Cox.

Dúirt an tAbhcóide Claire Bruton nach raibh “fadhb ar bith” aici leis an treoir nach n-ainmneodh an preas na daoine a raibh na coireanna á líomhnú ina gcoinne ach dúirt sí gur theastaigh ó Bhláthnaid Ní Chofaigh “go rachfaí ar aghaidh leis an éisteacht go poiblí”.

Dúirt Bruton gur ainmníodh triúr i dtuarascáil imscrúdaithe inmheánaigh agus go bhfuil duine amháin acu sin “i mbéal an phobail”.

Dúirt an breithneoir go gcaithfí cuid de na rudaí a líomhnaítear a dúradh i ndiaidh dreas fótagrafaíochta a éisteacht ag seisiún príobháideach.

Dúirt an tAbhcóide Bruton go ndearnadh íospairt ar a cliant agus gur “cuireadh i leataobh í san oifig” tar éis di an scéal sin a ardú. 

Dúirt Abhcóide RTÉ, Mairéad McKenna go raibh a macasamhail d’imeachtaí ar bun maidir leis an Ard-Chúirt sa chás. Dúirt an tAbhcóide Bruton gur rialaigh an Chúirt Achomhairc cheana go bhféadfadh cás díobhálacha pearsanta agus fiosrúchán reachtúil faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta dul ar aghaidh ag an am céanna.

Dúirt Bruton go mbeadh beirt nó triúr finnéithe eile á ngairm aici féin chomh maith le Bláthnaid Ní Chofaigh, agus go dteastódh trí huaire ar a laghad uathu le fianaise dhíreach a thabhairt. 

Tá cúig seachtaine tugtha don dá thaobh chun aighneachtaí scríofa a chur ar fáil agus é i gceist an cás a éisteacht i dtrí lá ag deireadh an Mheithimh. 

Fág freagra ar 'Fianaise maidir le líomhaintí ciaptha gnéis le tabhairt ag láithreoir teilifíse Gaeltachta'