Feicim fós an laoch óg maorga ón saol ‘dubh agus bán’

Bhí cúpla pictiúr daite de Harry Gregg ag dul le scéal a bháis ar na nuachtáin, ach ba dhubh agus bán a bhí a mbunáite agus sin mar ba chóir

Feicim fós an laoch óg maorga ón saol ‘dubh agus bán’

Tá sé blianta fada anois ó bhí bean an tí agus duine nó beirt de na gasúir ag breathnú ar shean-ghriangrafanna a bhí aici dá muintir agus di féin – a mbunáite tógtha san am den saol nach mbíodh ceamara ach amháin ag duine sa gcéad. Bhí na hógánaigh faoi gheasa ag a raibh le feiceáil – an t-éadach a bhí ar a gcuid sinsear, cosúlachtaí a bhí siad a thabhairt faoi deara idir a nglúin féin agus na glúine a chuaigh rompu, mianach na ngluaisteán agus na rothar agus mar sin de.

Bhí go leor de sin ag dul amú ar an té ab óige nach raibh ach cúig nó sé ag an am, ach nuair a dúnadh an leabhar ba óna bhéal siúd a tháinig an cheist a fhanann i m’intinn fós os cionn cúig bliana fichead dár gcionn. ‘Cén fáth a mba dubh agus bán a bhí chuile ní nuair a bhí tusa ag éirí aníos, a Mhama?’ a deir sé.

Tugadh ré an duibh agus an bháin chun cuimhne dom arís an tseachtain seo caite le bás Harry Gregg, iarchúl báire Manchester United agus duine den bheagán a tháinig slán nuair a maraíodh plúr imreoirí an chumainn sa tragóid i München seachtain tar éis Lá‘l Bríde 1958. Chinn ar an eitleán éirí den talamh agus iad ag filleadh abhaile tar éis an bua a bheith faighte acu ar Red Star Belgrade i gCorn na hEorpa.

Bhí cúpla pictiúr daite do Gregg a tógadh agus é éirithe as an imirt ag dul leis an scéal ar na nuachtáin agus na scáileáin teilifíse a d’fhógair a bhás, ach ba dhubh agus bán a bhí a mbunáite.

Sin mar ba chóir a bheith freisin, go háirithe ag aon duine a bhfuil fáil ar ghrianghraif díobh féin atá ar an dul céanna. Cinn dhubha agus bhána ar fad a tógadh de na laochra atá agamsa agus ag mo chomhaoiseanna – Christy Ring, Mick Mackey, Seán Purcell, Ronnie Delaney, peileadóirí na Gaillimhe a bhuaigh na Trí Chraobh as a Chéile agus a leithéidí.

Tá iarrachtaí a deineadh ar chruth nua-aimseartha a chur ar chuid acu sin feicthe agam. Gan teip, is mó de mhillteanas ná de leas a bhíonn de bharr a leithéid d’iarracht. Lonradh mar a bheadh rian den bhogha ceatha ag soilsiú timpeall a n-imill mar a bhíodh ar na pictiúir bheannaithe a dhíoltaí ag na Misiúin fadó – cleachtas eile a bhain leis an saol ‘dubh agus bán’.

Ar feadh dhá scór bliain ba aige féin a choinnigh Harry Gregg go leor den chuimhne a bhí aige ar thragóid München nó gur chas sé ar mhuintir agus ar chlann a chomrádaithe ag an ócáid chomórtha i 1998. Ní hé nach raibh scéal a chuid crógachta ar eolas faoin eachtra inar maraíodh ochtar acu sin agus cúig dhuine dhéag eile, ní raibh sé cloiste óna bhéal féin gur scríobh sé scéal a shaoil cúig bliana ina dhiaidh sin arís.

Go dtáinig sin ba dhaoine eile a d’eachtraigh an chaoi ar mhéadaigh sé poll i dtaobh an eitleáin a thug bealach amach dó – poll a ndeachaigh sé isteach tríd arís nuair a chuala sé páiste ag screadach sa gcnámharlach. Tharrtháil sé an leanbh agus a máthair. Bobby Charlton agus Dennis Voillet an chéad bheirt eile a tháinig ina bhealach – leath díobh amuigh as an smionagar agus an leath eile istigh. Rug sé i ngreim beilte ar an mbeirt acu agus tharraing chun bealaigh 20 méadar tríd an sneachta iad ar fhaitíos go bpléascfadh a raibh timpeall orthu.

Nuair a d’fhág an t-eitleán an rúidbhealach bhuail sé faoi theach agus ansin sciorr isteach in áit stórála a bhí lán le bairillí breosla. Thosaigh siadsan ag pléascadh de réir a chéile.

Níor chuir sin féin Gregg dá bhuille agus é ag iarraidh a theacht ar an gcara ba mhó a bhí aige ar an bhfoireann, Jackie Blanchflower as Béal Feirste. Sular aimsigh sé eisean tháinig sé trasna ar a bhainisteoir Matt Busby sínte i bpáirc. Chuir sé oiread cóire air siúd agus ab fhéidir. Gar de láthair chonaic sé Blanchflower ina luí i lochán sneachta a bhí leáite ag teas na tine. Bhí Roger Byrne, a raibh a bhean chéile ag súil le páiste tite i mullach Blanchflower – eisean básaithe.

Bhí Blanchflower ag éagaoineadh le pian – níorbh iontas agus a lámh ionann is stróicthe dá cholainn. Bhain Gregg de a charbhat agus rinne iarracht sruth na fola a mhaolú.

Leoraí guail a thug Gregg, Busby, Blanchflower, Charlton, Viollet agus Bill Foulkes chun ospidéil. I gcónraí cláir a tháinig Geoff Bent, Roger Byrne, Eddie Colman, Duncan Edwards, Mark Jones, David Pegg, Tommy Taylor agus Liam Whelan abhaile.

Blianta dár gcionn agus mé sa taobh sin tíre thug mé m’aghaidh ar an Windsor Hotel i bPort Stíobhaird i dTuaisceart Éireann, an t-óstán a cheannaigh Harry Gregg nuair a d’éirigh sé as an imirt. Ní raibh sé istigh.

Tá mé chomh sásta céanna anois nach raibh.

Dá mbeadh is maith an seans gur cuimhne ar sheanfhear liath, deargleicneach a raibh léine ildaite agus geansaí gailf air a bheadh inniu agam.

Ina áit sin feicim laoch óg maorga, a lámha fillte trasna an gheansaí muineál póló agus scamaill dhubha dhorcha Old Trafford ar a chúl. Sin nó é ag déanamh eascann de féin agus é ag léim trasna an chúil ag an Stretford End.

Fág freagra ar 'Feicim fós an laoch óg maorga ón saol ‘dubh agus bán’'