Fear le cúlra coiriúil atá cláraithe mar Phoblachtánach gafa i bhfiosrúchán buamaí

Cesar Sayoc Jr., fear 56 bliain as Aventura, Florida, an té a bhfuil amhras ann go raibh baint aige le seoladh pacáistí ina raibh buamaí píopa chuig daoine aitheanta i measc lucht cáinte Donald Trump

Fear le cúlra coiriúil atá cláraithe mar Phoblachtánach gafa i bhfiosrúchán buamaí

Tá an té atá gafa mar gheall ar an bhfeachtas buamála i gcoinne daoine aitheanta i measc lucht cáinte an Uachtaráin Donald Trump ainmnithe ag lucht slándála.

Cesar Sayoc Jr.,  fear 56 bliain as Aventura, Florida, an té a bhfuil amhras ann go raibh baint aige le seoladh na  bpacáistí go dtí Barack Obama, Hillary Clinton, Joe Biden agus daoine mór le rá eile a bhfuil an cháil orthu a bheith ag cáineadh Trump.

Tuairiscítear go bhfuil cúlra coiriúil ag Cesar Sayoc agus go bhfuil ceangal aige le ceantar Nua-Eabhrac agus gur gabhadh cheana é as bagairt buamála a dhéanamh. Tá coireanna tromchúiseacha, coireanna  gadaíochta agus caimiléireachta luaite le Sayoc agus tuairiscítear go bhfuil sé cláraithe mar Phoblachtánach.

Dúirt Kevin Cooper, Poblachtánach sinsearach as Miami, nárbh aon chomhartha sóirt ar an bpáirtí gníomh aon fhear amháin

Tuairiscíodh chomh maith ar maidin gur sháinnigh póilíní veain bhán a bhí breac le greamáin ag léiriú tacaíochta don Uachtarán Trump.

Aimsíodh dhá ghaireas pléascach eile maidin inniu, ceann a seoladh go dtí an Seanadóir de chuid an pháirtí Dhaonlathaigh Cory Booker agus ceann eile a seoladh go dtí James R. Clapper, iarstiúrthóir ar an tslándáil náisiúnta.

Thángthas ar 12 gaireas pléascach ar fad ó Dé Luain seo caite ar seoladh sa phost iad chuig daoine sa pháirtí Daonlathach agus daoine eile a fhéachtar orthu mar chuid d’fhreasúra Trump.

I gclúdaigh mhóra litreach a bhí fíorchosúil lena chéile a seoladh na gairis go dtí Barack Obama, Joe Biden, Hillary Clinton, an feisire Maxine Waters, an t-iar-ard-aighne Eric Holder, John Brennan, iarstiúrthóir an C.I.A. an t-aisteoir Robert De Niro agus an billiúnaí agus fear tacaíochta de chuid na nDaonlathach George Soros. Seoladh dhá phacáiste chuig an gcainéal nuachta CNN agus tuairiscítear go raibh greamán ar an veain bhán ag cáineadh an chainéil.

Bhí ainm an pholaiteora de chuid na nDaonlathach Debbie Wasserman Schultz ar chúl na gclúdach litreach go léir agus aon litir nárbh fhéidir a sheachadadh le seoladh ar ais chuici.  Bhí ainm Wasserman Schultz, ball tofa i ndeisceart Florida, litrithe mícheart. 

Tá an fiosrúchán ag díriú ar lárionaid phoist in Florida, go háirithe ceann in Opa-locka in aice le Miami.

Dúirt an tUachtarán Donald Trump, ar cáineadh cheana é mar gheall go bhfuair sé locht ar na meáin nuair a tháinig scéal na bpacáistí chun solais, tráthnóna gur “gníomhartha déistineacha sceimhlitheoireachta” a bhí i gceist agus nach raibh “aon ghlacadh leo” i Meiriceá.

Fág freagra ar 'Fear le cúlra coiriúil atá cláraithe mar Phoblachtánach gafa i bhfiosrúchán buamaí'