Fear Gaeltachta maraithe i gcogadh na hÚcráine

Chuaigh Finbar Cafferkey, as Acaill, chun na hÚcráine le déanaí chun páirt a ghlacadh sa chogadh in aghaidh na Rúise

Fear Gaeltachta maraithe i gcogadh na hÚcráine

Tá fear as Gaeltacht Mhaigh Eo i measc na marbh i gcogadh na hÚcráine.

Dheimhnigh muintir Finbar Cafferkey, arbh as Acaill dó, gur maraíodh é in oirthear na hÚcráine agus é ag troid le fórsaí na tíre sin in aghaidh na Rúise.

Ba as an gCaiseal in Acaill, do Finbar Cafferkey.

Chuaigh Finbar Cafferkey, a bhí sna daichidí, chun na hÚcráine le déanaí chun páirt a ghlacadh sa chogadh in aghaidh na Rúise. Ghlac sé páirt roimhe sin sa chogadh in aghaidh ISIS sa tSiria.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta maraithe i gcogadh na hÚcráine'