Fear Gaeltachta a tugadh chun an ospidéil ar héileacaptar tarrthála tar éis bháis

Tá comhbhrón déanta ag Sinn Féin le muintir Sheáin Máirtín Báicéir, a bhí ina bhall gníomhach den pháirtí sin

Fear Gaeltachta a tugadh chun an ospidéil ar héileacaptar tarrthála tar éis bháis

Tá fear 63 bliain d’aois as Corca Dhuibhne a tugadh go hOspidéal Ollscoile Chorcaí ar héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta inné tar éis bháis.

Bhásaigh Seán Máirtín Báicéir, ó Bharra an Choimín Bhaile na nGall, san ospidéal, mar ar tugadh é nuair a thit sé de dhréimire.

Bhí dhá otharcharr, Gardaí Cósta Dhairbhre agus an Daingin agus Héileacaptar Tarrthála 115 na Sionainne ar an bhFeothnach inné i ndiaidh na timpiste.

Ina measc siúd a dhein comhbhrón lena mhuintir agus a léirigh ómós dó, bhí an Teachta Dála Pa Daly agus an t-iarTheachta Dála Martin Ferris, baill de Shinn Féin beirt.

Bhí Seán Máirtín Báicéir gníomhach sa pháirtí sin.

Seán Máirtín Báicéir le Martin Ferris

Dúirt Pa Daly ar a leathanach Facebook gur “cara dílis” ab ea Seán Máirtín agus gurbh “an-chailliúint” é. “Fear uasal” agus “fíorphoblachtánach” ab ea é, a dúirt an Teachta Dála do Chiarraí.

Deir Martin Ferris go raibh a chroí briste faoin scéal agus gur “chomrádaí iontach” a bhí i Seán Máirtín.

“Cara maith agus poblachtánach dílis de chuid Chiarraí a bhí ann. Aon duine againn a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air, braithfimid uainn go mór é,” arsa Martin Ferris.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta a tugadh chun an ospidéil ar héileacaptar tarrthála tar éis bháis'

  • Seán Mac Gearailt

    Beannacht Dé lena anam uasal.
    Fear Gaelach bailithe leis ró óg ???

  • Roibeard Ó hEartáin

    Comhbhrón ó chroí lena bhean agus a mhuintir ar fad – fear maith caillte againn.