Fear Chamais i measc Laochra Spóirt na Gaillimhe 2016

Bronnfar an gradam ar Sheán Breathnach don cheathrú huair as ucht na ngaiscí a rinne sé sa chaitheamh meáchain anuraidh

Fear Chamais i measc Laochra Spóirt na Gaillimhe 2016

INPHO/James Crombie

Ainmníodh lúthchleasaí Chamais, Seán Breathnach, ar dhuine de Laochra Spóirt na Gaillimhe 2016 an tseachtain seo. Is é seo an ceathrú huair a bhfuil an gradam lúthchleasaíochta, a bhronnann an páipéar Connacht Tribune, buaite ag Breathnach.

Bhí sárbhliain ag an gcaiteoir meáchain in 2016 agus craobhacha na hÉireann buaite aige i gcomórtais faoi dhíon agus faoin aer.

Ag deireadh mhí Feabhra, d’éirigh le Breathnach curiarracht 25 bliain a shárú le caitheamh 18.16m ag na craobhacha náisiúnta faoi dhíon. Níorbh ansin ach a chéad ghaisce i mbliana, áfach, mar cúpla seachtain ina dhiaidh sin, sháraigh sé an churiarracht chéanna le caitheamh 18.26m caite i gcomórtas eile.

Anuas air sin, d’éirigh leis an chraobh caite meáchain faoin aer a bhuachan i rith an tsamhraidh.

Tá trí ghradam buaite ag foireann rugbaí Chúige Chonnacht agus bliain den scoth acu in 2016. Bronnfar ar na Connachtaigh gradam ‘Foireann na Bliana’ agus is ar a mbainisteoir Pat Lam a bhronnfar gradam ‘Cóitseálaí na Bliana’. Captaen na foirne John Muldoon atá roghnaithe mar ‘Imreoir na Bliana’.

Bronnadh gradaim All-Star ar David agus Daithí Burke anuraidh agus tá aitheantas á thabhairt arís dóibh. Tá ‘Iománaí na Bliana’ buaite ag David agus gradam ‘Gaisce’ buaite ag Daithí as ucht a  thaispeántas le hiománaithe na Gaillimhe agus peileadóirí Chora Finne. Imreoir eile de chuid Chora Finne, Ciarán McGrath, a thug leis gradam ‘Peileadóir na Bliana’.

Roghnaíodh Siobhán McGrath mar ‘Imreoir Camógaíochta na Bliana’ agus thug Niamh Duggan léi gradam ‘Imreoir Pheil na mBan na Bliana.”

Bronnfar na gradaim uile ag ócáid in Óstán Chuan na Gaillimhe ar an 4 Feabhra.

Fág freagra ar 'Fear Chamais i measc Laochra Spóirt na Gaillimhe 2016'