Fear as Dún na nGall a maraíodh i Ros an Mhíl ainmnithe

Bhásaigh Terry Toland, as Ráth Mealtain i nDún na nGall, i ndiaidh eachtra ina bhfuair sé buille sa cheann ó threalamh oibre

Fear as Dún na nGall a maraíodh i Ros an Mhíl ainmnithe

Tá an fear as Dún na nGall a maraíodh inné i dtimpiste a tharla agus é ag obair ag Calafort Ros an Mhíl i gConamara ainmnithe.

Bhásaigh Terry Toland, as Ráth Mealtain i nDún na nGall, i ndiaidh eachtra ina bhfuair sé buille sa cheann ó threalamh oibre le linn dó a bheith ag obair ar phontúin a chur i bhfearas ag an gcalafort. Tugadh chuig Ospideál Ollscoile na Gaillimhe é i ndiaidh na heachtra agus ba ann a fógraíodh a bhás.

Tá láthair na timpiste á scrúdú inniu ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. Thug urlabhraí ón Údarás le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon eolas breise faoin eachtra le tabhairt acu agus nach fios cén fhad a mhairfidh an fiosrúchán.

Gortaíodh fear eile san eachtra chomh maith, ach tuigtear nach bhfuil aon bhaol báis air de thoradh na ngortuithe a bhain dó.

Tuairiscítear go raibh Terry Toland sna daicheadaí luatha agus go raibh triúr clainne air.

Fág freagra ar 'Fear as Dún na nGall a maraíodh i Ros an Mhíl ainmnithe'