Fear ar maíodh é a bheith san IRA ciontaithe as beirt bhuachaillí a éigniú

Dúradh sa chúirt gur tharla na coireanna a rinne Séamus Marley i ‘dteach sábháilte de chuid na bpoblachtánach’ i gContae Lú i dtús na 1990idí

Fear ar maíodh é a bheith san IRA ciontaithe as beirt bhuachaillí a éigniú

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu, gearradh seacht mbliana príosúin ar Shéamus Marley, fear 45 bliain d’aois ar maíodh sa chúirt a bhí ina bhall den IRA é, as beirt bhuachaillí a éigniú nuair a bhí siad sna déaga.

Dúradh sa chúirt gur tharla na coireanna i ‘dteach sábháilte de chuid na bpoblachtánach’ i gContae Lú i dtús na 1990idí.

Neamhchiontach a phléadáil Marley, a thug Cúirt Belfield i Stigh Lorgan i ndeisceart Bhaile Átha Cliath mar sheoladh.

Mhair an triail sé lá agus bhí an giúiré ar aon fhocal faoin mbreith – go raibh Marley ciontach i sé chúiseamh ionsaí gnéasach agus dhá chúiseamh éignithe.

Ghearr an Breitheamh Paul McDermott roinnt téarmaí príosúnachta, seacht mbliana san iomlán ar Marley.

Dúirt an tAbhcóide Sinsearach Patrick Gageby ar son an ionchúisimh go raibh an bheirt déagóirí ina gcónaí i dteach mór ar le ‘poblachtánach dílis’ é agus go mbíodh an teach á úsáid mar ‘theach sábháilte’.  Dúradh sa chúirt go dtugtaí óglaigh chun an tí i rith na hoíche agus go bhfanaidís ansin ar feadh cúpla lá nó cúpla seachtain.

Dúirt an Bleachtaire Garda Séamus Nolan go raibh Marley ar dhuine de na haíonna sa teach i dtús na 1990idí agus gur chuir an teaghlach fáilte roimhe. Is sa teach sin a rinneadh na hionsaithe gnéis orthu a dúirt na fir.

Bhí buachaill amháin ina chodladh ina leaba nuair a dhúisigh sé agus Marley á éigniú. Bhagair Marley air gan é a insint d’aon duine murar theastaigh uaidh ‘go bhfaighfí a chorp ar bhóthar cois teorann’.

Thug Marley alcól don déagóir eile agus rinne sé ionsaí gnéis air roinnt uaireanta. D’éignigh sé é i bpuball in aice an tí uair eile.

Rinne an bheirt fhear a d’fhulaing ráitis tionchair íospartaigh sa chúirt. Dúirt fear amháin gur chaith sé 27 bliain faoi ‘bhrat éadóchais ag féachaint thar a ghualainn’ ach gurb í a bhean agus a chlann a shaol feasta.

Dúirt an fear eile go raibh teach na n-ionsaithe le taobh na reilige ach gur fhoghlaim sé féin ‘gur mheasa dúinn an beo ná na mairbh’. Dúirt sé  ‘gur chreach Marley é agus go ndearna sé grúmaeireacht, mí-úsáid agus éigniú air ’ agus gur loit sé a shaol.

D’fhág an ísle brí in ospidéal é ach ba nuair a d’iarr sé cabhair ar an gComhairleoir de chuid Shinn Féin, Pearse McGeough, a thuig sé go raibh sé ‘ina aonar’ agus gur ‘á gcosaint féin a bhí lucht na cumhachta’.

Dúirt sé gur mheasa strus na cúirte de bharr na ‘scéalta a bhí á gcumadh’ ach dúirt sé ‘má insíonn duine an fhírinne go n-éistfidh duine éigin ar deireadh’.

Dúirt an fear go raibh grá aige dá mhuintir agus nach orthusan an locht faoi ionsaithe Marley. Ghabh sé buíochas lena bhean chéile as a tacaíocht agus ghabh sé a leithscéal léi nach raibh sé ina chéile níos fearr di.

Ba é seo an chéad uair riamh ar ciontaíodh Marley, arb as Béal Feirste dó ó dhúchas. Bhí litir os comhair na cúirte ó thréadaí Marley inar dúradh gur ‘Críostaí iontach’ a bhí ann a raibh ‘spiorad na carthanachta’ ann.

Níor gabhadh riamh é, a dúradh, mar gheall ar aon bhaint a bheith aige le díormaí paraimíleatacha.

Fág freagra ar 'Fear ar maíodh é a bheith san IRA ciontaithe as beirt bhuachaillí a éigniú'