Fear a raibh cúig chúis d’ionsaithe ró-mhígheanasacha curtha ina leith faighte neamhchiontach

I gcúirt chuarda Leitir Ceanainn tráthnóna thug an giúiré a mbreith go raibh an cúisí neamhchiontach i ngach ceann de na cúig chúis a bhí curtha ina leith

0003db95-642-1

Fuarathas neamhchiontach i gcúirt chuarda Leitir Ceanainn inniu fear a raibh cúig chúis d’ionsaithe ró-mhígheanasacha ar fhear óg 15 bliain d’aois curtha ina leith.

Timpeall leath uair tar éis a cúig tráthnóna d’fhill an giúiré ar an gcúirt agus thug a mbreith go raibh an cúisí neamhchiontach i ngach ceann de na cúig chúis a bhí curtha ina leith.

Chualathas na hargóintí deireanacha ón dá thaobh sa chás inniu. Líomhnaíodh gur tharla na hionsaithe idir 1 Feabhra 2001 agus an 4 Meitheamh 2001 ar láthair i nDún na nGall.

Dúirt Patricia McLaughlin, abhcóide an Stáit, go raibh sé dochreidte go mbeadh eolas ag an ghearánaí ar leagan amach theach an chúisí mura raibh sé ann, agus dúirt sí gur léirigh a chuid eolais ar na seomraí agus an troscán iontu go raibh sé sa teach go cinnte.

Dúirt sí go raibh an gearánaí lánchinnte go ndearnadh na hionsaithe seo air nuair a bhí sé 15 bliain. Finné iontaofa agus inchreidte é, a dúirt sí, agus mioneolas aige fá shaol an fhir atá cúisithe. Dúirt sí nach raibh sa ghearánaí ag an am a líomhnaítear gur tharla na hionsaithe ach gasúr a raibh saol deacair aige agus a bhíodh ag ól go trom. Ní dhearna sé na deacrachtaí sin a cheilt, a dúirt sí.

Dúirt abhcóide an chúisí, Cormac Ó Dúlacháin, nach raibh sé de dhualgas ar an gcúisí fianaise a thabhairt é féin. Dúirt sé go raibh an gearánaí éiginnte faoi amanna agus faoi dhátaí agus gur athraigh sé dátaí le linn a fhianaise. Dúirt sé nach raibh an fhianaise ag tacú le scéala an ghearánaí gur bhuail sé leis an chúisí mar gheall ar chara leis a bheith ina chónaí in aice leis. Dúirt a chara nach raibh aithne acu ar a chéile go dtí samhradh 2001.

Dúirt an tUasal Ó Dúlacháin nach raibh fianaise ann go mbíodh an cúisí ag ól i dteach tábhairne áirithe ná go mbíodh sé ag bualadh ann leis an ghearánaí.

Dúirt sé nach raibh fianaise ar bith cloiste ó iar-úinéir an tí tábhairne go mbíodh an cúisí ag ól ann ar chor ar bith. Ní fhéadfaí an gearánaí a chreidbheáil, a dúirt an t-abhcóide, mar nach raibh cúis ag an ghearánaí dul go teach an chúisí ar na dátaí i 2001 a bhí á lua leis an scéal. Bhí barraíocht den amhras ag baint leis an scéal leis an chúisí a chiontú, a dúirt sé.

I ndiaidh trí cheathrú uaire d’argóintí, labhair an Breitheamh Francis Comerford leis an ghiúiré agus thug míniú agus treoir dóibh faoin dlí.

Ní cúirt í seo a bhaineann le cúrsaí morálta, a dúirt sé, ach le cúrsaí dlí. Bhí an gearánaí sa chás seo ina íospartach i gcás eile ionsaithe gnéis inar phléadáil fear eile ciontach as an chúisí agus as daoine eile a ionsaí. Fear leochaileach é, ach chaithfí an cás a mheas bunaithe ar na fíricí agus ar an fhianaise a bhaineann leis agus ní fhéadfadh amhras a bheith ann faoi na fíricí ná faoin fhianaise sin.

Dúirt sé go gcaithfí gach ceann den chúig chúis a bhí curtha i leith an chúisí a mheas ann féin le go bhféadfaí a rá gur tharla na hionsaithe agus gur tharla siad ar na dátaí a luadh leo.

Thug an Breitheamh achoimre ar an fhianaise, ag rá go ndúirt an gearánaí go raibh cúpla mí idir cuid de na hionsaithe ach nach bhféadfadh sé bheith cruinn nó cinnte faoi dhátaí.

Dúirt an Breitheamh go gcaithfeadh an giúiré a bheith cúramach sa chás seo – go raibh 14 bliain caite ón uair a líomhnaíodh a tharla na hionsaithe, rud a rinne an scéal níos deacra don dá thaobh.

Thug an Breitheamh rabhadh láidir faoin éiginnteacht maidir le hamanna agus dátaí sa chás agus dúirt sé go gcaithfí a bheith iontach cúramach faoi seo.

Chuaigh an giúiré as an seomra cúirte lena machnamh a dhéanamh ar an gcás ag 12:35 ar maidin.

Roimh a ceathair a chlog tráthnóna, d’fhill an giúiré agus d’iarr siad fianaise an ghearánaí agus fianaise fhinné eile sa chás a chluinstin arís. Dúirt siad go raibh ceisteanna ag baill den ghiúiré faoi dhátaí agus amanna i gcuid den fhianaise. Seinneadh taifeadadh fuaime de chuid d’fhianaise an ghearánaí agus fianaise an fhinné eile arís sa chúirt.

Go gairid ina dhiaidh sin, thug an giúiré a mbreith go raibh an cúisí neamhchiontach i ngach ceann de na cúig chúis a bhí curtha ina leith.