Feachtas dúshlánach eile roimh thrúpaí na hÚcráine

Tá líon an n-ionsaithe ar an talamh á laghdú ag na Rúisigh agus tá feachtas na nÚcránach ar tí tosú

Feachtas dúshlánach eile roimh thrúpaí na hÚcráine

Thart ar dhá mhí ó shin bhí na Rúisigh ar tí cathair Bakhmut in oirthear na hÚcráine a thimpeallú tar éis ocht mí d’ionsaithe brúidiúla. Bhí dul chun cinn suntasach déanta ag an gcomplacht gallóglach Wagner sa chathair agus bhí trúpaí aerbheirthe de chuid Arm na Rúise tar éis talamh a ghabháil siar ón gcathair ar na cliatháin ó thuaidh agus ó dheas. Agus 90% de cheantar uirbeach na cathrach gafa, tá sí faoi sheilbh na Rúiseach a bheag nó a mhór anois ach d’éirigh leis na hÚcránaigh a gcuid trúpaí a choinneáil sa chathair agus gan iad a bheith timpeallaithe. Rinne siad cosaint ar na línte soláthair isteach sa chathair ar na cliatháin agus sa chaoi sin bhí siad in ann moill a chuir ar dhul chun cinn Wagner.

Bhí sé mar sprioc acu an fód a sheasamh chomh fada agus ab fhéidir chun an líon is mó trúpaí Rúiseacha a mharú agus a ghortú ionas go mbeadh an t-am acu ullmhú le haghaidh feachtas frithionsaithe a sheoladh. Ní fhéadfar measúnú ceart a dhéanamh ar straitéis na nÚcránach sa chathair go dtí go mbeidh an feachtas sin thart.

Feachtas ionsaithe na Rúise

Cé nach féidir measúnú a dhéanamh ar straitéis na nÚcránach is féidir feachtas na Rúiseach a mheas. Trí mhí ó shin sheol siad feachtas ionsaithe nua fud fad na líne coimhlinte sa Donbas chun seilbh a ghlacadh ar an gcuid eile de chúige Donetsk agus Luhansk.

Bhí na hionsaithe dírithe ar chúig phríomhais; Kupyansk san oirthuaisceart, Kreminna, Bakhmut, Avdiivka agus Vuhledar san oirdheisceart. D’éirigh leo in Bakhmut, bhí siad in ann stráice talún a ghabháil timpeall Avdiivka agus Kreminna, níor éirigh leo mórán dul chun cinn a dhéanamh timpeall Kupyansk agus tugadh greadadh dóibh in Vuhledar.

Meastar nár ghlac siad seilbh ach ar thart ar 100 ciliméadar cearnach de thalamh na hÚcráine san fheachtas nua go dtí seo. Chun an méid talún sin a chur i gcomhthéacs, tá thart ar 12,000 ciliméadar cearnach de chúige Donetsk fós faoi sheilbh na nÚcránach. Gach seans nach mbeidh na Rúisigh in ann iarracht mhór eile a dhéanamh chun an chuid eile den Donbas a ghabháil go dtí go bhfuil feachtas frithionsaithe na nÚcránach, atá ar na bacáin, thart.

Mar a luaitear go minic, tá níos mó roghanna ag na Rúisigh ná mar atá ag na hÚcránaigh fós.

  • Is féidir leo leanúint leis na hionsaithe, ar scála beag, fud fad na líne coimhlinte chun brú a choimeád ar na hÚcránaigh.
  • Is féidir leo díriú ar an gcosaint agus iad ag súil le feachtas na nÚcránach.
  • Is féidir meascán den dá straitéis thuasluaite a chur i gcrích; díriú ar an gcosaint go príomha ach leanúint le hionsaithe ar scála beag sna háiteanna ina bhfuil dul chun cinn déanta acu.
  • Is féidir leo stop a chur leis an ionradh agus cuma na maitheasa a chur ar an dul chun cinn sa chogadh go dtí seo. Ach, seachas roinnt plé a rinne úinéir Wagner ar an ábhar le déanaí, níl comharthaí ar bith go bhfuil fonn orthu tarraingt siar óna gcuid spriocanna.

Tá líon na n-ionsaithe Rúiseacha ar an talamh tar éis titim ó thart ar 200 in aghaidh an lae go dtí níos lú ná 100, comhartha go bhfuil an chéad chéim de dhá chéim thábhachtacha den chogadh ag druidim chun deiridh.

Sa deisceart tá na línte cosanta á ndaingniú acu agus tá trí líne chosanta ar domhain acu in áiteanna. In áiteanna eile tá níos mó saighdiúirí acu ar an líne choimhlinte ná mar a bhí anuraidh. Ina theannta sin tá siad tar éis tancanna, a bhí coimeádta i dtaisce, a thochailt i dtrinsí chun cur leis na cosaintí. Anuas air sin, tá diúracáin agus scairdtrodairí á seoladh acu níos gaire don líne choimhlinte seachas iad a úsáid chun áiseanna de chuid bhonneagar na hÚcráine a ionsaí.

Frithionsaithe na nÚcránach

Cé go bhfuil na Rúisigh ag tarraingt siar ar líon na n-ionsaithe ar an talamh, tá comharthaí ann go bhfuil na hÚcránaigh ag ullmhú don fheachtas frithionsaithe sna láithreacha cogaidh anois. Tá líon na n-ionsaithe ar áiseanna agus trealamh cogaíochta leictreonaí na Rúise tar éis ardú díreach mar a tharla roimh na frithionsaithe in Kharkiv agus Kherson anuraidh. Tuairiscítear freisin go bhfuil siad tar éis stráice beag talún a athghabháil ar bruach thoir abhainn an Dnipro timpeall Kherson le déanaí.

Tá ullmhúcháin eile á ndéanamh sa chúlra, i bhfad ón líne choimhlinte chomh maith. Tá trealamh míleata nua á fháil acu seachtain i ndiaidh seachtaine ó thíortha an iarthair agus tá a gcuid trúpaí ag filleadh ó ionaid traenála san iarthar. Ach tá dúshláin mhóra eile rompu fós:

  • Caithfidh siad a chinntiú go mbeidh soláthairtí sliogán agus diúracán acu sula dtéann siad i mbun catha. Ní gan dua a bheidh siad in ann an dúshlán sin a shárú. De réir na faisnéise a sceitheadh le déanaí níl a ndóthain diúracán frith-aerárthaí acu agus mura bhfaigheann siad iad beidh sé thar a bheith deacair acu ceannas san aer a shéanadh ar na Rúisigh.
  • Beidh orthu trúpaí agus trealamh míleata a bhogadh go dtí na láithreacha cogaidh agus iad a chomhchruinniú faoi choim gar don líne ionsaithe. Beidh buntáiste de shaghas éigin acu le teacht an tsamhraidh ach má fhaigheann na Rúisigh ceannas san aer beidh siad i bhfíorbhaol. Fiú mura n-éiríonn leis na Rúisigh ceannas san aer a fháil beidh na hÚcránaigh i mbaol ionsaithe ó dhiúracáin agus dróin na Rúise.
  • Ní mór do cheannasaithe Úcránacha a bheith in ann trúpaí a spreagadh agus ceannaireacht a thabhairt chun briseadh trí línte cosanta na Rúiseach agus an deis a thapú le bogadh chun tosaigh chun níos mó talún a athghabháil. Bíonn níos mó scileanna ceannaireachta ag teastáil chun trúpaí atá ar an ionsaí a spreagadh ná mar a bhíonn agus iad ar an gcosaint.

Cé gur féidir measúnú a dhéanamh ar an gcéad dá dhúshlán thuasluaite ní bheidh a fhios ag na hÚcránaigh go bhfuil sé ar chumas a gcuid ceannasaithe feachtas dúshlánach a chur i gcrích go dtí go mbeidh an feachtas féin faoi lán seoil. Cinnte cuireadh oiliúint ar roinnt oifigeach sinsearach sa Ghearmáin chun a leithéid d’fheachtas a sheoladh ach tá éiginnteacht áirithe fós ann faoina gcumas.

Le linn an fheachtais chun na Rúisigh a dhíbirt ó bhruach thiar Abhainn an Dnipro theip orthu mórán dul chun chinn a dhéanamh agus bhí orthu ceannaire an fheachtais a bhriseadh as a phost tar éis na chéad mhíosa. Murach na hionsaithe HIMARS seans nach dtarraingeodh na Rúisigh amach thar an abhainn. Fiú nuair a bhí a fhios acu go raibh siad ag tarraingt siar níor thapaigh an ceannaire nua an deis iad a choinneáil faoi shíorionsaí.

Cé gur éirigh go han-mhaith leis na hÚcránaigh ag tús an fheachtais chun an Rúisigh a dhíbirt ó chúige Kharkiv agus cé gur léirigh cuid de na ceannasaithe na scileanna atá riachtanach chun frithionsaí ar scála mór a chur i bhfeidhm, bhí an ghaoth imithe as a seolta nuair a bhí an deis acu na Rúisigh a dhíbirt níos faide soir.

Achoimre

Tá líon an n-ionsaithe ar an talamh á laghdú ag na Rúisigh agus tá feachtas na nÚcránach ar tí tosú. Ach tá deacrachtaí acu le soláthairtí sliogán agus diúracán frith-aerárthaí go háirithe. Ní rachaidh siad i mbun catha go dtí go mbeidh réiteach acu ar na deacrachtaí sonracha sin. Feicfear laistigh de mhí nó dhó an mbeidh na hacmhainní agus na scileanna acu chun frithionsaithe cinniúnacha a sheoladh. Mura n-éiríonn leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh sna hionsaithe sin, b’fhéidir go mbeadh drogall ar chuid de thíortha an iarthair tuilleadh acmhainní míleata a chur ar fáil dóibh le haghaidh frithionsaithe ar scála mór arís.

Fág freagra ar 'Feachtas dúshlánach eile roimh thrúpaí na hÚcráine'