Tá ráite ag Státrúnaí an Tuaiscirt James Brokenshire gur faoi pháirtithe an Tuaiscirt agus ní faoi rialtas na Breataine atá sé réiteach a fháil ar cheist an Achta Gaeilge agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.
I litir a scríobh sé chuig an iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir, litir atá feicthe ag Tuairisc.ie, déanann Brokenshire cur síos ar dhearcadh Rialtas na Breataine faoi cheist na Gaeilge, an dris chosáin is mó roimh athbhunú thionól Stormont.
Dúirt Brokenshire go bhfuil freagracht áirithe ar Rialtas na Breataine maidir le haitheantas a thabhairt do mhionteangacha agus go ndéantar sin trí chiste craoltóireachta a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ultais, ach gur faoi pháirtithe Stormont amháin atá sé féachaint chuige go gcuirtear seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil.
“However, as you know, the majority of the responsibility for promoting languages, including Irish, in Northern Ireland is the responsibility of the devolved administration, and in an effort to respect the devolved settlement in Northern Ireland the UK government has not sought to over-ride the Assembly’s powers in this area,” a dúirt an Státrúnaí Brokenshire.
Dúirt Brokenshire an méid sin agus freagra á thabhairt aige ar litir ó Mháirtín Ó Muilleoir, litir inar tharraing an ball tofa tionóil de chuid Shinn Féin aird ar an easpa seirbhísí i nGaeilge ó na ranna rialtais atá faoi chúram Rialtas Westminster, Oifig Thuaisceart Éireann ina measc.
Dúirt Ó Muilleoir le Tuairisc.ie gur údar “náire” freagra Brokenshire.
“Tá Rialtas na Breataine ag séanadh a dhualgais faoi Chairt na hEorpa agus faoin Chomhaontú. Ba chóir go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar fáil ó gach roinn agus áisíneacht atá faoina chúram. Díol náire fosta ar ndóigh go ndeachaigh siad siar ar an ghealltanas i gComhaontú Chill Rímhinn Acht Gaeilge a thabhairt isteach.
“Cad é an mhaith a bheith ag iarraidh ar an DUP meas a léiriú don Ghaeilge nuair atá comhghleacaithe s’acu i Rialtas na dTóraithe ag caitheamh go maslach leis na teanga.”
Dúirt Ó Muilleoir ina litir chuig an Státrúnaí gur léir nach raibh an meas céanna ag Rialtas na Breataine ar an nGaeilge is atá acu ar an mBreatnais agus gur “deacair idirdhealú a dhéanamh idir polasaí Rialtas na Breataine agus an DUP maidir leis an Ghaeilge”.
Mhaígh Ó Muilleoir go raibh “cosc iomlán ar an Ghaeilge” ag Oifig Thuaisceart Éireann, ag an gCoimisiún Toghchánaíochta, ag oifigí cánach agus ag an ngníomhaireacht teorann.
“Beidh a fhios agat, ar ndóigh, gur thug Rialtas na Breataine geallúint faoi Chomhaontú Chill Rímhinn go dtabharfadh siad chun tosaigh Acht Gaeilge. Níor tharla sin ach, san idirlinn, ní dhearna do rialtas iarracht ar bith seirbhísí Gaeilge a sholáthar,” a scríobh Máirtín Ó Muilleoir.
Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Brokenshire gur athdhearbhaigh Rialtas na Breataine a dtacaíocht don Ghaeilge i gComhaontú Stormont agus i gComhaontú an ‘Tús Nua’ agus go raibh an t-athdhearbhú sin ag teacht leis an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
Dúirt sé, áfach, gur faoi pháirtithe Stormont a bhí sé teacht ar chomhaontú maidir le ceist na Gaeilge atá ina bac sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont.
“Clearly, issues of respect for and the promotion of, minority languages in Northern Ireland are important to many people from all communities. It is essential, therefore, that all the parties use the opportunity provided by the current phase of talks to restore devolution and devise an agreed way forward on issues such as the Irish language.
“Ultimately, it is for Northern Ireland’s political parties to find a way to make this work, and in so doing build a stronger, shared society based on respect for everyone,” a scríobh James Brokenshire, Státrúnaí Thuaisceart Éireann ina litir a bhí dátheangach
AnRógaire
Cheapas nár theastaigh ó Shinn Féin go mbeadh rialtas na Breataine ag cur a ladar i ngóthaí an oileáin seo?
Breathnóir
Go bhfios dom níor chas fear na gContaetha Briste leis an Dream Dearg go fóill, in ainneoin a gcuid iarrachtaí bualadh leis. Is mór an náire é an freagra seo uaidh. Go bunúsach tá sé ag rá nach ndéanfaidh na Sasanaigh faic, agus é láneolach nach bhfuil lucht an DUP sásta géilleadh ´oiread is orlach´ maidir le ceist na teanga. Ba cheart do Ghaeil na tíre ar fad tacú le Gaeil na 6 chontae; ba mhó an cuidiú sin ná freagraí glice do leithéidse, a Rógaire.
Críostóir
Más rud é go bhfuil an litir dátheangach, dé chuis go bhfuil an leagan Béarla in úsáid agaibh anseo?
Seán Mag Leannáin
Is ródhócha go mbíonn siad sna trithí gáire ag féachaint ar throid na mbó maol/Gael.