FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tá an reilig lán le hirisí liteartha Gaeilge, cuirimis fáilte roimh Aneas

Moltar sa mhír rialta seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tá an reilig lán le hirisí liteartha Gaeilge, cuirimis fáilte roimh Aneas

Is fíorannamh go mbíonn caoi againn ar fháilte a chur roimh iris nua liteartha Ghaeilge. Go deimhin, tá an reilig lán díobh. Tuigim go bhfuil deireadh le Bliainiris a mbíodh tathag agus aoibhneas ann agus a thug oscailt do scéalaithe, d’fhilí agus do lucht aistí a scríobh. Is trua sin, óir is méar eolais é an iris liteartha ar a bhfuil ar siúl, ar a bhfuil á scríobh, agus ar mhachnamh reatha na teanga. Is í an fhadhb a bhíonn aici ná a glam a chloisint sa chlaisceadal ginearálta foilsitheoireachta in éamais aitheantas scríbhneora aonair amháin, ná seasamh pribhléideach genre seachas a chéile.

Díolaim shubstaintiúil éagsúil ar chuma Bliainiris ba ea Scríobh a foilsíodh in 70í agus in 80í na haoise seo caite, agus d’fhreastail An Aimsir Óg ar an scríbhneoireacht agus ar an tuairimíocht reatha araon go solasmhar. Go  deimhin, tá scéalta thairis amuigh ansin go bhfuil sí fós ag feitheamh agus ag faire agus nuair a thiocfaidh a huain, beidh sí chugainn arís. Filíocht ba mhó ba chúram d’Innti fad a mhair, agus tionscnamh cróga misniúil ba ea An Guth, leanbh caithiseach Rody Gorman, a chuir filí Éireann agus Alban ag cabaireacht le chéile, agus arís nach bhfuil aon chúis nach leanfadh seachas easpa suime agus léitheoirí.

Chuige sin an fháilte chroíúil roimh Aneas: Belles Lettres as Gaeilge atá go díreach ar an bhfód ó Ionad Litríochta an Deiscirt (Southward Editions €10) agus é curtha in eagar go slachtmhar ealaíonta ag Simon Ó Faoláin.

Cad tá ann mar sin? Filíocht is mó mar a thuigfí ó shainspéis an eagarthóra, ar file nótálta é féin, agus ó stiúrthóir an Ionaid, Patrick Cotter. Pé duine a chum an frása ‘na gnáthamhrasáin’, is lánoiriúnach maidir le filí aitheanta na Gaeilge é sa chás seo. Ní hé gurb amhras a bheadh ort ach a mhalairt, mar tá Nuala anseo, agus Cathal, agus Gabriel, agus Louis, fara Áine (Ní Gh; Uí Fhogh; Moyn), Philip, Rody, Ailbhe,Colm (B), Ceaití, Ciara (Ní É), Paddy Bushe, An Ruarcach Mícheál, An Mac Conghaileach Marcus, an tUallach Peadar, an Cinnéideach Dairena, an Colm eile (Ó Ceallacháin) agus Caitríona Ní Chléirchín. Éigse Éireann a déarfaí, nó go leor den sean, den mheán, den nua, den óige agus den idir eatarthu a léireodh a bhfuil ar siúl inár measc ar urlár an lae seo. Dán amháin an duine a ceadaíodh, de dhealramh, ach sin í an laincis a éilíonn iris theoranta.

Míníonn an t-eagarthóir gur trí chuireadh a fuarthas ‘an chuid is mó den ábhar’, ach go bhfuil súil aige ‘go mbeidh glaoch oscailte’ á dhéanamh aige don tarna heagrán. Ní mhaím air a bháite is a bheidh.

Tá Cathal Ó Searcaigh i gcroílár na hirise chomh maith, sa mhéid is go bhfuil aiste léirmheasa chuimsitheach íogair ag Máirín Nic Eoin ar chnuasach filíochta Chathail Crann na Teanga/The Language Tree ina bhfuil aistriúcháin mháistriúla Bhéarla le Paddy Bushe. Maidir leis na haistriúcháin chéanna, deir sí gur ‘ghá alt ar leith a scríobh lena gceart a thabhairt dóibh, ach ba leor a rá anseo go mbeadh sé deacair ar aon duine na haistriúcháin’ seo a shárú. Cuireann sí béim faoi leith ar ghuth liriciúil Chathail agus ar thábhacht lárnach an dúchais ina shaothar, ach léiríonn go bhfuil níos fairsinge ná sin. Is maith, leis, go ndéanann sí tagairt don ‘smál a lean a chlú’ tar éis an scannáin éagóraigh teilifíse a déanadh air, agus don tslí ar bhain sé casadh as an dúshlán sin chun teacht as mar fhile.

Mura bhfuil Biddy Jenkinson anseo mar fhile, tá go láidir mar scéalaí. An Bleachtaire Pádraig Ó Duinnín ar ais ag réiteach fadhbanna pósta agus gach cor á bhaint aige as an teanga dhiamhair nathannach a thiomsaigh sé ina ghlac-a-bhfaighir d’fhoclóir. Shílfeá gur scéal léanmhar faoin gcóivid atá in ‘Cnámha’ Réaltáin Uí Leannáin ar a thús, ach tá i bhfad níos bíogúla ná sin; agus tá gearrscéal le Liam Ó Flaithearta a d’aistrigh Micheál Ó Conghaile ón mBéarla, agus atá go díreach le fáil anois arís sa leabhar Rogha Scéalta a mbeidh trácht againn air ar ball, ach iad ar fad a léamh.

Maidir le haistí de, tá trácht ag Róisín Ní Ghairbhí ar Scáil an Scéil le Mícheál Ó Siochrú, cnuasach filíochta atá bunaithe ar an sárleabhar béaloideasa Leabhar Sheáin Uí Chonaill. Má tá tú róleisciúil filleadh ar an leabhar sin, d’oirfeadh duit an fhilíocht a léamh, agus treoir mhacánta thuisceanach is ea an aiste seo. Tá léirmheas, leis, ar leabhar deiridh Joe Steve Uí Neachtain, an cnuasach gearrscéalta An Diabhal Déanta.

Mura bhfuil go leor anseo duit, beidh caoi agat dul amach go dtí na pubanna nuair a osclóidh siad, agus nuair a scaoilfear isteach tú.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tá an reilig lán le hirisí liteartha Gaeilge, cuirimis fáilte roimh Aneas'