Bhítí ag gearán, agus bítear fós, go mbíonn an t-oideachas ‘múinteoir-lárnach’, nó pé píosa béarlagair atá san fhaisean faoi láthair le tabhairt le fios gurb ón oide a thagann fios gach feasa sa rang. Agus, cnáimhseáil chaointeacháin eile a dhéantar, nach bhfuil an t-eolas áitiúil i lár na foghlama. Níor ghá go díreach ar son go dtagann na teoiricí sin ó intinn oideachasóra go mbeadh siad iomrallach, ach mar a tharlaíonn, sa chás seo tá. Ach is cinnte nach raibh maidir leis an bhfeachtas samhlaíoch a dtugtaí ‘Scéim na Scol’ air.
Is é a bhí in ‘Scéim na Scol’ ná iarracht mhór fhuinniúil inar iarradh ar pháistí scoile scéalta agus seanchas a bhailiú óna dtuismitheoirí, nó óna seantuismitheoirí, nó ó chomharsana ina gceantar féin. Feachtas comhoibritheach ba ea é idir Coimisiún Béaloideasa Éireann agus An Roinn Oideachais (gan Scileanna) idir 1937 agus 1939 agus inar bailíodh 20 tonna de scríbhinní ó 50,000 scoláire a bhí ag freastal ar bhreis agus 5,000 scoil sa stát. Tá roinnt de thoradh na hoibre sin ar fáil i leabhair agus i bhfoilseacháin éagsúla cheana, agus b’fhéidir gurbh fhearr nach bhfeicfí é go léir.
Tá de bhua faoi leith ag An Chaora Ghlas agus scéalta eile as Seanadh Farracháin le hAilbhe Nic Giolla Chomhaill (Leabhar Breac €15.00) go dtugann sé cuntas soiléir simplí neamhchas ar Scéim na Scol, ar a cúlra, ar a cur i bhfeidhm, agus conas a tras-scríobhadh an t-ábhar ó pheann na ndaltaí go leabhar mór an mhúinteora ina bhfuil an taifead oifigiúil anois. Fairis sin, tá cur síos ar éagsúlacht na scéalaithe agus ar an gcineál ábhar a bailíodh, agus arb iad na ‘seanscéalta’ is mó is cás leis an leabhar seo.
Ba as Seanadh Farracháin i nDúiche Sheoigheach do mháthair an údair, rud a thugann toise phearsanta don leabhar agus is léir an tsuim ghrámhar sin siar síos. Aithneoidh duine ar bith a d’airigh scéal ar bith uair ar bith cuid de na scéalta seo ina gcruth áitiúil éagsúil seo, mar is é sin a dhéanann an scéal go minic, cló faoi leith nó éagsúil a chur uime féin de réir duine, ama agus ceantair.
Díol spéise, mar sin, an plé ciallmhar a dhéantar ar na scéalta féin agus ar cuid thábhachtach den leabhar iad. Tá dhá leagan den scéal a aithnítear mar ‘Cinderella’ anseo, ach tá chomh fada ó na deartháireacha Grimm agus ó Walt Disney féin is a shamhlófá. Gabhann Ailbhe i mbun tuairimíochta fara na húdair mhóra a chuaigh sáite i léann an bhéaloidis. Fág go bhfuilimse féin amhrastúil go leor faoi chuid de na tuairimí síceolaíochta a thochlaíonn na saoithe seo aníos as an bpoll modartha inar thuismigh siad, is ábhar machnaimh iad sholas agus dhoircheacht i gcónaí iad.
Déarfainn nach raibh a fhios agat gur ‘siombalachas gnéasach’ is ea an bhróg in Cinderella, mar a mhaígh duine díobh? Ní raibh agamsa ach an oiread. Anois duit, cuirfidh an méid sin ag léamh tú!
Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: ‘Cinderella’ na Gaeilge seachas Walt Disney agus go leor eile ar fáil i leabhar nua seanscéalta'