Dea-chaint is gliceas a chuirfeas faoi gheasa thú

Pictiúrleabhar don duine fásta é Sadhbh, ceann eile sa tsraith thaibhseach seo dár seanscéalta nua-chóirithe ó Leabhar Breac

Dea-chaint is gliceas a chuirfeas faoi gheasa thú

Sadhbh
Darach Ó Scolaí
Maisithe ag Alé Mercado
Leabhar Breac

Tá na hoícheanta fada, cúrsaí an tsaoil mhóir gruama gangaideach agus údar gáire ag teastáil go dóite. Tá sin agam duit ó Leabhar Breac, ceann de na leabhair sin a gcéasann tú an comhluadar le ‘fan go gcloise tú an ceann seo’ gach re meandar. Sadhbh mo luibh duit nó Ceasacht Iníon Ghuile mar a thugtaí ar an scéal tíriúil barrúil seo, leagan ón séú haois déag.

Bainfidh chuile bhean agus aon duine eile a aithníonn stuaim is gaois ban sásamh ar leith as an gcraic seo mar tá Sadhbh nó Guile bheag críonna, glic agus a teanga ar a comhairle fhéin aici agus í breá ábalta beithé a dhéanamh d’óglaigh, d’ollúna agus den rí fhéin. Iníon í Sadhbh leis an bhfile Guile Átha Lóich, thíos in aice le Loch Léin agus mar is dual do na ceardaithe sin, véarsaíocht is ea cuid dá gcomhrá.

Dúluachair na bliana agus an aimsir ina ciseach, rug ráig throm sneachta ar an rí Féilimí agus a chuid fear agus capall agus iad i bhfad ó lóistín le flaith fhial éigin. Ba é Guile, a raibh gearradh file ina theanga, ba ghaire dóibh agus ó b’fhearr leath ná meath, is ar a dhún a thugadar a n-aghaidh.

Má bhí doicheall ort riamh roimh chuairteoirí a tháinig gan iarraidh, tuigfidh tú do Ghuile bocht, sínte go sásta ar a leaba agus rí agus a chuid sclamhairí préachta ag teacht agus goineadh ocrais orthu. Tuigeann tú don tsiobáil a bheadh le déanamh, an t-urlár a scuabadh, luachair ghlan a scaipeadh agus plaic éicint a chuartú. Fan go mblaisfidh tú biachlár Ghuile bheag! Ní raibh deilí ná greim gasta oscailte!

Fiú 500 bliain ó shin nuair a bhíodh fear i sáinn, d’fhágadh sé faoi bhean é a  fhuascailt. Sheol sé Sadhbh amach le fáilte a chur roimh Rí Mumhan agus caint a choinneáil leis go mbeadh an dream istigh réitithe. Mise á rá leat má bhí “mórnáire” ar an mbruinneall dul faoi dhéin na bhfear, gurbh ise a bhí in ann acu. Dea-chaint is gliceas a chuirfeas faoi gheasa thú.

Aon iníon a bhfuil a hathair fós aici, tá geasa ag Sadhbh oraibh – ná cráigh do Dheaide faoina chuid ban, roinn leis aon saibhreas atá agat má theastaíonn siad uaidh, agus ná séan do chuid foghlama air!

Is aoibhinn liomsa na mionsonraí fánacha a chuireann nádúr sa seanchas, an chaoi ar chorraigh Guile sa leaba, cuirim i gcás. Is fiú an leabhar a fháil ar mhaithe leis an hainmneacha iontacha meafaracha atá ag Sadhbh ar a bhfuil istigh sa dún agus a gcuid tréithe, bíodh sin duine, ainmhí nó éan. Tá 99 focal ar amhailt anseo don fhoilsitheoir atá i dtiúin leis an zeitgest!

Tá neart eile nach millfidh mé ort sa scéal iontach seo ach tá ardú croí agus mórtas teanga san abarthacht, an deise labhartha, agus an t-imeartas focal a leanas.

Mar bharr ar na buanna teanga agus grinn, más duine thú a mbeadh sórt faitíos ort roimh Ghaeilge chraicneach an tseanchais, níl aon chall imní duit, scéal nach bhfuil fada é atá lán le comhrá agus tá caint ag na pictiúir féin sa leabhar seo! Más nós leat an t-aireachas, oscail ceann de na pictiúir den sneachta i dtosach an leabhair agus beidh tú fhéin i do chalóg ag foluain thart ar Loch Léin. Alé Mercado, dearthóir grafaice, a rinne iad agus duine atá in ann ealaín a dhéanamh as triúr béinneach ag scaoileadh cnaipe sa sneachta, nach leor sin mar theistiméireacht!

Is mór is fiú an léarscáil de chúige Mumhan le linn ríogacht Fhéilimí mhic Criomhthainn le muid a threorú, ní áirím an t-eolas cuimsitheach a thugann an t-údar dúinn ar chúl an leabhair faoin leagan seo den scéal agus faoin rí Féilimí ó thaobh na staire dó.

Pictiúrleabhar don duine fásta é Sadhbh, ceann eile sa tsraith thaibhseach seo dár seanscéalta nua-chóirithe ó Leabhar Breac le leagan le d’ais leis an bpéire eile Deirdre agus Bláthnaid. Mar bharr ar na tíolacthaí eile uilig cloisim go bhfuil péire eile á ngor ag Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac dúinn. Go bhfága Dia againn é!

Nach iontach go bhfuil Leabhar Breac ag tabhairt deis do dhaoine fásta nach ollúna ná cartlannaithe muid blaiseadh a fháil de dhúchas, friotal, intleacht, gaois agus nádúr ár sinsir, sula ndearnadh íonghlanadh orainn le móiréis is sodar i ndiaidh uaisleacht bhréige a taibhsíodh le cúirteanna cois Thames. Slán go deo leis na leaganacha leanbaí gan anam de na scéalta breátha s’againn féin.

Fág freagra ar 'Dea-chaint is gliceas a chuirfeas faoi gheasa thú'