Fáinní Gaeilge speisialta le caitheamh ag Gardaí chun tabhairt le fios go bhfuil an Ghaeilge acu

Luaigh Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris roinnt tograí nua Gaeilge atá ag na Gardaí agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais sa Dáil inné

Fáinní Gaeilge speisialta le caitheamh ag Gardaí chun tabhairt le fios go bhfuil an Ghaeilge acu

Tá Fáinní Gaeilge speisialta coimisiúnaithe ag an nGarda Síochána a chaithfidh Gardaí a bhfuil labhairt na Gaeilge acu nó atá ag foghlaim na teanga.

Beidh fáinne óir speisialta ann do Ghardaí ar cainteoirí líofa Gaeilge iad agus beidh fáinne airgid uathúil ar fáil le caitheamh ag Gardaí atá ag foghlaim Gaeilge.

Tá an Garda Síochána ag obair le Conradh na Gaeilge ar an togara le cúpla mí anuas agus seolfar an togra i gceann roinnt seachtainí.

“Táimid an-eolach ar chearta teanga an phobail agus is é aidhm an Fháinne ná go mbeidh cainteoirí Gaeilge níos compordaí Gaeilge a úsáid le comhaltaí den Gharda Síochána,” arsa Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris. “Is é an Fáinne Gaeilge an t-aon suaitheantas a bhfuil cead ag comhaltaí é a chaitheamh.”

Dúirt Harris go raibh ranganna Gaeilge aonair á ndéanamh aige féin roimh an bpaindéim agus go raibh sé i gceist aige tosú ar an bhfoghlaim arís ina diaidh.

Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh go mbeadh Gaeilge éigin aige “mar chomhartha measa agus cúirtéise” agus gur “údar náire” dó gan a bheith ábalta tús nó deireadh a chur lena chuid óráidí le cúpla abairt Gaeilge.

Luaigh an Coimisinéir Harris roinnt tograí nua Gaeilge eile atá ag na Gardaí agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais sa Dáil inné.

Dheimhnigh sé go mbeidh cúrsaí Gaeilge ar líne á gcur ar fáil do gach ball den Gharda Síochána sa tír i gcomhar le Gaelchultúr, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana. Forbrófar an chéad chúrsa a dhíreoidh ar fhoghlaimeoirí sna míonna amach romhainn.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana freisin, tá seirbhís ateangaireachta Gaeilge curtha ar fáil chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Dúirt an Coimisinéir Harris go bhfuil Gardaí curtha ar an eolas faoin tseirbhís chun orthu siúd atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Luadh freisin scéim ‘Laochra Gaeilge an Gharda Síochána’ atá bunaithe ag na Gardaí chun an Ghaeilge a chur chinn laistigh den eagraíocht. Dúirt Harris go mbainfear úsáid as an tionscnamh chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc chomhaltaí an Gharda Síochána.

Tugadh cuireadh don Choimisinéir teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt faoi theip an fhórsa cloí leis an reachtaíocht i dtaobh seirbhísí Gaeilge.

Baineann an sárú leis an dualgas atá ar an nGarda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais an mhí seo caite mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí in imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011.

Ghéill Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais inné go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa.

Fág freagra ar 'Fáinní Gaeilge speisialta le caitheamh ag Gardaí chun tabhairt le fios go bhfuil an Ghaeilge acu'

  • Eoghan Ó Néill

    Is moladh maith é sin, féar plé do Drew Harris!

  • Aodán Ó Sé

    Caoga bliain ó shin bhí an fáinne á chaitheamh againn I mBuíon Ghaelach an FCÁ (cúltaca an Airm) i gCorcaigh.

  • S. Mac Muirí

    Tá an togra le moladh 7 tá Drew Harris le moladh as a iarracht féin.