Ranganna Gaeilge le cur ar fáil do gach Garda sa tír

Tá na Gardaí i mbun cainte le Gaelchultúr maidir le cúrsaí Gaeilge a bhunú

Ranganna Gaeilge le cur ar fáil do gach Garda sa tír

Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá sé i gceist ag an nGarda Síochána cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do gach Garda sa tír.

I gcáipéisí a chur Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris ar fáil do Choiste Gaeilge an Oireachtais, leagtar amach cuid d’aidhmeanna an fhórsa i leith na Gaeilge. Ar cheann de na pleananna sin tá ranganna Gaeilge ar líne d’aon Gharda a mbeadh a leithéid uathu.

Tá na Gardaí i mbun cainte le Gaelchultúr maidir leis na cúrsaí a bhunú agus tá na cainteanna sin fós ag dul ar aghaidh. Meastar go mbeidh cúrsaí ann do bhaill a mbeadh leibhéil éagsúla Gaeilge acu.

Thug an Coimisinéir Harris le fios sna cáipéisí go bhfuil maoiniú ceadaithe cheana féin chun na cúrsaí a reáchtáil.

“Tá maoiniú díreach ceadaithe ag Acmhainní Daonna agus Forbairt Daoine d’oiliúint Gaeilge agus beifear ag comhoibriú Ie Gaelchultúr chun cúrsaí Gaeilge ar líne a chur ar fáil do phearsanra iomlán an Gharda Síochána,” a dúirt Drew Harris.

Tá sé i gceist ag Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge an Oireachtais an Ghaeilge sa Gharda Síochána a phlé a luaithe agus atá an obair atá ar bun acu faoi láthair i dtaobh an Bhille Teanga curtha i gcrích.

Tá cuireadh tugtha do Drew Harris teacht os comhair an choiste agus dáta cuí fós le socrú.

Is é an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, a mhol go dtabharfaí Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an choiste agus é ráite ag Daly go bhfuil ceisteanna le freagairt faoin “easpa oibre” atá á déanamh ag an eagraíocht i dtaobh Gardaí le Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo roimh na Nollaig nach bhfuil Gaeilge ach ag an tríú cuid de Ghardaí na Gaeltachta.

Léirigh na figiúirí nach raibh Gaeilge ach ag 35 den 101 Garda atá lonnaithe i 21 stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Ranganna Gaeilge le cur ar fáil do gach Garda sa tír'

  • Louisa Susanna MOSTERT

    Dia duit!
    I think this is an excellent idea! I live in South Africa and I am trying to learn Irish, but have not yet been able to find ANYBODY who is proficient in this language.
    Good luck
    Slán go fóill!

  • Antóin

    Ní mór caighdeán áirithe Gaeilge a bheith ag mic léinn le cur isteach ar chúrsa múinteoireachta bunscoile. Ní mór caighdeán áirithe mata a bheith ag mic léinn le cur isteach ar chúrsa innealtóireachta. Céard faoi cháilíocht iontrála Gaeilge a chur i bhfeidhm dóibh siúd atá ag smaoineamh ar dhul isteach sna Gardaí?

  • Séamas Mac Coitir

    Feictear dom nach mbeidh rí ná rath ar an gcúrsa maidir le múineadh na Gaeilge do gach garda sa tír. Tá caighdeán na Gaeilge i gcoitinne chomh híseal le bolg na péiste sa lá atá ann, agus is snámh in aghaidh easa a bheas ann a bheith ag iarraidh í a mhúineadh d’aon aicme sa tír seo is cuma cé hiad! Ní bheidh ann ach greann Chiarraí agus mugadh magadh gan dealramh! Is smaoineamh áiféiseach atá ann ó thús agus tá na seacht sraith ar an iomaire ag na gardaí faoi láthair ag plé le coireacht atá ardaithe as cuimse. Sin é mo scéalsa agus má tá bréag ann bíodh.