Fainic! Rabhadh soiléir ón gCúirt Uachtarach don Choiste um Chaiteachais Phoiblí

Cibé toradh a bheas ar chás Angela Kerins faoi dheireadh, tá cuid mhaith ráite cheana faoi ag breithiúna na Cúirte Uachtaraí

Fainic! Rabhadh soiléir ón gCúirt Uachtarach don Choiste um Chaiteachais Phoiblí

Is é an Coiste um Chaiteachais Phoiblí an coiste is láidre i dTeach Laighean, agus is suimiúla go minic.

Ar an gcéad dul síos, tá cumhacht reachtúil ag an gCoiste, nár tugadh do choiste ar bith eile, iachall a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt agus cáipéisí a chur ar fáil. Ar an dara dul síos, bíonn mórchaiteachas stáit faoi chaibidil agus na státseirbhísigh a bhíonn freagrach as sin á gceistiú ag comhaltaí an Choiste. 

Déanann an Coiste obair thábhachtach, agus tuairiscí an Ard-Reachtaire agus Iniúchóra á gcíoradh acu. Ach baineann Teachtaí Dála agus iriseoirí tairbhe as ar chúis mhór eile. Bíonn gnó á phlé gach seachtain beagnach a tharraingíonn conspóid, clamhsán agus aird na meán.

‘Is deacair ceannlíne ina bhfuil na briathra ‘milliúin’ agus ‘curtha amú’ a shárú,’ a dúirt iriseoir séimh leis an scríbhneoir seo roimh chruinniú amháin fadó.

‘Bí cinnte freisin go ndéarfaidh comhalta éigin roimh mheán lae gur cúis náire í an méid airgid a caitheadh ar rud éigin, nó an tslí inar caitheadh é, nó an fáth nár cuireadh stop le caiteachas iomarcach.

‘Fiosraítear ábhair thábhachtacha anseo. Cuirtear iachall ar státseirbhísigh caiteachas agus róchaiteachas a mhíniú. Bíonn a fhios acu nach gcaillfidh duine ar bith a phost riamh. Bíonn scéal breá ag na hiriseoirí de ghnáth, agus deis phoiblíochta ag comhaltaí an choiste. Sonas ar chaon taobh.’

Tá sé ráite sa cholún seo agus i dtuairiscí eile le tamall gur ábhar imní é stíl cheistiúcháin an Choiste, raon na gceisteanna a bheith á leathnú agus claonadh na gcomhaltaí tuairimí a nochtadh nach mbíonn bunaithe ar fhianaise. Bhí an claonadh sin follasach anuraidh agus finnéithe á gceistiú faoin scéim tástála ailse cheirbheacsach. Ba chosúil an ceistiú a rinne comhaltaí áirithe le ceistiú a dhéanfaí ar dhuine a bheadh os comhair cúirte ach gan fianaise a bheith ann ina choinne. Ná breitheamh i láthair chun rialacha agus cothrom na Féinne a choinneáil i bhfeidhm.

Ní bhaineann an míshásamh leis an gCoiste um Chaiteachais Phoiblí amháin, ach is iad cruinnithe an Choiste is mó a spreagann imní. Is follasaí an chúis leis sin, ó thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas Dé Céadaoin sa chás in aghaidh an Choiste a thug iarphríomhfheidhmeannach Rehab Angela Kerins.

Chaith Angela Kerins seacht n-uaire an chloig ag cruinniú den Choiste i mí Feabhra 2014. Dhiúltaigh sí freastal ar chruinniú eile toisc go raibh sí breoite. Rialaigh Coiste Cleachtais agus Pribhléidí an Oireachtais níos deireanaí go raibh fiosrú an Choiste ultra vires– is é sin le rá, nach raibh sé ag teacht le téarmaí tagartha an Choiste. Dhiúltaigh siad cead a thabhairt don Choiste iachall a chur ar Angela Kerins dul os a gcomhair arís.

D’eisigh an Chúirt Uachtarach réamhbhreithiúnas Dé Céadaoin. Éistfear le tuilleadh tuairimí ón dá thaobh (abhcóidí a labhróidh ar son an Choiste agus ar son Angela Kerins) ar an 8 Aibreán.

Cibé toradh a bheas ar an gcás faoi dheireadh, tá sé ráite go soiléir ag breithiúna na Cúirte Uachtaraí:

  1. Go raibh an Coiste um Chaiteachais Phoiblí ag feidhmiú taobh amuigh dá théarmaí tagartha agus Angela Kerins á ceistiú acu.
  2. Go bhfuil sé de cheart ag na cúirteanna éisteacht le saoránaigh a deir go ndearna coistí Oireachtais éagóir orthu.
  3. Gur féidir an tOireachtas mar institiúid a thabhairt os comhair cúirte gan cur isteach ar chearta chomhaltaí an Oireachtais.
  4. Go gcuirfí sa mheá in aon idirghabháil chúirte aon ghníomh a dhéanfaí san Oireachtas chun imeachtaí mídhleathacha coiste a shrianadh, rud is cosúil nach ndearnadh sa chás seo.
  5. Nach féidir Teachtaí Dála ná Seanadóirí a thabhairt chun cúirte mar gheall ar a ndúirt siad ag cruinniú coiste.
  6. Nach gcuireann airteagal 15 den Bhunreacht (ina bhfuil cosaint ar shaoirse agus ar chead cainte chomhaltaí an Oireachtais) cosc ar shaoránaigh dul chun cúirte maidir  le gearáin go ndearna coiste Oireachtais éagóir orthu.
  7. Nach sárú ar an scaradh cumhachtaí idir an tOireachtas agus na cúirteanna a bheadh ann dá rialódh an Chúirt go raibh a ndearna an Coiste um Chaiteachais Phoiblí i gcás Angela Kerins mídhleathach.

Níl deireadh ráite ag an gCúirt sa chás seo, ach tá éirim cuid a haon dá mbreithiúnas soiléir. Is féidir a thábhacht do gach coiste Oireachtais a achoimriú in aon fhocal amháin –  seachain!

Fág freagra ar 'Fainic! Rabhadh soiléir ón gCúirt Uachtarach don Choiste um Chaiteachais Phoiblí'