Tá léargas ar fáil in eolas nua atá faighte ag Tuairisc.ie ar cé chomh mór is atá TG4 ag brath ar chláir cheoil agus spóirt chun lucht féachana a mhealladh, agus ar a dheacra is a bhíonn sé ar an stáisiún daoine a mhealladh chuig cláir Ghaeilge eile.
D’iarr Tuairisc.ie ar TG4 liosta a chur ar fáil den 20 clár Gaeilge is mó lucht féachana a bhí acu in 2017, gan cláir cheol tíre, craoltaí beo spóirt nó cláir Bhéarla a chur san áireamh.
Leis an gceol traidisiúnta nó leis an spórt a bhain naoi gcinn de na deich gclár Gaeilge is mó lucht féachana nár chláir cheol tíre, craoltaí beo spóirt, nó cláir Bhéarla iad.
Ar na deich gclár sin bhí trí eagrán den tsraith faisnéise spóirt Laochra Gael agus trí eagrán de Fleadh TV 2017, clár ceoil a chuirtear i láthair beo i mBéarla agus i nGaeilge ó Fhleadh Cheoil na hÉireann.
Ar na cláir eile i measc na ndeich gclár is mó lucht féachana in 2017, bhí an clár faisnéise ceoil The Tulla Céilí Band, an clár faisnéise faoi ghortuithe i gcúrsaí spóirt Mending Legends agus an craoladh beo The 40th Annual Irish Post Awards 2017, craoladh ar ócáid Bhéarla a cuireadh i láthair go dátheangach.
Idir 52,000 agus 104,000 duine, ar an meán, a d’fhéach ar an 20 clár is mó lucht féachana sin in 2017.
Trí cinn de chláir faisnéise eile a bhí i measc an 20 clár is mó lucht féachana in 2017 nár chláir cheol tíre nó craoltaí beo spóirt iad, an seánra is rathúla clár ag TG4.
Ba iad na cláir sin Tunnel Tigers Thír Chonaill agus na cláir fhaisnéise cheoil Shaskeen, 40 Bliain Faoi Bhláth agus Val Doonican: An Fear a Shiúil go hArd .
Is iad na cláir eile a bhí ar an liosta ná na ceolchoirmeacha Seán Keane ag ceol, faoi dhó, an clár faisnéise Altan ag Ceol, eagrán den tsraith cheoil Geantraí agus dhá eagrán de Nuacht TG4.
Clár | dáta craoladh | Meán (000) | Buaic (000) | Aimsiú (000) | Sciar (%) |
---|---|---|---|---|---|
Laochra Gael | 23-04-17 | 104.6 | 132 | 170 | 11.9 |
Laochra Gael | 09-04-17 | 104.0 | 184 | 205 | 9.5 |
Mending Legends | 24-09-17 | 102.3 | 162 | 197 | 11.7 |
Laochra Gael | 16-04-17 | 97.3 | 131 | 150 | 9.2 |
Fleadh TV 2017 | 20-08-17 | 81.0 | 108 | 290 | 7.3 |
Fleadh TV 2017 | 18-08-17 | 77.6 | 115 | 317 | 6.6 |
Fleadh TV 2017 | 19-08-17 | 73.2 | 96 | 320 | 6.3 |
The Tulla Céilí Band | 17-03-17 | 69.5 | 82 | 181 | 5.0 |
The Tulla Céilí Band | 13-08-17 | 69.1 | 91 | 156 | 6.9 |
The Irish Post Awards 2017 | 23-11-17 | 68.5 | 116 | 252 | 5.8 |
Shaskeen, 40 Bliain Faoi Bhláth | 04-01-17 | 68.1 | 93 | 140 | 4.3 |
Val Doonican: An Fear a Shiúil… | 18-04-17 | 65.7 | 101 | 168 | 4.9 |
Gradam Ceoil TG4 2017 | 19-02-17 | 62.8 | 84 | 174 | 5.1 |
Tunnel Tigers Thír Chonaill | 02-08-17 | 61.8 | 77 | 157 | 6.5 |
Geantraí | 24-12-17 | 55.7 | 63 | 82 | 5.3 |
Seán Keane Ag Ceol | 09-04-17 | 55.7 | 67 | 127 | 5.1 |
Nuacht TG4 | 02-04-17 | 55.6 | 72 | 78 | 4.9 |
Seán Keane ag Ceol | 27-12-17 | 54.1 | 71 | 126 | 4.2 |
Nuacht TG4 | 09-04-17 | 53.0 | 62 | 72 | 5.0 |
Altan ag Ceol | 02-01-17 | 52.5 | 84 | 135 | 3.5 |
Dónall
Iontach maith. Is léar go bhfuil ag éirí go maith ag TG4 daoine a mhealladh. Caighdeán an-mhaith ar a gcláracha. Cláir atá déanta in Éirinn agus eiteas Uile-Éireann acu murab ionann agus RTÉ.