Tháinig ardú 17% ar an meán ar an gcoireacht sa Ghaeltacht idir na blianta 2019 agus 2024 de réir figiúirí atá foilsithe ag an bPríomhoifig Staidrimh.
Ba sa Sraith Salach i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí an t-ardú is mó ar an gcoireacht agus ardú 400% tagtha ar líon na gcoireanna a ndearnadh taifead orthu i Stáisiún Gardaí Shraith Salach – ach níl i gceist ansin ach ardú ó aon chion amháin in 2019 go ceithre chion in 2024.
Ba i nGob an Choire i nGaeltacht Mhaigh Eo a bhí an titim ba shuntasaí ar na figiúirí coireachta agus laghdú 56.7% tagtha ar líon na gcionta a ndearnadh taifead orthu sa stáisiún oileánda sin.
Stáisiún | 2019 | 2024 |
---|---|---|
Corcaigh | ||
Béal Átha an Ghaorthaidh | 60 | 105 |
Baile Mhúirne | 14 | 33 |
Port Láirge | ||
An Rinn | 19 | 26 |
Ciarraí | ||
Daingean Uí Chúis | 159 | 153 |
Baile an Fheirtéaraigh | 132 | 124 |
Gaillimh | ||
Cill Rónáin | 19 | 16 |
An Spidéal | 34 | 58 |
Indreabhán | 31 | 38 |
An Cheathrú Rua | 43 | 48 |
Leitir Móir | 18 | 14 |
Carna | 22 | 18 |
Ros Muc | 6 | 16 |
Maigh Cuilinn, | 38 | 73 |
Leacht Seoirse | 132 | 172 |
An Mám | 32 | 20 |
Sraith Salach | 1 | 4 |
Maigh Eo | ||
Oileán Acla | 30 | 13 |
Béal an Mhuirthead | 13 | 7 |
Gleann na Muaidhe | 6 | 17 |
Dún na nGall | ||
An Fál Carrach | 51 | 54 |
An Charraig | 15 | 18 |
Ard an Rátha | 26 | 27 |
An Clochán Liath | 89 | 103 |
An Bun Beag | 68 | 87 |
An Craoslach | 17 | 19 |
Ó thaobh líon na gcionta de, ba é Leacht Seoirse, atá sa cheantar oifigiúil Gaeltachta ar an Eachréidh i nGaillimh, a bhí ar bharr an liosta agus 172 cion ar an taifead sa stáisiún sin in 2024. Ba é Sraith Salach féin a bhí ag bun an liosta agus gan ann ach ceithre chion.
Bhí méadú mór ar líon na gcoireanna a taifeadadh in 2024 i stáisiúin Ghaeltachta eile i gConamara. 58 coir a taifeadadh i stáisiún an Spidéil in 2024 i gcomparáid le 34 in 2019.
16 coir a taifeadadh i stáisiún Ros Muc in 2024 i gcomparáid le sé cinn in 2019. Bhí ardú mór i gceist i Maigh Cuilinn chomh maith, ó 38 in 2019 go dtí 73 in 2024.
In nDún na nGall, 87 coir a taifeadadh sa stáisiún ar an mBun Beag in 2024 i gcomparáid le 68 in 2019.
Bhí ardú i gceist chomh maith sa dá stáisiún Gaeltachta i gCorcaigh. I mBaile Bhuirne rinneadh taifead ar 14 coir in 2024 i gcomparáid le 330 coir in 2019 agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh 105 coir a bhí i gceist in 2024 i gcomparáid le 60 in 2019.
Tá briseadh síos ar na cionta a ndearnadh taifead orthu i stáisiúin Gardaí na Gaeltachta curtha ar fáil ag Tuairisc ag an nasc seo.
Tugtar naoi gcineál ciona sna staitisticí ón bPríomhoifig Staidrimh: ionsaí/bagairt, buirgléireacht, damáiste coiriúil, tiomáint chontúirteach, drugaí, calaois, ord poiblí, robáil, agus goid. Tugtar eolas ginearálta faoi ‘chionta eile’ freisin.
Ba é an cion ba mhó a ndearnadh taifead air sa Ghaeltacht ná ‘ionsaí nó bagairt’. Taifeadadh 241 ionsaí nó bagairt sna 25 stáisiún de chuid an Gharda Síochána atá lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil. Ba i stáisiún an Chlocháin Léith i nDún na nGall a taifeadadh an líon is mó acu sin – 34.
Ba í an ‘robáil’ – is é sin tógáil maoine duine trí fhórsa a úsáid – an cion ba neamhchoitianta sa Ghaeltacht. Ní dhearnadh taifead ach ar 13 robáil sa Ghaeltacht in 2024, agus ní dhearnadh taifead ar robáil ar bith in 17 stáisiún de na 25 stáisiún Gaeltachta. Rinneadh taifead de dhá robáil sa Daingean, i mBaile an Fheirtéaraigh, ar an Mám agus sa Sraith Salach.
B’airde i bhfad na figiúirí don ghadaíocht. Is éard atá i gceist le ‘goid’ ná maoin duine a thógáil gan fórsa a úsáid.
Taifeadadh 195 eachtra gadaíochta sa Ghaeltacht in 2024 agus ba é Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne an áit ba mheasa agus 45 cás taifeadta ag Gardaí an Bhuailtín.
Anuas ar an robáil agus na heachtraí gadaíochta, rinneadh taifead de 65 cás buirgléireachta sa Ghaeltacht anuraidh. Is éard atá i gceist le buirgléireacht ná briseadh isteach i dteach nó i bhfoirgneamh eile le maoin duine eile a thógáil. Arís ba i mBaile an Fheirtéaraigh a bhí an líon is mó cionta i gcás na buirgléireachta agus 22 cás cláraithe ansin.
In ainneoin na bhfigiúirí arda gadaíochta agus buirgléireachta laghdú 6% a tháinig ar líon iomlán na gcoireanna a taifeadadh i stáisiún Bhaile an Fheirtéaraigh in 2024 i gcomparáid le 2019.
Bhí cionta in aghaidh an Achta um Ord Poiblí go hard ar liosta na gcionta sa Ghaeltacht freisin agus 198 cion den chineál sin ar an taifead sna 25 stáisiún Gaeltachta. Baile an Fheirtéaraigh is mó atá luaite leis an gcion seo freisin agus 49 cás ar an taifead ann. Ní dhearnadh aon taifead de chion sin an oird phoiblí i Sraith Salach.
Ba i gCorca Dhuibhne a bhí an méid is mó cionta a bhain leis an tiomáint chontúirteach freisin ach ní i mBaile an Fheirtéaraigh a taifeadadh formhór na gcionta áirithe sin. Rinne Gardaí Stáisiún Dhaingean Uí Chúis taifead de 17 cás den tiomáint chontúirteach anuraidh. Ní dhearnadh aon taifead den tiomáint chontúirteach sa Sraith Salach ná i nGob an Choire in Acaill.
Ó thaobh an damáiste choiriúil de, ba i Stáisiún Leacht Seoirse atá sa cheantar oifigiúil Gaeltachta ar an Eachréidh i nGaillimh a taifeadadh an líon is mó cionta anuraidh. Rinneadh taifead de 20 cion ann. Ní dhearnadh taifead dá leithéid sna stáisiúin gardaí i gCill Rónáin in Árainn ná i mBéal an Mhuirthead i Maigh Eo.
I Leacht Seoirse ar an Eachréidh ba mhó a taifeadadh cionta a bhain leis an gcalaois agus 23 cion den chineál sin ar an taifead ann. Ní dhearnadh aon taifead den chalaois i Leitir Móir i gCeantar na nOileán ná sa Sraith Salach.
Ainneoin gur tuairiscíodh anuraidh go raibh Conamara ar maos leis an gcócaon, ní raibh an oiread sin taifeadtaí ann de chionta drugaí i stáisiúin Gardaí Chonamara ná stáisiúin gardaí na Gaeltachta trí chéile.
Rinneadh taifead de 71 cion a bhain le drugaí in 2024 sa Ghaeltacht agus bhí 17 acu sin i nDaingean Uí Chúis. Ní dhearnadh taifead de chion drugaí ar bith i stáisiúin Ghaeltacht Mhaigh Eo.
Tá na staitisticí seo bunaithe ar choireanna a ndearnadh taifead orthu sna stáisiúin atá lonnaithe sna limistéir oifigiúla Ghaeltachta. Níor cuireadh san áireamh stáisiúin taobh amuigh den Ghaeltacht ach a bhíonn ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, dála Stáisiún Bhóthar na Trá i nGaillimh ná Stáisiún Bhaile Átha Buí i gcontae na Mí.
Ní áirítear sna figiúirí atá foilsithe ag an CSO marú, coireanna gnéis ná formhór na gcoireanna bóthair is tráchta.
Fág freagra ar 'Eolas nua ar fáil faoi rátaí coireachta sa Ghaeltacht le cúig bliana'