Eolas á lorg ag na Gardaí faoi threalamh costasach a goideadh ó chompántas drámaíochta Gaeilge

Meastar gur goideadh an trealamh de chuid an chompántais drámaíochta Branar ó Aerfort na Gaillimhe sa Charn Mór le linn na dianghlasála

Eolas á lorg ag na Gardaí faoi threalamh costasach a goideadh ó chompántas drámaíochta Gaeilge

Tá fiosrú ar bun i láthair na huaire ag na Gardaí sa Ghaillimh maidir le trealamh de chuid an chompántais drámaíochta Branar a chuaigh ar iarraidh ó Aerfort na Gaillimhe sa Charn Mór le linn na dianghlasála.

Tuigtear gur goideadh an trealamh a bhí in úsáid do mhórléiriú Gaeilge Gaillimh 2020 Sruth na Teanga ón aerfort am éigin idir an 16 Aibreán agus an 3 Iúil, nuair a cuireadh na Gardaí ar an eolas faoin trealamh a bheith ar iarraidh.

Scéal na Gaeilge a bhí á insint ag lucht Branar i Sruth na Teanga a bhí á léiriú i seanchríochfort Aerfort na Gaillimhe i mí an Mhárta sular chuir an coróinvíreas deireadh leis an seó.

Cuireadh ionad tástála don choróinvíreas tiomáin isteach ar bun san aerfort ag deireadh mhí an Mhárta agus bhí diansrianta i bhfeidhm maidir le daoine a bheith ag dul isteach agus amach as an láthair.

Cuireadh na Gardaí ar an eolas faoin trealamh a bheith ar iarraidh nuair a d’fhill lucht Branar ar an láthair ag tús na míosa seo. Tuigtear go bhfuil luach ard ar an trealamh atá ar iarraidh agus go raibh cuid de ar cíos ag an chomhlacht Branar.

I ráiteas a chuir na Gardaí ar fáil do Tuairisc.ie dúradh go bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoi eachtra gadaíochta in Aerfort na Gaillimhe a thuigtear a tharla idir an 16 Aibreán agus an 3 Iúil.

Dúradh go raibh “teilgeoirí agus trealamh ilmheán i measc an ábhair a goideadh”.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a  dhéanamh leis an stáisiún i nGaillimh ag 091- 538000.

Fág freagra ar 'Eolas á lorg ag na Gardaí faoi threalamh costasach a goideadh ó chompántas drámaíochta Gaeilge'