Tá cuid de na míreanna béaloidis is luaithe a thaifead Coimisiún Béaloideasa Éireann curtha ar fáil ar líne den chéad uair.
Tá idir scéalta, amhráin agus ceol san ábhar Gaeilge atá curtha ar fáil i mBailiúchán Fuaime Dúchas.ie, a seoladh ag ócáid i Músaem Litríochta na hÉireann inniu.
Baineann an t-ábhar atá curtha ar fáil go dtí seo le háiteanna i gcontaetha éagsúla – An Cabhán, An Clár, An Iarmhí, Ciarraí, Gaillimh, Liatroim, Loch Garman, Maigh Eo, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí.
I lár na 1950idí a taifeadadh an t-ábhar seo, tréimhse inar dhírigh an Coimisiún ar ábhar a bhailiú sa Ghaeltacht, go háirithe na ceantair Bhreac-Ghaeltachta a raibh an Ghaeilge ag dul i léig iontu.
Chomh maith le míreanna as áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge imithe ar fad ó bhéal na ndaoine nach mór, tá ábhar ann ó áiteanna amhail Árainn, Inis Oírr, An Blascaod Mór agus Iorras.
Chomh maith leis an ábhar fuaime nua, a bhfuil sé i gceist cur leis de réir a chéile, tá léarscáil ar shuíomh nua Dúchas.ie a dhéanann níos éasca é scéalta agus grianghraif a chuardach agus a aimsiú de réir áite.
Tá fáil ar an suíomh nua freisin ar chnuasach béaloidis Sheáin Mhic Mhathúna (John Mac Mahon) (1876-1949), bailitheoir béaloidis le Coimisiún Béaloideasa Éireann as an Luach Thuaidh, Dúlainn, Co. an Chláir. Ábhar é seo a bhaineann leis na 1930idí agus na 1940idí.
Líon Mac Mathúna go leor cóipleabhar le béaloideas na háite agus lena scríbhinní féin idir 1929-1947.
Is i nGaeilge atá an chuid is mó den ábhar agus deirtear gur “taifead tábhachtach ar chanúint atá nach mór imithe uainn anois” atá ann.
Bhailigh Mac Mathúna, fear nár phós riamh, stór béaloidis ó mhná ina cheantar dúchais féin. Bhailigh sé idir amhráin, scéalta agus eolas maidir le nósanna breithe, éadaí na mban agus obair na mban.
I measc an ábhair eile atá i gcnuasach Sheáin Mhic Mhathúna, tá cur síos ar thithe dúchais agus leigheasanna agus nósanna pósta. Pléitear chomh maith an bás agus an tinneas, bataí scóir, éide thraidisiúnta agus Lá Fhéile Mártain.
Tá bailiúchán ann leis de na seanscéalta fada a bhailigh sé ó scéalaithe amhail Seán Carún (Johnny Carey) as an Luach Theas agus Stiofán Ó hEalaoire (Stephen Hillary) a bhí ina chónaí i mBaile Uí Bháire agus i nDún na gCorr, beirt a raibh gaol ag Mac Mathúna leo.
Deir an Coimisiún gur chabhraigh saothar Mhic Mhathúna le caomhnú bhéaloideas agus thraidisiún scéalaíochta an Chláir agus gur “choinnigh sé taifead ar thraidisiún na Gaeltachta agus ar luachanna a phobail féin i dtuaisceart an Chláir…”
Agus cartlann fuaime nua Dúchas.ie, á seoladh aige, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, gur “cúis bhróid”
Dúchas.ie, togra “tábhachtach” a bhí “ag teacht faoi bhláth” agus a thugann léirmheas do phobal na tíre “ar an saibhreas cultúir agus teanga a bhí ag ár sinsir”.
Mhol Mac Cormaic foireann “ildánach” Dúchas.ie.
Tá ceithre bhailiúchán ar shuíomh Dúchas anois – an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ina bhfuil 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar a bailíodh ó 1932 agus a bhfuil dhá thrian de i nGaeilge; Bailiúchán na Scol, ábhar ó scoileanna i ngach ceann de na 26 contae a ghlac páirt i Scéim na Scol in 1937-39; an Bailiúchán Grianghraf ina bhfuil 13,000 grianghraf; agus an Bailiúchán Fuaime nua.
Cuireadh tús le Meitheal Dúchas.ie in Earrach 2015.
Tá breis agus 430,000 leathanach tras-scríofa go deonach ag baill na Meithle go n-uige seo.
Fág freagra ar 'ÉIST: Bailiúchán Fuaime seolta ar shuíomh nua Dúchas.ie'